AN BUACHALÁN BUIDHE AGUS AN NÓINÍN.
Do bhí buachalán buidhe agus nóinín ag fás
i ngort i n-aice a chéile. Nuair tháinig
an samhradh d'oscladh na blátha buidhe go
léir ar cheann an bhuachaláin, agus d'oscail
an nóinín a cuid duille beag bán fé sholas
na gréine. Ní raibh éin-teóra leis an meas
do bhí ag an mbuachalán air féin cé ná raibh
sé leath chomh deas leis an nóinín ná raibh
éin-mheas aici uirthi féin.
"Nach breagh uasal an luibh mise," ar
seisean, "i gcomórtas leis an ruidín beag
úd thíos," ag tagairt do'n nóinín.
Acht sar a raibh uain aige a thuilleadh a
rádh tháinig bó is sciob sí an ceann glan as.
Nuair chonnaic an nóinín soin:
"Á," ar sise, "ní fiú d'éinne éirighe i
n-áirde, dá mhéid a bhreaghtheacht agus a
áilne, mar ní heól dó an nóimeat do
mheallfar ar fad é."
Do mhair an nóinín féin gan bac ar feadh
an tsamhraidh.
An té is ciúine is é is buaine.
MAIGHRÉAD NÍ CHAOIMH.