Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Dubh 'na Gheal
Title
An Dubh 'na Gheal
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Dubh 'na Gheal Bhí sgata buachaillí ag dul ar an gCincgis, go Baile Mhúirne. Bhí Seághan Mháire Ní Thuathaigh ortha. Bhí árd-mheas aige ar an dhathamhlacht féin agus ar a dheis- bhéalaighe. Bhí an lá ana bhrothalach. Bhí tart ortha. Ag gabháil Cnuic an lubhair siar do chonncadar cailín agus bá aici dá gcrúdh. "Iarrfadsa deoch," arsa Seághan. "Ní baoghal go h-eiteóchaidh sí mise ar dheoch," ar seisean. "A chailín deas crúidhte na mbó," ar seisean, "tá ceathrar ógánach deaghlabhartha dathamhla deaghéadaigh, ag lorg dighe ort." D'fheuch sí ortha 'sa timcheall agus d'fheuch sí ar Sheághan. D'imthigh sí agus thug sí léi mórnán breágh mór agus únán an leamh- nachta agus sgeith amach dá bhruach, agus do shín sí chum Seághan é. D'osgail croidhe an fhir bhoicht chun an dighe. Do sháthaigh sé a bhéal 'sa mórnán, acht nuair chuadh a ghob síos tríd an únán is é rud abhí thíos roimis 'na uisge fuar." Níor leig sé blúire air. Bhain sé cúpla bolmach as an uisge agus shín sé chúichi an mórnán. "Seo" ar seisean, ag cur smuta gáire as. "Is tú an chéad bhean riamh a chuir an dubh 'na gheal orm!" Do gháir sise. "Maith an áit 'a rabhair, a Sheághain," ar sise. "Tá an deoch leamhnachta tuillte agat agus gheabhair é." Agus fuaradar. Peadar Ua Laoghaire
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services