Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Dubh 'na Gheal

Title
An Dubh 'na Gheal
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Dubh 'na Gheal



Bhí sgata buachaillí ag dul ar an gCincgis, go Baile
Mhúirne. Bhí Seághan Mháire Ní Thuathaigh ortha. Bhí
árd-mheas aige ar an dhathamhlacht féin agus ar a dheis-
bhéalaighe. Bhí an lá ana bhrothalach. Bhí tart ortha.
Ag gabháil Cnuic an lubhair siar do chonncadar cailín
agus bá aici dá gcrúdh. "Iarrfadsa deoch," arsa
Seághan. "Ní baoghal go h-eiteóchaidh sí mise ar dheoch,"
ar seisean. "A chailín deas crúidhte na mbó," ar
seisean, "tá ceathrar ógánach deaghlabhartha dathamhla
deaghéadaigh, ag lorg dighe ort." D'fheuch sí ortha 'sa
timcheall agus d'fheuch sí ar Sheághan. D'imthigh sí agus
thug sí léi mórnán breágh mór agus únán an leamh-
nachta agus sgeith amach dá bhruach, agus do shín sí chum
Seághan é. D'osgail croidhe an fhir bhoicht chun an
dighe. Do sháthaigh sé a bhéal 'sa mórnán, acht nuair
chuadh a ghob síos tríd an únán is é rud abhí thíos
roimis 'na uisge fuar." Níor leig sé blúire air.
Bhain sé cúpla bolmach as an uisge agus shín sé chúichi
an mórnán. "Seo" ar seisean, ag cur smuta gáire
as. "Is tú an chéad bhean riamh a chuir an dubh 'na gheal
orm!" Do gháir sise.



"Maith an áit 'a rabhair, a Sheághain," ar sise. "Tá
an deoch leamhnachta tuillte agat agus gheabhair é."
Agus fuaradar.



Peadar Ua Laoghaire

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services