Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Seaghán Bán agus na Daoine Maithe.
Title
Seaghán Bán agus na Daoine Maithe.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SEAGHÁN BÁN AGUS NA DAOINE MAITHE. CIONNUS A FUAIR SÉ A CHUID TALAIMH GAN CÍOS AR BITH. Fad ó shoin bhí fear go nglaoidhidís Seaghán Bán mar leas-ainm air 'n-a chomhnuidhe timcheall chúig mhíle i dtaobh thiar do Chathair Chorcaighe. Bhí feirm bheag thalaimh aige agus cé go mbíodh sé ag obair go moch déidheannach, ní raibh sé ar a chumas an cíos a dhéanamh suas do'n Tighearna talmhan, agus bhíodh na báillí ag tógaint a chuid stoic uaidh. Bhí an fear bocht so agus a bhean go fíor-mhacánta agus bhí lán tighe do mhuirghean aca, agus bhíodh an lánamha cráidhte ciapatha nuair ná féadfaidís an t-airgead a chur le chéile agur suaimhneas d'fhagháilt ós na báillíbh. Tháinig deireadh an fhoghmhair agus a bhí a chuid coirce ullamh aige i gcóir an mhargaidh agus ghluais sé leis i ndeireadh na hoidhche chum bheith i gCorcaigh go moch ar maidin agus an phinginn dob' aoirde d'fhagháil air. Bhí an t-ualach trom agus na bóithre bog agus chaith sé leigeant do'n chapall siubhal go réidh socair.
Bhí sé cúpla míle ó'n dtigh i n-áit go raibh coill mhor ar thaobh do'n bhóthair, agus aill fhada dhoimhin ar an taobh eile, nuair chonnaic sé an fear an-bheag ag siubhal 'n-a choinnibh san mbóthar agus cóta mór síos go sálaibh air. "Cad tá agat ar an choirce sin?" ars' an fear beag le Seaghán, "nó a bhfuilir dhá dhíol." "Táim gan amhras, agus tabharfad duit an t-ualach ar cheithre púnt," adeir Seaghán. "Tá go maith" ars an fear beag, "gheobhair an méid sin agus buail mar seo isteach." Bhí sean-bhóithrín os cionn na haille, agus thóg an duine beag an casán so. Siúd Seaghán 'n-a dhiaidh acht chaith sé bheith ag faire amach, chum an capall a stiúrughadh i gceart, mar bhí an áit cumhang go leór. Fé dheireadh tháinig sé go dtí caisleán mór áluinn, agus geata leathan ar a aaghidh
amach. Isteach leis an geata. Annsoin, do phreab amach chuige triúr d'fhearaibh beaga agus luigheadar ar an choirce a thógaint leó. "Téanam ort anois," ars an chéad fhear, "go bhfaghair do chuid airgid, agus rud éigin le n-ithe mar is dócha go bhfuil ocras ort." Bhuail Seaghán leis agus bhí sé ag siubhal tré sheomraíbh breaghtha agus iad lán do dhaoinibh beaga, go dtángadar go seomra mór, agus is ann a bhí an cruinniughadh ba mhó a chonnaic sé riamh, agus an cailín beag ba dheise do chonnaic éinne beó, 'n-a suidhe ag ceann an bhuird ar chathaoir óir. Nuair a leig sí a súile ar Sheaghán, bhagair air go tapaidh chum teacht chúichi agus tháinig. Chuir sí 'n-a shuidhe sa chathaoir é, agus cá suidhfeadh sí féin, acht le n-a ais, agus dubhairt leis bheith ag ithe agus ag ól; acht ní íosadh ná ní ólfadh sé éan-rud, mar bhí sé ag smuaíneamh 'n-a aigne féin cad déarfadh Sighle a bhean dá bhfeicfeadh sí é. Nuair bhíodar go léir sásta, thosnuigh an ceól agus an rinnce agus ní raibh Seaghán ná an bhainríoghan ar deireadh mar bhí Seaghán 'n-a rinnceóir mhaith nuair bhí sé 'n-a bhuachaill óg. Nuair bhí siad tuirseach ó bheith ag rinnce chuimhnigh Seaghán ar a chuid airgid agus fuair sé é; acht nuair ná fanfadh sé, tháinig brón agus cathughadh ar an bhainríoghan agus bí sí ag gol. Bhuail Seaghán an bóthar a-bhaile agus bhí sé an-mhoch nuair a bhuail sé an doras. Bhí Sighle istigh agus ní fhéadhfadh sí labhairt le heagla mar d'aithin sí a ghuth. Bhí carn mór tuighe i gcró na mbó, agus shín sé é féin anuas air agus chuaidh sé a chodladh. Dhúisigh fuaim na muc é agus iad ag screadaigh. Cad a bheadh ann ná beirt bháillí ag iarraidh na muca a bhreith leó. "Fágaidh iad-san 'nbhur ndiaidh," arsa Seaghán agus rith siad chomh mear is b'fhéidir dóibh. Mar bhí an mhaidin moch fós siúd chum an tighearna talmhan é chum an méid airgid a bhí aige a thabhairt dó, acht ní raibh sé sin 'n-a shuidhe fós, agus chuimhnigh Seaghán gur cheart dó paidir agus cré a rádh ó tháinig sé saor as an áit 'n-a raibh sé an oidhche roimhe sin. Bhí an Séipéal ar oscailt agus bhuail Seaghán isteach, acht má bhuail, sin amach go mear gach éinne bhí istigh. Tháinig an sagart ar ball, agus nuair chonnaic sé Seaghán, stad sé, agus ghlaoidh sé air anall chuige agus dubhairt. "Sdó nár chuireadh tusa tá cúpla lá ó shoin?" "Má chuireadh," arsa Seaghán, "táim im' bheathaidh fós, agus a athair, cé chuir mé, nó cionnus a thuit an scéal amach?" D'innis an sagart do gur tháinig sé a-bhaile an lá indiadh na hoidhche chuaidh sé ag díol an choirce, agus é an-bhréoite go bhfuair sé bás agus gur cuireadh é agus go raibh Síghle agus na leanbhaí go brónach 'n-a dhiaidh. Nuair bhí críochnuighthe ag an sagart dhírigh Seaghán ar a chuid féin do'n scéal do léiriughadh, agus bhí áthas mór ortha araon, ná raibh an scéal ní ba mheasa. "Raghad-sa a-bhaile romhat" ar san sagart "agus inneósad an scéal do Shíghle, mo lámh dhuit go mbeidh áthas uirthi." "Déin, a athair" arsa Seaghán, "agus faid saoghail chughat, táim-se ag dul anonn go dtí an bitheamhnach so thall chum beagán airgid a thabhairt dó." Amach leó araon, bhuail Seaghán ag doras an tighearna talmhan agus isteach leis. Chomh luath i nÉirinn agus chuir sé a cheann ar an dtaobh istigh do'n doras do phreab an triúr do bhí istigh 'n-a seasamh agus iad ag crith le heagla agus le scannradh. Bhí an bheirt bháillí i dteannta an tighearna talmhan, agus níor bh'fhios cia'ca do'n triúr a thuitfeadh i laige ar dtús. Acht, san deireadh do labhair an tighearna
agus dubhairt. Iarraim ort, a Sheagháin gan teacht annso go bráth arís, acht fan mar bhfuilir sa chré agus gheobhaidh do bhean an fheirm saor go deó." "Ba mhaith liom an lámh-scríbhinn d'fheiscint," arsa Seaghán. "Beidh sé sin ag do mhnaoi i gcionn cheathramha uaire cluig." "Go raibh míle maith agat," arsa Seaghán agus d'imthigh leis a-bhaile, mar a raibh fáilte agus fiche roimis, agus mar bhí páipéar an Tighearna talmhan leis. Do chaith sé an chuid eile dá shaoghal go breagh, socair, suaimhneasach, gan cíos ná éileamh ar an fheirm ó shoin anuas. TADHG SAOR.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services