Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seaghán Bán agus na Daoine Maithe.

Title
Seaghán Bán agus na Daoine Maithe.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

SEAGHÁN BÁN AGUS NA DAOINE
MAITHE.



CIONNUS A FUAIR SÉ A CHUID TALAIMH
GAN CÍOS AR BITH.



Fad ó shoin bhí fear go nglaoidhidís Seaghán
Bán mar leas-ainm air 'n-a chomhnuidhe
timcheall chúig mhíle i dtaobh thiar do Chathair
Chorcaighe. Bhí feirm bheag thalaimh aige agus cé
go mbíodh sé ag obair go moch déidheannach,
ní raibh sé ar a chumas an cíos a dhéanamh
suas do'n Tighearna talmhan, agus bhíodh na
báillí ag tógaint a chuid stoic uaidh.



Bhí an fear bocht so agus a bhean go
fíor-mhacánta agus bhí lán tighe do mhuirghean
aca, agus bhíodh an lánamha cráidhte ciapatha
nuair ná féadfaidís an t-airgead a chur
le chéile agur suaimhneas d'fhagháilt ós na
báillíbh.



Tháinig deireadh an fhoghmhair agus a bhí a chuid
coirce ullamh aige i gcóir an mhargaidh agus
ghluais sé leis i ndeireadh na hoidhche chum
bheith i gCorcaigh go moch ar maidin agus an
phinginn dob' aoirde d'fhagháil air. Bhí an
t-ualach trom agus na bóithre bog agus chaith sé
leigeant do'n chapall siubhal go réidh
socair.


L. 313


Bhí sé cúpla míle ó'n dtigh i n-áit go
raibh coill mhor ar thaobh do'n bhóthair, agus aill
fhada dhoimhin ar an taobh eile, nuair
chonnaic sé an fear an-bheag ag siubhal 'n-a
choinnibh san mbóthar agus cóta mór síos go
sálaibh air. "Cad tá agat ar an choirce
sin?" ars' an fear beag le Seaghán, "nó
a bhfuilir dhá dhíol." "Táim gan amhras, agus
tabharfad duit an t-ualach ar cheithre
púnt," adeir Seaghán.



"Tá go maith" ars an fear beag,
"gheobhair an méid sin agus buail mar seo
isteach."



Bhí sean-bhóithrín os cionn na haille, agus
thóg an duine beag an casán so. Siúd
Seaghán 'n-a dhiaidh acht chaith sé bheith ag
faire amach, chum an capall a stiúrughadh i
gceart, mar bhí an áit cumhang go leór.
Fé dheireadh tháinig sé go dtí caisleán
mór áluinn, agus geata leathan ar a aaghidh


L. 314


amach. Isteach leis an geata. Annsoin,
do phreab amach chuige triúr d'fhearaibh
beaga agus luigheadar ar an choirce a thógaint
leó.



"Téanam ort anois," ars an chéad fhear,
"go bhfaghair do chuid airgid, agus rud éigin
le n-ithe mar is dócha go bhfuil ocras ort."



Bhuail Seaghán leis agus bhí sé ag siubhal tré
sheomraíbh breaghtha agus iad lán do dhaoinibh
beaga, go dtángadar go seomra mór, agus is
ann a bhí an cruinniughadh ba mhó a chonnaic
sé riamh, agus an cailín beag ba dheise do
chonnaic éinne beó, 'n-a suidhe ag ceann an
bhuird ar chathaoir óir.



Nuair a leig sí a súile ar Sheaghán, bhagair
air go tapaidh chum teacht chúichi agus tháinig.



Chuir sí 'n-a shuidhe sa chathaoir é, agus cá
suidhfeadh sí féin, acht le n-a ais, agus dubhairt
leis bheith ag ithe agus ag ól; acht ní íosadh ná
ní ólfadh sé éan-rud, mar bhí sé ag
smuaíneamh 'n-a aigne féin cad déarfadh
Sighle a bhean dá bhfeicfeadh sí é.



Nuair bhíodar go léir sásta, thosnuigh an
ceól agus an rinnce agus ní raibh Seaghán ná an
bhainríoghan ar deireadh mar bhí Seaghán 'n-a
rinnceóir mhaith nuair bhí sé 'n-a bhuachaill óg.



Nuair bhí siad tuirseach ó bheith ag rinnce
chuimhnigh Seaghán ar a chuid airgid agus fuair
sé é; acht nuair ná fanfadh sé, tháinig brón
agus cathughadh ar an bhainríoghan agus bí sí ag
gol.



Bhuail Seaghán an bóthar a-bhaile agus bhí sé
an-mhoch nuair a bhuail sé an doras. Bhí
Sighle istigh agus ní fhéadhfadh sí labhairt le
heagla mar d'aithin sí a ghuth.



Bhí carn mór tuighe i gcró na mbó, agus shín
sé é féin anuas air agus chuaidh sé a chodladh.
Dhúisigh fuaim na muc é agus iad ag screadaigh.
Cad a bheadh ann ná beirt bháillí ag iarraidh
na muca a bhreith leó.



"Fágaidh iad-san 'nbhur ndiaidh," arsa
Seaghán agus rith siad chomh mear is b'fhéidir
dóibh.



Mar bhí an mhaidin moch fós siúd chum
an tighearna talmhan é chum an méid airgid
a bhí aige a thabhairt dó, acht ní raibh sé sin
'n-a shuidhe fós, agus chuimhnigh Seaghán gur
cheart dó paidir agus cré a rádh ó tháinig sé
saor as an áit 'n-a raibh sé an oidhche roimhe
sin. Bhí an Séipéal ar oscailt agus bhuail
Seaghán isteach, acht má bhuail, sin amach go
mear gach éinne bhí istigh. Tháinig an sagart
ar ball, agus nuair chonnaic sé Seaghán, stad
sé, agus ghlaoidh sé air anall chuige agus dubhairt.



"Sdó nár chuireadh tusa tá cúpla lá ó
shoin?"



"Má chuireadh," arsa Seaghán, "táim im'
bheathaidh fós, agus a athair, cé chuir mé, nó
cionnus a thuit an scéal amach?" D'innis an
sagart do gur tháinig sé a-bhaile an lá
indiadh na hoidhche chuaidh sé ag díol an
choirce, agus é an-bhréoite go bhfuair sé bás
agus gur cuireadh é agus go raibh Síghle agus na
leanbhaí go brónach 'n-a dhiaidh.



Nuair bhí críochnuighthe ag an sagart
dhírigh Seaghán ar a chuid féin do'n scéal
do léiriughadh, agus bhí áthas mór ortha araon,
ná raibh an scéal ní ba mheasa.



"Raghad-sa a-bhaile romhat" ar san sagart
"agus inneósad an scéal do Shíghle, mo lámh
dhuit go mbeidh áthas uirthi." "Déin, a
athair" arsa Seaghán, "agus faid saoghail
chughat, táim-se ag dul anonn go dtí an
bitheamhnach so thall chum beagán airgid a
thabhairt dó." Amach leó araon, bhuail
Seaghán ag doras an tighearna talmhan
agus isteach leis. Chomh luath i nÉirinn agus
chuir sé a cheann ar an dtaobh istigh do'n
doras do phreab an triúr do bhí istigh 'n-a
seasamh agus iad ag crith le heagla agus le
scannradh. Bhí an bheirt bháillí i dteannta
an tighearna talmhan, agus níor bh'fhios cia'ca
do'n triúr a thuitfeadh i laige ar dtús.



Acht, san deireadh do labhair an tighearna


L. 315


agus dubhairt. Iarraim ort, a Sheagháin
gan teacht annso go bráth arís, acht fan
mar bhfuilir sa chré agus gheobhaidh do bhean an
fheirm saor go deó."



"Ba mhaith liom an lámh-scríbhinn
d'fheiscint," arsa Seaghán.



"Beidh sé sin ag do mhnaoi i gcionn
cheathramha uaire cluig."



"Go raibh míle maith agat," arsa Seaghán
agus d'imthigh leis a-bhaile, mar a raibh fáilte
agus fiche roimis, agus mar bhí páipéar an Tighearna
talmhan leis. Do chaith sé an chuid eile dá
shaoghal go breagh, socair, suaimhneasach,
gan cíos ná éileamh ar an fheirm ó shoin
anuas.



TADHG SAOR.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services