Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sinn Féin.
Title
Sinn Féin.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SINN FÉIN Sid é IRISLEABHAR NA GAEDHILGE i gcóir an Oireachtais. Tá súil againn go dtaithneoghaidh sé le n-ár gcáirdibh. Dheineamair ár ndícheall air, agus cé ná fuilimíd féin sásta ar fad leis, seadh "ní bhíonn saoi gan locht." Táimíd an-bhuidheach de'n Chraoibhín mar gheall ar "An Pósadh" do thabhairt dúinn. Beidh ár nGaedhilg- eóirí go léir sástá gan amhras leis an bpictiúir do fuaramair ó Inghin an Phuirséaraigh. Is é an ceann is deireannaighe dhéineadh de'n Chraoibhín é, agus thug an bhean uasal úd go toilteannach do'n IRISLEABHAR é. Cosamhlacht mhaith is eadh í, agus badh chóir go mbeadh mór-chúis ar an gCraobhín dá bharr; acht tá fhios againne nach duine de'n tsórd soin é. Is í Maighréad Ní Áilgheasa do bhuaidh ár nduais an mhí seo. Is dóigh linn féin nár mhisde focal nó dhó a rádh ar na cuilteanna Gaedhealacha; is eagal linn go bhfuiltear á séanadh ins na ceanntair Ghaedheal- acha féin. I dtaobh aiste Mhaighréad féin ní gábhadh dhúinn a rádh acht go bhfuil sean-chanamhaint Uíbh Laoghaire go blasta aici, agus scóip bhreagh leabhair thaithneamhach n-a chuid scríbhinne. Ní baoghal di sean-mhná críonna "an ghearáin." Má chloisfam éin-ghearán ná éan-chnáimhseáil uatha tabharfaimíd aoideadh "na n-arrachtach sean" ortha; agus clois- far an nguth ó Reachra go Baoi Bhéara. Dá bhrigh sin, is fearr dhóibh bheith n-a dtost agus leigeant do Mhaighréad. Agus ag tagairt do sna cuilteanna Gaedhealacha so, cad n-a thaobh ná tógthar suas iad mar dhéantús i mball éigint. Tá ana-ghleó seóidh dá dhéanamh le tamall i dtaobh déantúis na hÉireann, agus seo déantús fé n-ár lámhaibh againn agus ní'l pioc dá dhéanamh 'n-a leith. 'Na ionad soin go deimhin is amhlaidh tá na cuilteanna breaghtha buana compórd- acha ag imtheacht agus rudaí beaga suaracha éad- troma ag teacht isteach 'n-a n-áit. Tá fhios againn féin go maith caidé an saghas iad na cuilteanna Gaedhealacha, agus ní baoghal ná gur bh'fhuraist margadh d'fagháil dóibh.
Féach Maighréad Ní Chaoimh arís! Nach deas d'fhéad- fadh sí ornóidí tharrac ar chuilt bhreagh Ghaedhealaigh? Nar chaillir do chumas ar pheann a dhíriughadh do réir sean-nós na nGaedheal, a Mhaighréad Ní Chaoimh, agus nárab fhada go gcloisfam arís uait. Idir tharraictheóiríbh agus ghrian-ghraphadóiríbh ní fios cia dhó is mó is cóir ár mbuidheachs. Acht táimíd buidheach dhíobh go léir pé 'r domhaln de. Fuaramair pictiúir fuirinne "An Sprid" i mBaile Mhúirne ó Sheaghán Ó Faoláin i gCorcaigh. Togha Ghaedhil is eadh Seaghán, agus dáltha mhuinntir Bhaile Mhúirne ní gábhadh a rádh acht go bhfuil ortha Conchubhar Ó Deasmhumhna (Táilliúr na gCos), Tadhg O Cruadh- laoigh, Micheál Ó Briain, agus Micheál Mór O Luingsigh, agus daoine is eadh iad-san go bhfuil a n-ainmneacha i n-áirde i litridheacht na Gaedhilge. Níor chóir dearmhad do dhéanamh ar an Macsuaileach do dheisigh pictiúir mhór-shiubhail mhuinntir na Gaedh- ilge i mBaile Átha Cliath dhúinn, ná Mac Uí Dheóráin agus Mac Uí Bheirn do sholáthruigh na pictiúirí beaga atá ann dúinn. Agus i ndeireadh na treidhse táimíd buidheach de Liam Ó Riain agus de mhuinntir Chonnradh na Gaedhilge i Lúnndain. Dheineadar a gcion féin go calma. Fuaramair cúinne dhuit a Thomáis Bháin an iarr- acht so. Deirthear go mbuadhann an fhoidhne ar an gcineamhaint. Bhí foidhne agat-sa go háirithe. Gheobh- aimíd cúinní i gcionn tamaill do Sheaghán Mac Ruaidhrí, d'Fhinnéigeas, agus do Thomás O hEidhin agus deiseoghthar seilp nó dhó "le" Micheál na gCleas. Táimíd-na réidh anois leis an "Scoil Ghaedhealach." Tá ár gcion féin déanta againne, agus níor bh'éin- iongnadh dá dtógtaí suas an cheist seo san Árd- fheis agus trácht do dhéanamh uirthi. Gheobhaidh an Connradh airgead a ndóthain chum tosnughadh maith do dhéanamh, agus chomh luath's a bheidh tosnuighthe ag an gConnradh, chífam an Bord Náisiúnta ag crith agus sceimhleadh ortha. Tá £5 le fagháil ó'n nGruagach. Deir Conán linn go dtiubhraidh sé síntús uaidh féin, agus ní bheidh an tIRISLEABHAR ar deireadh. Caithfimíd comh-bhrón do thairsgint do Sheóirse O Fágáin i dtaobh bháis a dhearbhráthar, agus do Dhomhnall O Liatháin agus do'n Rí Liath i dtaobh bháis a n-athar. Cuirfam do ghiota-sa isteach an chéad uair eile, a Rí Liath.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services