Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sinn Féin.

Title
Sinn Féin.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

SINN FÉIN



Sid é IRISLEABHAR NA GAEDHILGE i gcóir an
Oireachtais. Tá súil againn go dtaithneoghaidh sé le
n-ár gcáirdibh. Dheineamair ár ndícheall air, agus
cé ná fuilimíd féin sásta ar fad leis, seadh "ní
bhíonn saoi gan locht."



Táimíd an-bhuidheach de'n Chraoibhín mar gheall ar
"An Pósadh" do thabhairt dúinn. Beidh ár nGaedhilg-
eóirí go léir sástá gan amhras leis an bpictiúir do
fuaramair ó Inghin an Phuirséaraigh. Is é an ceann
is deireannaighe dhéineadh de'n Chraoibhín é, agus thug
an bhean uasal úd go toilteannach do'n IRISLEABHAR
é. Cosamhlacht mhaith is eadh í, agus badh chóir go
mbeadh mór-chúis ar an gCraobhín dá bharr; acht tá
fhios againne nach duine de'n tsórd soin é.



Is í Maighréad Ní Áilgheasa do bhuaidh ár nduais an
mhí seo. Is dóigh linn féin nár mhisde focal nó dhó a
rádh ar na cuilteanna Gaedhealacha; is eagal linn
go bhfuiltear á séanadh ins na ceanntair Ghaedheal-
acha féin. I dtaobh aiste Mhaighréad féin ní gábhadh
dhúinn a rádh acht go bhfuil sean-chanamhaint Uíbh
Laoghaire go blasta aici, agus scóip bhreagh leabhair
thaithneamhach n-a chuid scríbhinne. Ní baoghal di
sean-mhná críonna "an ghearáin." Má chloisfam
éin-ghearán ná éan-chnáimhseáil uatha tabharfaimíd
aoideadh "na n-arrachtach sean" ortha; agus clois-
far an nguth ó Reachra go Baoi Bhéara. Dá bhrigh sin,
is fearr dhóibh bheith n-a dtost agus leigeant do
Mhaighréad.



Agus ag tagairt do sna cuilteanna Gaedhealacha
so, cad n-a thaobh ná tógthar suas iad mar dhéantús
i mball éigint. Tá ana-ghleó seóidh dá dhéanamh le
tamall i dtaobh déantúis na hÉireann, agus seo
déantús fé n-ár lámhaibh againn agus ní'l pioc dá
dhéanamh 'n-a leith. 'Na ionad soin go deimhin is
amhlaidh tá na cuilteanna breaghtha buana compórd-
acha ag imtheacht agus rudaí beaga suaracha éad-
troma ag teacht isteach 'n-a n-áit. Tá fhios againn
féin go maith caidé an saghas iad na cuilteanna
Gaedhealacha, agus ní baoghal ná gur bh'fhuraist
margadh d'fagháil dóibh.


L. 311


Féach Maighréad Ní Chaoimh arís! Nach deas d'fhéad-
fadh sí ornóidí tharrac ar chuilt bhreagh Ghaedhealaigh?
Nar chaillir do chumas ar pheann a dhíriughadh do réir
sean-nós na nGaedheal, a Mhaighréad Ní Chaoimh, agus
nárab fhada go gcloisfam arís uait.



Idir tharraictheóiríbh agus ghrian-ghraphadóiríbh ní fios
cia dhó is mó is cóir ár mbuidheachs. Acht táimíd
buidheach dhíobh go léir pé 'r domhaln de. Fuaramair
pictiúir fuirinne "An Sprid" i mBaile Mhúirne ó
Sheaghán Ó Faoláin i gCorcaigh. Togha Ghaedhil is
eadh Seaghán, agus dáltha mhuinntir Bhaile Mhúirne
ní gábhadh a rádh acht go bhfuil ortha Conchubhar
Ó Deasmhumhna (Táilliúr na gCos), Tadhg O Cruadh-
laoigh, Micheál Ó Briain, agus Micheál Mór O Luingsigh,
agus daoine is eadh iad-san go bhfuil a n-ainmneacha
i n-áirde i litridheacht na Gaedhilge.



Níor chóir dearmhad do dhéanamh ar an Macsuaileach
do dheisigh pictiúir mhór-shiubhail mhuinntir na Gaedh-
ilge i mBaile Átha Cliath dhúinn, ná Mac Uí Dheóráin
agus Mac Uí Bheirn do sholáthruigh na pictiúirí beaga
atá ann dúinn. Agus i ndeireadh na treidhse táimíd
buidheach de Liam Ó Riain agus de mhuinntir Chonnradh
na Gaedhilge i Lúnndain. Dheineadar a gcion féin
go calma.



Fuaramair cúinne dhuit a Thomáis Bháin an iarr-
acht so. Deirthear go mbuadhann an fhoidhne ar an
gcineamhaint. Bhí foidhne agat-sa go háirithe. Gheobh-
aimíd cúinní i gcionn tamaill do Sheaghán Mac
Ruaidhrí, d'Fhinnéigeas, agus do Thomás O hEidhin
agus deiseoghthar seilp nó dhó "le" Micheál na
gCleas.



Táimíd-na réidh anois leis an "Scoil Ghaedhealach."
Tá ár gcion féin déanta againne, agus níor bh'éin-
iongnadh dá dtógtaí suas an cheist seo san Árd-
fheis agus trácht do dhéanamh uirthi. Gheobhaidh an
Connradh airgead a ndóthain chum tosnughadh maith
do dhéanamh, agus chomh luath's a bheidh tosnuighthe ag
an gConnradh, chífam an Bord Náisiúnta ag crith
agus sceimhleadh ortha. Tá £5 le fagháil ó'n nGruagach.
Deir Conán linn go dtiubhraidh sé síntús uaidh féin,
agus ní bheidh an tIRISLEABHAR ar deireadh.



Caithfimíd comh-bhrón do thairsgint do Sheóirse
O Fágáin i dtaobh bháis a dhearbhráthar, agus do
Dhomhnall O Liatháin agus do'n Rí Liath i dtaobh bháis a
n-athar. Cuirfam do ghiota-sa isteach an chéad uair
eile, a Rí Liath.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services