Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Gormfhlaith.
Title
Gormfhlaith.
Author(s)
Ó Coinceanainn, Tomás,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
GORMFHLAITH INGHEAN ÁRD-RÍOGH ÉIREANN. I. Naoi gcéad agus trí bliadhna déag tar éis teacht ár Slánuightheóra ar an talamh bhí Rí annso i nÉirinn darab ainm Flann. Bhí sé mar Árd-Ríogh os cionn na hÉireann go léir agus is i bPálás Thlachtgha i gCondae na Midhe do chomhnuidh sé. Ins an am soin thuiteadh an chómharbacht i ndiaidh a chéile idir Árd-thigh Ríoghamhail Leath-Chuinn agus Leath-Mhogha, sé sin, nuair gheobhadh Rí ó'n taobh ó thuaidh bás thuiteadh an brat, nó an choróin ríoghamhail ar dhuine do na huaislibh ó dheas agus sin é fáth ar thuit an choróin i ndiaidh Flainn air Niall Ghlúndubh - an Rí óg bhí ar Aileach i gCúige Uladh. Nuair fuair Athair Néill (Aodh Finnliath) bás phós a mháthair Flann. B'í an dara bean a bhí aige í, agus mar gheall ar an gcleamh- nas so bhí bádh agus muinntireas mór idir an dá Rígh agus gach duine bhain leób. Ní raibh ag Flann acht éin-inghean amháin, an bhan-fhlaith Gormfhlaith, a bhi aige le n-a chéad mhnaoi. Cailín áluinn budh eadh í agus bhí a cáil agus a clú i bhfad agus i ngearr le breaghthacht agus agusle n-a cuid foghluma. Bhí na céadta flaith i dtír na hÉireann a bhéarfadh saidhbhreas an domhain go léir as ucht í fhagháil le pósadh. Nuair bhí sí ana-óg, ní raibh sí thar bheith 'n-a páiste, ceapadh í phósadh le Rígh óg na Mumhan, Cormac Mac Cuillionáin. Déanadh leabhar is lámh eatortha. Cheap Flann go gcaithfídhe an cleamhnas so dhéanamh pé scéal é, mar bhí Rí na Mumhan láidir, cúmhachtach agus dá dtiocfadh air aon lá go dtabharfadh sé cabhair agus congnamh dhó ins na cathaíbh móra bhí aige leis na Lochlannaigh, bhíodh, cothrom na haimsire sin, ag déanamh mórán dioghbháil ar fuid na tíre agus ag cur crith- eagla ar na daoine bhí 'n-a gcomhnuidhe i n-aice na fairrge, agus go mór-mhór na cóstaí ó dheas agus ar an dtaobh thiar d'Éirinn agus go deimhin théidís anois agus arís air fuid na tíre féin. Bhí na Lochlannaigh ag tabhairt a ndubhshlán mór le deanamh do na hÉireannaigh an t-am soin chomh maith agus dob' éigin do phrionnsaí (flatha) na tíre coingheallacha agus dlúth-cheangal a dhéanamh eatortha féin le cosc a chur ar na Lochlannaigh. Agus i dtaobh go raibh Cúige Mumhan ana-chúmhachtach agus go raibh an oiread dúin agus liosanna agus longphuirt ann bha mhaith le Flann - mar bhí fios aige cé an taobh dhá chuid aráin a raibh an t-im air - é féin a dhaingniughadh níos láidire agus muinntireas níos fearr a dhéanam leis an gcoróin. Thagad scéilíní beaga anois agus arís i dtaobh an Ríogh óig go dtí cluasa Ghorm- fhlaith, scéalta chuir imnidhe mhór uirthi. Bhí sé i ngeist (bhí daoine a rádh) go mb'fhearr leis bheith 'n-a shagart, ag caitheamh a shaoghal go ciúin, réidh i Mainistir ag paidreóireacht, 'ná bheith 'n-a Rígh chumhach- tach ag déanamh dlighe agus ag riaghlughadh na tíre, go mbadh shásta chaithfeadh sé a chuid aimsire i measc a chuid leabhra, nó ag cainnt leis na fearaibh deábhóideacha léigheanta bhí 'n-a fhochair - na fir a chuir clú na Mumhan i bhfad agus i ngearr le na gcuid éirim agus eagnadhacht. Níor thaithin leis a phósadh ar chor ar bhith agus marach (mara mbeadh) an gheallamhaint tugadh d'Inghin Flainn, chaithfeadh sé gnóthaí an tsaoghail i n-áirde, thógfadh sé an t-órd beannuighthe agus mhairfeadh sé 'n-a aonar- acht go bráth.
Is iomdha lá mór fada bhí Gormfhlaith ag machtnamh léi féin go brónach agus go dólásach mar gheall ar na scéalta seo - an chogarnaoil bhí ag teacht go dtí í ó Chúige Mumhan. "Ó," ar sise go brónach, "dá mbeadh seisean agus mise 'n-ár gclann daoine bochta, ní bheadh giota do'n obair seo ag cur eadrainn. Ní cuirfidhe faoi ndeara sinn a phósadh le chéile. D'fhéadfadh Cormac bheith 'n-a shagart agus a shaoghal agus a aimsir a chaitheamh ins an Mainistir mar bhadh mhian leis; agus thógfaidhe mise, ní mar gheall ar dhiainghliocas na cúirte, acht ar mo shon féin - ar mo shon féin amháin - mar gheall ar go raibh gean agus grádh orm ag an gcroidhe thug prádhainn agus taithneamh dom." Agus leig sí osna óchón aiste, mar chuimhnigh sí ar bhrionglóid a bhí aici agus an té bhí ag siubhal lé 'n-a taobh ins an aisling. Faoi dheireadh cheap an tÁrd-rí go raibh sé ag tarraingt ar am pósta ag an Inghin. Bhailigh mórán d'uaisle na hÉireann chum Tlachtgha, lé go mbeadh féasta mór aca agus go dticfaidís leis an mnaoi óig ar a tais- teál chomh fada le Caiseal i gCuige Mumhan, an áit a raibh an pósadh lé déanamh. Faoi choimridhe agus cumhdach a hAthar agus sluagh mór daoine d'imthigh leó maidin bhreagh Shamhraidh go dtí Pálás Ríogh Chormac. Ní facthas ariamh roimhe plód daoine chomh mór leóbh, ná fir agus mná bhí gléasta chomh áluinn leóbh. Shiubhaladar síos tré mhachairí breaghtha na Midhe, treasna áth leathan na Life (Áth Cliath) síos na bóithre bhí ag lúbadh anonn agus anall idir chnocáin agus móinfhéire míne, glasa agus thré choillte tiugha, fascamhla a raibh an eilit mhaol ag siubhal go líomhtha, socair ortha agus ceól binn na n-éan ag teacht chucha ó bharr na ngéag. Ar chúl an tsluagh bhí na tréaduidhthe (maoir) ag tabhairt aire do'n phlód mhór beithidheach bhí dá dtabhairt go Caiseal mar chuid do spré Ghormfhlaith. Bhí giollaí ag faire ar na cuacha óir agus airgid; na muigíní darach faoi n-a gcuid fonnsaí agus an méid éadach lín agus olna bhí sí agá thabhairt go dtí teach a céile. Bhíodar go léir go meidhreadh ag giorrughadh an bhealaigh le n-a gcuid ámhráin agus ceóil agus suilt agus gáire. Iad ar fad, idir bheag agus mhór, ísiol agus uasal ar an nós so acht aondhuine amháin, an bhean ba dheise agus b'áille bhí san tsluagh ar fad. Ní raibh sí ag míogairecht ná ag gáire mar badh chóir do chailín óg a bheadh ag dul faoi dhéin an fhir óig bhí lé n-a pósadh. I n-ionad a súile bheith ag preabadh agus ag lonnradh mar sholus na réaltan, bhí na
deóra tirime - deóra nár thuit agus nár shil - i n-a súile agus a croidhe mar bheadh bró muilinn 'n-a cliabh. Ní ar Chormac bhí Gormfhlaith ag smaoin- eamh an lá so. Bhí sí ag smaoineamh agus ag machtnamh ar Niall ar imioll-bhordaibh Abhann Doire, ag féachaint ar na halaíbh bána ag amusughadh thar tí na bplód mór sneachtach; nó bhíodar ag siubhal le chéile tré na coillte, i n-ait a raibh na géaga fada leathna ag cur díobh a nduilleabhair óg, ghlas, le teas an Éarraigh; nó b'éidir gur ar Loch Suiligh bhíodar ag bádóireacht, agus gan eagla ná scáth ná faithchíos ortha ó'n ngaoith ná ó'n bhfairrge mar go raibh seisean ann le n-a cumhdach. Bhí a daoine muintire a baint cainnte dhi agus ag déanamh caismirt eatortha féin mar gheall air bháineacht a héadain agus an buaireamh bhí i n-a súile. "I n-aghaidh a tola tá sí ag dul chomh fada le Cormac," adeir a mná freastail i gcogar le n-a chéile. "Ní dheachaidh fós ariamh cailín toileamhail, sásta, faoi dhéin a fir pósta le brón agus briseadh croidhe chomh mór." "Ní fhaca sí fós é agus cé an chaoi a mbeadh sí bródamhail," adeir duine aca bhí nídh ba fad-bhreathnuighthe 'ná an chuid eile, "B'éidir go ndearnaidh a croidhe rogha cheana," ag déanamh dearmad air go gcaith- fidh Inghean Ríogh pósadh a réir gliocas na dúithce. "Tá Cormac ó Chaisil cumhachtach, 'n-a charaid nó 'n-a námhaid, agus tá an tÁrd- rí ag iarraidh muinntireas a dhéanamh leis thríd an gcleamhnas so." "Caithfidh mná toil na Ríoghlan a dhéanamh." "Geineadh mná, agus mná Ríoghamhla mar an gcéadna, lé bheith úmhal - gach nídh iarrfar orrabh é dhéanamh gan clamhsán." Nuair bhíodar i bhfoisgeacht dhá lá siubhail do Chaiseal casadh Rí Cormach orrabh. Bhí Flaithbheartach, an t-árd-chomhairleach a bhí aige, ag marcaigheacht ar each le n-a thaobh dheas. Saighdiúir agus fear troda mór bhí i bhFlaithbheartach, chomh maith le bheith in' fhear stáit. Nuair tángadar i dteannta chéile, tar éis bheannughadh, dubhairt Flaithbheartach gur atharruigh Rí Cormac a aigne agus go raibh sé socair 'n-a intinn bheith 'n-a shagart, agus chuir mar impidhe agus mar athchuinge ar Ghorm- fhlaith agus ar Flann é scaoileadh ó'n ngeallta- mhas. Tháinig cúmhach feirge ar Flann; cheap sé gur mhór an tarcuisne agus an masladh é seo agus bheadh troid agus marbhadh mór ar fad ann ar áit na mbonn, idir an dá shluagh, marach gur tháinig Gormfhlaith, an bhean áluinn, shoineanta, shuairc anuas de dhruim a capaill agus rug sí ar láim ar Chormac agus dubhairt leis go módhamhail, maiseamhail gur mhaith an rogha rinne sé. "Rinne sé an rogha a d'orduigh Dia," ar sise, "agus tá mise sásta, mar aonduine amháin, go bhfuil sé mar sin. Tabhair dhom do bheannacht a Mhacaoimh Óig, dheábhóidigh, mar chomhartha go bhfuil carthannas agus síoth- chántacht eadrainn." D'iompuigh sluagh na Midhe agus d'imthigh leó ó Chaiseal ar n-ais an bealach lúbach a thángadar go Tlachtgha agus bhí iongantas orrabh ar fad faoi an mbród agus an gáirdeachas agus an lúthgháir bhí ar Ghormfhlaith. Bhí brón, diombadh agus briseadh croidhe uirthi cheana; bhí a súile ag lonnradh mar an ngréin anois, agus iad ag damhsadh mar na réiltíní.
II. Ní raibh sé i bhfad 'n-a dhiaidh seo nuair chuir Flann iallach (d'fhiacaibh) ar Ghorm- fhlaith, i n-aghaidh a tola Cearbhall Mac Muireacháin, Rí Laighean, a phósadh. Fear borb, droch-labhartha ba eadh Cearbhall. Thug sé chúig tighthe fichead mar bhronntanas pósta dho Gormfhlaith. Bhí an tÁrd-phálás i Nás (Naas) agus is ann a thug sé Gormfhlaith tar éis í phósadh. Ar feadh an iomad aimsire roimhe seo, b'é an Pálás do b'fhearr bhí ag Ríghte Laighean é. Creidim dhá bhreaghthacht na caisleáin eile, gur bhain sé seo an barr dhíobh ar fad; agus níor b'éin-iongnadh go mb'fhearr leó an chuid is mó dá n-aimsir a chaitheamh san bpálás so. Bhí goin ag Flann, an t-Árd-Rí dho Chor- mac, Rí na Mumhan, mar gheall air nár phós sé Gormfhlaith. Acht ní raibh aon fhagháil aige cogadh chur air agus an ghoin seo a thaspáint, mar bhí an tír go léir faoi shíothcháin, acht amháin bobhtaí beaga troda bhíodh aca leis na Lochlannaigh i n-aice na fairrge. Bhí rath agus séan agus biseach agus ádh ar fuid na hÉireann go léir; agus na séipéil agus na mainistreacha agus na scoileanna a leag na Lochlannaigh anuas bhíodar dhá ndéanamh arís agus dá gcur i dtabhal a chéile. Bí na beanna agus na cloightheach agá n-árdughadh abhus agus thall. Cuireadh ar bun an iomad coláistí árd-léighinn leis na h-ealadhnta a mhúineadh. An talamh a dóigheadh agus a loisceadh bhí sé dá shaotharughadh anois - dhá threabhadh agus dhá fhursadh, agus bhí an toradh chomh maith - na séasúir chomh torthamhail sin nach raibh an oiread is aondhuine amháin ar thalamh ghlas na hÉireann a raibh ganntan ná easbhaidh éin-nídh air. Ar feadh na haimsire séanmhaire síoth- chánta so rinneadh Árd-Easpog do Chormac; d'éirigh sé ó chéim go céim san Eaglais. D'imthigh a cháil amach i bhfad agus i ngearr le filidheacht agus staruidheacht. Scríobh sé leabhar seanachais i scríbhinn dathuighthe mar déantaoi ins an aimsir sin, lé go mbeadh fios agus eólas ag na macaibh- léighinn a thiocfadh 'n-a dhiaidh ar bhrigh focail agus ainmneacha áiteacha, agus go bhféad- faidís a gcuid staidéir a dhéanamh agus a chur i bhfeidhm nídh b'fhearr. Ins an chaoi seo chaith Cormac an t-am bhí aige le spáráil ó ghnóthaí na hEaglaise agus ó riaghlughadh na Cúige. Mho bhrón agus mo chreach chráidhte ní fada mhair an fear deábhóideach foghlumtha so agus anois in- neósaimíd an tiocair bháis bhí aige. Ag Mainistir Éibhinn bhí sean-chill a bhain le Cúige Mumhan i gcomhnuidhe. Is ag Righte na Cúige bhí an chléir a thoghadh agus a cheapadh lé bheith ag freastal san séipéal so agus ariamh roimhe níor ceist- nigheadh a gceart an toghadh so dhéanamh go dtí an t-am malluighthe so. Acht, mo léan! Thug Flann práinn do'n tséi- péal, cheap sé go raibh an oiread dho cheart agus dho sheilbh aige féin dó le Cormac agus cheap Cor- mac nach raibh agus mar sin thosuigh an t-aighneas agus tháinig an bualadh. Ní bhéarfadh aonduine aca suas; budh scoirn le ceachtar aca é dhéanadh agus fuaireadar iad féin i gcóir le dul ag troid. Chuaidh prionsaí na Mumhan le harm mór síos ó thuadh go Bealach Mhughna * agus chaitheadar fútha annsoin. Tháinig buaireamh mór air an lá roimhe an chatha chúns (an fhaid do) bhí sé ag fuireacht le sluaighte an Árd-Ríogh agus Ríogh Laighean. * Seo é an áit a dtugtar anois Ballymoon i mBéarla air, i gConndae Cill Dara agus dhá mhíle ó bhaile mór Cheatharlach.
Fear ana-bheannuighthe cráibhtheach bhí ann. Fuair sé dho ghifte ó Dhia nidhthe fheiscint roimh ré agus nuair bhí sé ag paidreóireacht 'n-a chábán, fuair sé réimh-fhios go bhfuigheadh sé bás i mbualadh an chatha, i láthair na troda. Chuir sé fios ar a phríomh-chomhairleóirí agus nuair bhíodar bailighthe timcheall air chraith sé láimh leó agus d'fhág sé slán aca, agus na deóra ag tuitim 'n-a dtuilte móra le na ghruadh. Rinne sé udhacht annsoin; chuaidh sé 'un faoisdín agus ghlach sé comaoineach ó lámha an Ab Flaithbheartach. Bhí an cath ag dul i gcoinne na Manach ó n-a thús. Tháinig crith-eagla agus faitchíos orrabh agus d'fhág an iomad aca páirc an bhualadh agus na taoisigh 'n-a ndiaidh. D'fhéach Cormac agus an Flaithbheartach le stad a chur orrabh, misneach a chur ionnta acht ní raibh éan-mhaith leóbh ann, bhriseadar thríd na línte 'n-a seán-ruith. "Cath cléire is eadh an cath so," ar siad, "cad chuige bhfanfaimís agus bás fhagháil ar a son." Agus go deimhin agus go dearbhtha, b'í an fhírinne bhí aca, mar b'é Flaithbheartach agus na Manaigh bhí i gcúirt Flann ba chiontach leis an troid seo. Bhíodar ag brostughadh agus ag deifriughadh an chatha agus ag spreagadh Flann le héad a ra chéile. Agus nuair nach gcuirfeadh Cormac an comhrac ar an bpointe boise ar Flann dubhairt Flaithbheartach gur chladhaire bhí ann agus thug sé gach uile mhasladh dhó ní ba mheasa ar a chéile. Mar gheall ar shaint, ar chraos, agus ar éad na cléire seo is eadh tháinig an cath brónach soin ar maidin Dé Máirt, an seachtadh lá déag do Mheadhón Fhoghmhar san mbliadhain naoi gcéad agus a hocht. Mo bhrón agus mo chreach b'é sin lá an áir, b'é an lá dólásach, fuilteach, mí- thrócaireach é. Righte na hÉireann, uaisle agus tuathaigh na tíre ag troid agus ag marbhadh a chéile mar gheall ar chléir éad- mhar. Níor taisbeánadh éan-fhomós do'n chléir, agus níor spáráileadh iad acht an oiread leis na tuathaigh. Bhí páirc an bhualadh líonta suas le daoine gonta agus marbh, 'na gcárnáin i mullach a chéile, 'n-a srathanna mar bheadh cocaí féir i bpáirc. Sguab sluaighte Laighean Rí Cormac agus a shluagh rompa. Bhí capall Chormaic ag léimneach thar trínse; scior sí ar an talamh bhí ramhar agus sleamhain le fuil; thuit Cormac agus thuig an capall anuas air; briseadh a mhuineál a lámh, agus a dhrom. D'imthigh an séadán as, agus chuaidh sé i láthair an Tighearna. Le linn dó tuitim faoi an gcapall tháinig saighdiúirí Flann agus Ríogh Laighean suas leis, agus le teannadh uilc agus feirge sháthadar a sleaghcha thríd an gcorp, agus bhaineadar an ceann ó'n dúdán de. Thugadar an ceann go dtí Flann, le go mbeadh bród air faoi bhás a namhad. Acht i n-ionad áthas a bheith air is amhlaidh thug sé milleán dóibh mar gheall ar bheart chomh grána agus chomh meathta dhéanamh. Rug sé ar an gcloigean naomhtha idir a dhá láimh go hurraimeach; phóg sé é, agus thug sé órdughadh do Mhaonach - an tAb cráibhtheach, deagh- bhóideach an ceann agus an cholann do chur san uaigh bheannuighthe. Tugadh é le buaireamh mór agus briseadh croidhe chomh fada leis an reilig i gCaisleán Diarmada. Goineadh Cearbhal, Rí Laighean, agus tugadh chomh fada le n-a phalás féin ag Nás é. Bhí Gormfhlaith dhá oileamhaint agus dhá ghiollaigheacht, agus ag tabhairt aire dhó, nó go raibh na luit cneasuighthe, agus é beag nach láidir go leór le siubhal amach.
Aon lá amháin thosuigh sé ag cainnt i dtaobh an chatha, agus ag déanamh gaisce agus áithbhéil mar gheall ar an mí-chlú thaspáin sé do chorp Chormaic. Ghlac Gormfhlaith fearg 'n-a thaobh so, agus thug sí casaoid dó, agus dubhairt leis gur náireach, scanalach an rud dó a leithéid do rud a dhéanamh le haon-chorp, agus go mór- mhór le corp an easpuig bheannuighthe. Tháinig racht mór feirge ar Chearbhall bhorb mar gheall ar an méid adubhairt sí leis, agus d'árduigh sé a chos, agus thug sé builleadh dhi a leag anuas ar an talamh í, dho thuairt ós comhair a ban freastail. Ní fheadfadh sí an masladh agus an tar- cuisne mór a mhaitheamh dhó, agus d'imthigh léi abhaile faoi chumhdach a hathar, ag iar- raidh air sásamh ceart, iomlán a bhaint as Cearbhall an cladhaire fir - mar is dearg- chladhaire agus cladhaire cruthanta an fear leagfas a lámh ar a mhnaoi phósta. D'eitigh Flann í; níor mhaith leis Cearbhall a throid, agus d'iarr sé uirri dul a-bhaile go dtí n-a céile, acht ní dhéanfadh Gorm- fhlaith bhocht é. Chualaidh Niall Glúndubh an rí óg bhí ar Aileach an masladh tugadh di, agus an mí- cheart rinneadh uirri, agus nach tógfadh a hathair a páirt. Bhailigh sé i dteannta a chéile, gan mórán moille, sluaighte Uladh, agus aníos le n-a n-arm chomh fada le himioll Chúige Laighean le cath a thabhairt do Chearbhall. Nuair chualaidh Gormfhlaith go raibh sé chum comhraic a thabhairt do Chearbhall, chuir sí teachtairí chomh fada leis agus chuir sí mar impidhe air mar fhomós dí-se gan dul ag troid le Cúige Laighean, acht imtheacht ar n-ais a-bhaile. Is ar éigin a choinnigh sé seo é gan dul ag troid. Ba mhian leis í thabh- airt faoi chumhdach chumhachtach sluaighte Uladh. Ní leigfeadh sí dhó an méid seo féin a dhéanamh, agus d'iarr sí arís air é mar athchuinge. Faoi dheireadh ghéill Niall di agus chuadar ar n-ais go Cúige Uladh arís. 'N-a dhiaidh seo d'fhéach Gormfhlaith le scaramhaint dligheamhail fhagháil ó Chormac agus fuair sí é ó n-a breitheamhain. D'iarr Niall uirri é phósadh, acht ceap sí, siúd is go raibh sí scaoilte i n-ainm an dligheadh ó Chearbhall, nár thug sin cead di i láthair Dé aonduine phósadh chomh fada is mhair Cearbhall; ar an adhbhar sin d'eitigh sí Niall. 'San mbliadhain dar gcionn marbhadh Cearbhall i gcath i n-aghaidh na Lochlannach i n-aice Bhaile Átha Cliath, agus annsin nuair nach raibh éan-chosc ná toirmeasc uirri phós sí Niall. Is gairid i ndiaidh na haimsire seo go bhfuair Flann bás agus thuit an choróin ar Niall agus bhí sé mar Ard-rígh ar Éirinn. Mara raibh Brian Bóroimhe féin ann, ní raibh ariamh i nÉirinn rí ba chumhachtaighe ná b'fhearr 'ná an flaith tréanmhar so ó Chúige Uladh. Is iomdha cath agus troid ghéar fhuilteach bhí aige leis na Lochlannaigh, agus is iomdha am fuair sé buaidh agus lonnrach orra. Thiomáin sé Lochlannaigh Bhaile Átha Cliath, na Midhe, agus Chúige Laighean ar fad isteach mar thiomáinfeadh maor scata caorach isteach i gcúinne, i gcaoi nach bhféadfaidís imtheacht ó Bhaile Átha Cliath agus an límistéar beag taobh amuigh dhe. Nuair bhí sin déanta aige, fuair sé é féin i gcóir le brughadh eile thabhairt dóibh i n-a longphort láidir féin. Tháinig na Lochlannaigh amach i gcoinne Néill, agus casadh an dá arm, nó sluagh, ar a chéile taobh amuigh do'n chathair, agus thosnuigheadar ar
throid agus ar throid leó chomh tréan is throid éan-airm chuaidh ar phaírc an bhualadh roimhe nó 'n-a dhiaidh ariamh. Acht, fairíor agus fairíor ghéar! agus mo léan agus mo bhrón agus mo chreach chráidhte! fuair na Lochlannaigh an buadh ar shluaighte na hÉir- eann an lá soin, agus marbhadh Niall féin chomh maith leis an chuid is mó dá laochraidh. Tar éis bháis Néill thuit an brat, a réir dlighe, ar Dhonnchadh, dearbhráthar Ghorm- fhlaith, agus is aige chomhnuidh sí go bhfuair sé bás, cúig bliadhna i ndiaidh na haimsire seo. Acht bhí mío-fhortún eile ag Dia faoi chomhair na banríoghna so. Bhí uaigneas agus diombadh agus briseadh chroidhe uirri nuair cailleadh a gaolta go léir beagnach, agus ins na dánta scríobh sí - mar bíodh fhios agaibh go raibh sí ar an gceann is fearr de bhan-fhilidhibh na hÉir- eann. Mar bhí mé a' rádh, innseann sí ins na dánta so an buaireamh agus an briseadh croidhe a bhí uirri i ndiaidh a mic agus i ndiaidh Néill. Báthadh an mac i gConndae na Gaillimhe chúns (an fhaid do) bhí sé ann dá oileamhaint. I gcuid de na dánta tugann sí dhúinn cur síos ar an mbeatha agus an saoghal sóghmhail bhí aici le Niall, agus déineann sí comórtas brónach idir é féin agus an t-athrughadh saoghail bhí aici i ndeireadh a laetheanta. Scríobh sí an chuid is mó do na hamhráin seo chúns bhí sí 'n-a luighe ar a leabaidh le tinneas. Agus is aisteach mar tháinig an tinneas sin uirri.
Rinne sí brionglóid aon oidhche amháin gur sheas Niall calma, tréanmhar i n-aice cholbha na leabthan, agus bhí an oiread sin do rímhéad agus lúthgháir uirri é d'fheicsint gur sheas sí suas ins an leabaidh; scar sí amach a lámha le breith air, agus é fháscadh le n-a croidhe. Agus nuair rinne sí sin, chorruigh sé mar bheadh sé le himtheacht as an seomra, agus i slighe go gcoinneoghadh sí aici féin é, shín sí amach a lámha le breith ar a fhallaing; acht monuar! ní ar Niall do rug sí acht ar phosta na leabthan, agus chuaidh sé tré n-a croidhe. Ó'n ngortughadh agus ó'n mbrughadh so tháinig tinneas fada uirri, agus is minic, minic ar feadh na haimsire sin bhlais sí do'n bhfuacht, do'n bhochtaineacht, agus do phianta cruaidhe, géara an ocrais, mar thugann sí cunntas air seo i gceann d'á cuid amhrán caointe. Agus seo é scéal Ghormfhlaith, inghean Flann Sionna, an bhean bhí geallta do thrí righthibh agus bhí mar chéile ag beirt aca. Duine do na mná ba mhánla agus b'oir- dhéirce do mhná na hÉireann ins an aimsir sin í. Bhí sí léigheanta, foghlumtha, banamhail maiseamhail. Bean ar fiú árd-mholadh agus meas a thabhairt di seachas éin-bhean bhí i nÉirinn le n-a linn, agus ba chóir do Chlannaibh Gaedheal idir fhearaibh agus mhnáibh, ar fuid an domhain, í chongbháil i gcuimhne chomh fada is bheidheas uisce ag rith agus féar ag fás. TOMÁS O COINCHEANAINN. A sháir-fhir, a bhráthir 's a píobaire, An cás leat ar an aít seo gan rinnce me? Más máighistir an fear árd scáinnte buidhe dubh- san, Is mí-ádhmharach an cheárd do chuir a mhuinntir roimis. PÚCA NA nADHARC.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services