Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Gormfhlaith.

Title
Gormfhlaith.
Author(s)
Ó Coinceanainn, Tomás,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 302


GORMFHLAITH
INGHEAN ÁRD-RÍOGH ÉIREANN.



I.



Naoi gcéad agus trí bliadhna déag tar
éis teacht ár Slánuightheóra ar an
talamh bhí Rí annso i nÉirinn darab ainm
Flann.



Bhí sé mar Árd-Ríogh os cionn na
hÉireann go léir agus is i bPálás Thlachtgha
i gCondae na Midhe do chomhnuidh sé.



Ins an am soin thuiteadh an chómharbacht i
ndiaidh a chéile idir Árd-thigh Ríoghamhail
Leath-Chuinn agus Leath-Mhogha, sé sin,
nuair gheobhadh Rí ó'n taobh ó thuaidh bás
thuiteadh an brat, nó an choróin ríoghamhail
ar dhuine do na huaislibh ó dheas agus sin é
fáth ar thuit an choróin i ndiaidh Flainn air
Niall Ghlúndubh - an Rí óg bhí ar Aileach i
gCúige Uladh.



Nuair fuair Athair Néill (Aodh Finnliath)
bás phós a mháthair Flann. B'í an dara bean
a bhí aige í, agus mar gheall ar an gcleamh-
nas so bhí bádh agus muinntireas mór idir
an dá Rígh agus gach duine bhain leób.



Ní raibh ag Flann acht éin-inghean amháin,
an bhan-fhlaith Gormfhlaith, a bhi aige le n-a
chéad mhnaoi.



Cailín áluinn budh eadh í agus bhí a cáil agus
a clú i bhfad agus i ngearr le breaghthacht agus
agusle n-a cuid foghluma.



Bhí na céadta flaith i dtír na hÉireann a
bhéarfadh saidhbhreas an domhain go léir as
ucht í fhagháil le pósadh. Nuair bhí sí ana-óg,
ní raibh sí thar bheith 'n-a páiste, ceapadh í
phósadh le Rígh óg na Mumhan, Cormac
Mac Cuillionáin. Déanadh leabhar is lámh
eatortha. Cheap Flann go gcaithfídhe an
cleamhnas so dhéanamh pé scéal é, mar bhí
Rí na Mumhan láidir, cúmhachtach agus dá
dtiocfadh air aon lá go dtabharfadh sé
cabhair agus congnamh dhó ins na cathaíbh
móra bhí aige leis na Lochlannaigh, bhíodh,
cothrom na haimsire sin, ag déanamh mórán
dioghbháil ar fuid na tíre agus ag cur crith-
eagla ar na daoine bhí 'n-a gcomhnuidhe i
n-aice na fairrge, agus go mór-mhór na
cóstaí ó dheas agus ar an dtaobh thiar d'Éirinn
agus go deimhin théidís anois agus arís air
fuid na tíre féin.



Bhí na Lochlannaigh ag tabhairt a ndubhshlán
mór le deanamh do na hÉireannaigh an
t-am soin chomh maith agus dob' éigin do
phrionnsaí (flatha) na tíre coingheallacha agus
dlúth-cheangal a dhéanamh eatortha féin le
cosc a chur ar na Lochlannaigh.



Agus i dtaobh go raibh Cúige Mumhan
ana-chúmhachtach agus go raibh an oiread dúin agus
liosanna agus longphuirt ann bha mhaith le
Flann - mar bhí fios aige cé an taobh dhá
chuid aráin a raibh an t-im air - é féin a
dhaingniughadh níos láidire agus muinntireas
níos fearr a dhéanam leis an gcoróin.



Thagad scéilíní beaga anois agus arís i
dtaobh an Ríogh óig go dtí cluasa Ghorm-
fhlaith, scéalta chuir imnidhe mhór uirthi. Bhí
sé i ngeist (bhí daoine a rádh) go mb'fhearr
leis bheith 'n-a shagart, ag caitheamh a
shaoghal go ciúin, réidh i Mainistir ag
paidreóireacht, 'ná bheith 'n-a Rígh chumhach-
tach ag déanamh dlighe agus ag riaghlughadh
na tíre, go mbadh shásta chaithfeadh sé a chuid
aimsire i measc a chuid leabhra, nó ag
cainnt leis na fearaibh deábhóideacha
léigheanta bhí 'n-a fhochair - na fir a chuir clú
na Mumhan i bhfad agus i ngearr le na
gcuid éirim agus eagnadhacht. Níor thaithin
leis a phósadh ar chor ar bhith agus marach
(mara mbeadh) an gheallamhaint tugadh
d'Inghin Flainn, chaithfeadh sé gnóthaí an
tsaoghail i n-áirde, thógfadh sé an t-órd
beannuighthe agus mhairfeadh sé 'n-a aonar-
acht go bráth.


L. 303


Is iomdha lá mór fada bhí Gormfhlaith ag
machtnamh léi féin go brónach agus go
dólásach mar gheall ar na scéalta seo - an
chogarnaoil bhí ag teacht go dtí í ó Chúige
Mumhan.



"Ó," ar sise go brónach, "dá mbeadh
seisean agus mise 'n-ár gclann daoine
bochta, ní bheadh giota do'n obair seo ag
cur eadrainn. Ní cuirfidhe faoi ndeara
sinn a phósadh le chéile. D'fhéadfadh
Cormac bheith 'n-a shagart agus a shaoghal agus a
aimsir a chaitheamh ins an Mainistir mar
bhadh mhian leis; agus thógfaidhe mise, ní
mar gheall ar dhiainghliocas na cúirte, acht
ar mo shon féin - ar mo shon féin amháin -
mar gheall ar go raibh gean agus grádh orm
ag an gcroidhe thug prádhainn agus taithneamh
dom."



Agus leig sí osna óchón aiste, mar
chuimhnigh sí ar bhrionglóid a bhí aici agus an
té bhí ag siubhal lé 'n-a taobh ins an aisling.



Faoi dheireadh cheap an tÁrd-rí go raibh
sé ag tarraingt ar am pósta ag an Inghin.



Bhailigh mórán d'uaisle na hÉireann chum
Tlachtgha, lé go mbeadh féasta mór aca agus
go dticfaidís leis an mnaoi óig ar a tais-
teál chomh fada le Caiseal i gCuige Mumhan,
an áit a raibh an pósadh lé déanamh. Faoi
choimridhe agus cumhdach a hAthar agus
sluagh mór daoine d'imthigh leó maidin
bhreagh Shamhraidh go dtí Pálás Ríogh Chormac.



Ní facthas ariamh roimhe plód daoine
chomh mór leóbh, ná fir agus mná bhí gléasta
chomh áluinn leóbh. Shiubhaladar síos tré
mhachairí breaghtha na Midhe, treasna áth
leathan na Life (Áth Cliath) síos na bóithre
bhí ag lúbadh anonn agus anall idir chnocáin
agus móinfhéire míne, glasa agus thré choillte
tiugha, fascamhla a raibh an eilit mhaol ag
siubhal go líomhtha, socair ortha agus ceól
binn na n-éan ag teacht chucha ó bharr na
ngéag.



Ar chúl an tsluagh bhí na tréaduidhthe
(maoir) ag tabhairt aire do'n phlód mhór
beithidheach bhí dá dtabhairt go Caiseal mar
chuid do spré Ghormfhlaith. Bhí giollaí ag
faire ar na cuacha óir agus airgid; na
muigíní darach faoi n-a gcuid fonnsaí agus
an méid éadach lín agus olna bhí sí agá
thabhairt go dtí teach a céile. Bhíodar go
léir go meidhreadh ag giorrughadh an bhealaigh
le n-a gcuid ámhráin agus ceóil agus suilt
agus gáire. Iad ar fad, idir bheag agus mhór,
ísiol agus uasal ar an nós so acht aondhuine
amháin, an bhean ba dheise agus b'áille bhí
san tsluagh ar fad.



Ní raibh sí ag míogairecht ná ag gáire
mar badh chóir do chailín óg a bheadh ag dul
faoi dhéin an fhir óig bhí lé n-a pósadh. I
n-ionad a súile bheith ag preabadh agus ag
lonnradh mar sholus na réaltan, bhí na


L. 304


deóra tirime - deóra nár thuit agus nár
shil - i n-a súile agus a croidhe mar bheadh bró
muilinn 'n-a cliabh.



Ní ar Chormac bhí Gormfhlaith ag smaoin-
eamh an lá so. Bhí sí ag smaoineamh agus
ag machtnamh ar Niall ar imioll-bhordaibh
Abhann Doire, ag féachaint ar na halaíbh
bána ag amusughadh thar tí na bplód mór
sneachtach; nó bhíodar ag siubhal le chéile
tré na coillte, i n-ait a raibh na géaga
fada leathna ag cur díobh a nduilleabhair
óg, ghlas, le teas an Éarraigh; nó b'éidir
gur ar Loch Suiligh bhíodar ag bádóireacht, agus
gan eagla ná scáth ná faithchíos ortha ó'n
ngaoith ná ó'n bhfairrge mar go raibh
seisean ann le n-a cumhdach.



Bhí a daoine muintire a baint cainnte dhi
agus ag déanamh caismirt eatortha féin
mar gheall air bháineacht a héadain agus an
buaireamh bhí i n-a súile.



"I n-aghaidh a tola tá sí ag dul chomh fada
le Cormac," adeir a mná freastail i
gcogar le n-a chéile. "Ní dheachaidh fós
ariamh cailín toileamhail, sásta, faoi dhéin a
fir pósta le brón agus briseadh croidhe chomh
mór."



"Ní fhaca sí fós é agus cé an chaoi a
mbeadh sí bródamhail," adeir duine aca bhí
nídh ba fad-bhreathnuighthe 'ná an chuid
eile,



"B'éidir go ndearnaidh a croidhe rogha
cheana," ag déanamh dearmad air go gcaith-
fidh Inghean Ríogh pósadh a réir gliocas na
dúithce. "Tá Cormac ó Chaisil cumhachtach,
'n-a charaid nó 'n-a námhaid, agus tá an tÁrd-
rí ag iarraidh muinntireas a dhéanamh leis
thríd an gcleamhnas so."



"Caithfidh mná toil na Ríoghlan a
dhéanamh."



"Geineadh mná, agus mná Ríoghamhla
mar an gcéadna, lé bheith úmhal - gach nídh
iarrfar orrabh é dhéanamh gan clamhsán."
Nuair bhíodar i bhfoisgeacht dhá lá siubhail
do Chaiseal casadh Rí Cormach orrabh.



Bhí Flaithbheartach, an t-árd-chomhairleach a
bhí aige, ag marcaigheacht ar each le n-a
thaobh dheas.



Saighdiúir agus fear troda mór bhí i
bhFlaithbheartach, chomh maith le bheith in' fhear
stáit.



Nuair tángadar i dteannta chéile, tar
éis bheannughadh, dubhairt Flaithbheartach gur
atharruigh Rí Cormac a aigne agus go raibh sé
socair 'n-a intinn bheith 'n-a shagart, agus chuir
mar impidhe agus mar athchuinge ar Ghorm-
fhlaith agus ar Flann é scaoileadh ó'n ngeallta-
mhas.



Tháinig cúmhach feirge ar Flann; cheap sé
gur mhór an tarcuisne agus an masladh é
seo agus bheadh troid agus marbhadh mór ar fad
ann ar áit na mbonn, idir an dá shluagh,
marach gur tháinig Gormfhlaith, an bhean
áluinn, shoineanta, shuairc anuas de dhruim
a capaill agus rug sí ar láim ar Chormac agus
dubhairt leis go módhamhail, maiseamhail
gur mhaith an rogha rinne sé.



"Rinne sé an rogha a d'orduigh Dia," ar
sise, "agus tá mise sásta, mar aonduine
amháin, go bhfuil sé mar sin. Tabhair dhom
do bheannacht a Mhacaoimh Óig, dheábhóidigh,
mar chomhartha go bhfuil carthannas agus síoth-
chántacht eadrainn." D'iompuigh sluagh na
Midhe agus d'imthigh leó ó Chaiseal ar n-ais
an bealach lúbach a thángadar go Tlachtgha agus
bhí iongantas orrabh ar fad faoi an mbród
agus an gáirdeachas agus an lúthgháir bhí ar
Ghormfhlaith.



Bhí brón, diombadh agus briseadh croidhe
uirthi cheana; bhí a súile ag lonnradh mar an
ngréin anois, agus iad ag damhsadh mar na
réiltíní.


L. 306


II.



Ní raibh sé i bhfad 'n-a dhiaidh seo nuair
chuir Flann iallach (d'fhiacaibh) ar Ghorm-
fhlaith, i n-aghaidh a tola Cearbhall Mac
Muireacháin, Rí Laighean, a phósadh.



Fear borb, droch-labhartha ba eadh
Cearbhall. Thug sé chúig tighthe fichead mar
bhronntanas pósta dho Gormfhlaith. Bhí an
tÁrd-phálás i Nás (Naas) agus is ann a
thug sé Gormfhlaith tar éis í phósadh.



Ar feadh an iomad aimsire roimhe seo,
b'é an Pálás do b'fhearr bhí ag Ríghte
Laighean é. Creidim dhá bhreaghthacht na
caisleáin eile, gur bhain sé seo an barr
dhíobh ar fad; agus níor b'éin-iongnadh go
mb'fhearr leó an chuid is mó dá n-aimsir a
chaitheamh san bpálás so.



Bhí goin ag Flann, an t-Árd-Rí dho Chor-
mac, Rí na Mumhan, mar gheall air nár phós
sé Gormfhlaith.



Acht ní raibh aon fhagháil aige cogadh chur
air agus an ghoin seo a thaspáint, mar bhí an
tír go léir faoi shíothcháin, acht amháin bobhtaí
beaga troda bhíodh aca leis na Lochlannaigh
i n-aice na fairrge.



Bhí rath agus séan agus biseach agus ádh ar fuid na
hÉireann go léir; agus na séipéil agus na
mainistreacha agus na scoileanna a leag na
Lochlannaigh anuas bhíodar dhá ndéanamh
arís agus dá gcur i dtabhal a chéile.



Bí na beanna agus na cloightheach agá
n-árdughadh abhus agus thall. Cuireadh ar
bun an iomad coláistí árd-léighinn leis na
h-ealadhnta a mhúineadh.



An talamh a dóigheadh agus a loisceadh bhí
sé dá shaotharughadh anois - dhá threabhadh agus dhá
fhursadh, agus bhí an toradh chomh maith - na
séasúir chomh torthamhail sin nach raibh an
oiread is aondhuine amháin ar thalamh ghlas
na hÉireann a raibh ganntan ná easbhaidh
éin-nídh air.



Ar feadh na haimsire séanmhaire síoth-
chánta so rinneadh Árd-Easpog do Chormac;
d'éirigh sé ó chéim go céim san Eaglais.
D'imthigh a cháil amach i bhfad agus i ngearr
le filidheacht agus staruidheacht.



Scríobh sé leabhar seanachais i scríbhinn
dathuighthe mar déantaoi ins an aimsir sin,
lé go mbeadh fios agus eólas ag na macaibh-
léighinn a thiocfadh 'n-a dhiaidh ar bhrigh
focail agus ainmneacha áiteacha, agus go bhféad-
faidís a gcuid staidéir a dhéanamh agus a
chur i bhfeidhm nídh b'fhearr.



Ins an chaoi seo chaith Cormac an t-am bhí
aige le spáráil ó ghnóthaí na hEaglaise agus ó
riaghlughadh na Cúige. Mho bhrón agus mo
chreach chráidhte ní fada mhair an fear
deábhóideach foghlumtha so agus anois in-
neósaimíd an tiocair bháis bhí aige.



Ag Mainistir Éibhinn bhí sean-chill a bhain
le Cúige Mumhan i gcomhnuidhe.



Is ag Righte na Cúige bhí an chléir a
thoghadh agus a cheapadh lé bheith ag freastal san
séipéal so agus ariamh roimhe níor ceist-
nigheadh a gceart an toghadh so dhéanamh go
dtí an t-am malluighthe so.



Acht, mo léan! Thug Flann práinn do'n tséi-
péal, cheap sé go raibh an oiread dho cheart agus
dho sheilbh aige féin dó le Cormac agus cheap Cor-
mac nach raibh agus mar sin thosuigh an t-aighneas agus
tháinig an bualadh. Ní bhéarfadh aonduine
aca suas; budh scoirn le ceachtar aca é
dhéanadh agus fuaireadar iad féin i gcóir
le dul ag troid.



Chuaidh prionsaí na Mumhan le harm mór
síos ó thuadh go Bealach Mhughna * agus
chaitheadar fútha annsoin.



Tháinig buaireamh mór air an lá roimhe an
chatha chúns (an fhaid do) bhí sé ag fuireacht le
sluaighte an Árd-Ríogh agus Ríogh Laighean.



* Seo é an áit a dtugtar anois Ballymoon i
mBéarla air, i gConndae Cill Dara agus dhá mhíle ó
bhaile mór Cheatharlach.


L. 307


Fear ana-bheannuighthe cráibhtheach bhí ann.
Fuair sé dho ghifte ó Dhia nidhthe fheiscint
roimh ré agus nuair bhí sé ag paidreóireacht
'n-a chábán, fuair sé réimh-fhios go bhfuigheadh
sé bás i mbualadh an chatha, i láthair na
troda.



Chuir sé fios ar a phríomh-chomhairleóirí agus
nuair bhíodar bailighthe timcheall air chraith
sé láimh leó agus d'fhág sé slán aca, agus na
deóra ag tuitim 'n-a dtuilte móra le na
ghruadh. Rinne sé udhacht annsoin; chuaidh
sé 'un faoisdín agus ghlach sé comaoineach
ó lámha an Ab Flaithbheartach.



Bhí an cath ag dul i gcoinne na Manach ó
n-a thús. Tháinig crith-eagla agus faitchíos
orrabh agus d'fhág an iomad aca páirc an
bhualadh agus na taoisigh 'n-a ndiaidh. D'fhéach
Cormac agus an Flaithbheartach le stad a
chur orrabh, misneach a chur ionnta acht ní
raibh éan-mhaith leóbh ann, bhriseadar thríd na
línte 'n-a seán-ruith.



"Cath cléire is eadh an cath so," ar
siad, "cad chuige bhfanfaimís agus bás fhagháil
ar a son."



Agus go deimhin agus go dearbhtha, b'í an
fhírinne bhí aca, mar b'é Flaithbheartach agus
na Manaigh bhí i gcúirt Flann ba chiontach
leis an troid seo.



Bhíodar ag brostughadh agus ag deifriughadh an
chatha agus ag spreagadh Flann le héad a ra
chéile. Agus nuair nach gcuirfeadh Cormac an
comhrac ar an bpointe boise ar Flann
dubhairt Flaithbheartach gur chladhaire bhí ann
agus thug sé gach uile mhasladh dhó ní ba mheasa
ar a chéile.



Mar gheall ar shaint, ar chraos, agus ar
éad na cléire seo is eadh tháinig an cath
brónach soin ar maidin Dé Máirt, an
seachtadh lá déag do Mheadhón Fhoghmhar san
mbliadhain naoi gcéad agus a hocht.



Mo bhrón agus mo chreach b'é sin lá an
áir, b'é an lá dólásach, fuilteach, mí-
thrócaireach é. Righte na hÉireann, uaisle
agus tuathaigh na tíre ag troid agus ag
marbhadh a chéile mar gheall ar chléir éad-
mhar.



Níor taisbeánadh éan-fhomós do'n chléir,
agus níor spáráileadh iad acht an oiread
leis na tuathaigh. Bhí páirc an bhualadh líonta
suas le daoine gonta agus marbh, 'na gcárnáin
i mullach a chéile, 'n-a srathanna mar bheadh
cocaí féir i bpáirc.



Sguab sluaighte Laighean Rí Cormac agus
a shluagh rompa. Bhí capall Chormaic ag
léimneach thar trínse; scior sí ar an talamh
bhí ramhar agus sleamhain le fuil; thuit
Cormac agus thuig an capall anuas air;
briseadh a mhuineál a lámh, agus a dhrom.
D'imthigh an séadán as, agus chuaidh sé i
láthair an Tighearna.



Le linn dó tuitim faoi an gcapall tháinig
saighdiúirí Flann agus Ríogh Laighean suas
leis, agus le teannadh uilc agus feirge
sháthadar a sleaghcha thríd an gcorp, agus
bhaineadar an ceann ó'n dúdán de.



Thugadar an ceann go dtí Flann, le go
mbeadh bród air faoi bhás a namhad. Acht
i n-ionad áthas a bheith air is amhlaidh thug sé
milleán dóibh mar gheall ar bheart chomh
grána agus chomh meathta dhéanamh. Rug sé
ar an gcloigean naomhtha idir a dhá láimh go
hurraimeach; phóg sé é, agus thug sé órdughadh
do Mhaonach - an tAb cráibhtheach, deagh-
bhóideach an ceann agus an cholann do chur
san uaigh bheannuighthe. Tugadh é le buaireamh
mór agus briseadh croidhe chomh fada leis
an reilig i gCaisleán Diarmada.



Goineadh Cearbhal, Rí Laighean, agus tugadh
chomh fada le n-a phalás féin ag Nás é.



Bhí Gormfhlaith dhá oileamhaint agus dhá
ghiollaigheacht, agus ag tabhairt aire dhó, nó
go raibh na luit cneasuighthe, agus é beag
nach láidir go leór le siubhal amach.


L. 308


Aon lá amháin thosuigh sé ag cainnt i dtaobh
an chatha, agus ag déanamh gaisce agus
áithbhéil mar gheall ar an mí-chlú thaspáin sé
do chorp Chormaic.



Ghlac Gormfhlaith fearg 'n-a thaobh so, agus
thug sí casaoid dó, agus dubhairt leis gur
náireach, scanalach an rud dó a leithéid do
rud a dhéanamh le haon-chorp, agus go mór-
mhór le corp an easpuig bheannuighthe.



Tháinig racht mór feirge ar Chearbhall
bhorb mar gheall ar an méid adubhairt sí
leis, agus d'árduigh sé a chos, agus thug sé
builleadh dhi a leag anuas ar an talamh í,
dho thuairt ós comhair a ban freastail.



Ní fheadfadh sí an masladh agus an tar-
cuisne mór a mhaitheamh dhó, agus d'imthigh
léi abhaile faoi chumhdach a hathar, ag iar-
raidh air sásamh ceart, iomlán a bhaint as
Cearbhall an cladhaire fir - mar is dearg-
chladhaire agus cladhaire cruthanta an fear
leagfas a lámh ar a mhnaoi phósta.



D'eitigh Flann í; níor mhaith leis Cearbhall
a throid, agus d'iarr sé uirri dul a-bhaile
go dtí n-a céile, acht ní dhéanfadh Gorm-
fhlaith bhocht é.



Chualaidh Niall Glúndubh an rí óg bhí ar
Aileach an masladh tugadh di, agus an mí-
cheart rinneadh uirri, agus nach tógfadh a
hathair a páirt. Bhailigh sé i dteannta
a chéile, gan mórán moille, sluaighte Uladh,
agus aníos le n-a n-arm chomh fada le
himioll Chúige Laighean le cath a thabhairt
do Chearbhall.



Nuair chualaidh Gormfhlaith go raibh sé
chum comhraic a thabhairt do Chearbhall, chuir
sí teachtairí chomh fada leis agus chuir sí mar
impidhe air mar fhomós dí-se gan dul ag
troid le Cúige Laighean, acht imtheacht ar
n-ais a-bhaile. Is ar éigin a choinnigh sé seo
é gan dul ag troid. Ba mhian leis í thabh-
airt faoi chumhdach chumhachtach sluaighte
Uladh. Ní leigfeadh sí dhó an méid seo féin
a dhéanamh, agus d'iarr sí arís air é mar
athchuinge.



Faoi dheireadh ghéill Niall di agus chuadar ar
n-ais go Cúige Uladh arís.



'N-a dhiaidh seo d'fhéach Gormfhlaith le
scaramhaint dligheamhail fhagháil ó Chormac agus
fuair sí é ó n-a breitheamhain.



D'iarr Niall uirri é phósadh, acht ceap sí,
siúd is go raibh sí scaoilte i n-ainm an
dligheadh ó Chearbhall, nár thug sin cead di
i láthair Dé aonduine phósadh chomh fada is
mhair Cearbhall; ar an adhbhar sin d'eitigh
sí Niall.



'San mbliadhain dar gcionn marbhadh
Cearbhall i gcath i n-aghaidh na Lochlannach i
n-aice Bhaile Átha Cliath, agus annsin nuair
nach raibh éan-chosc ná toirmeasc uirri phós
sí Niall.



Is gairid i ndiaidh na haimsire seo go
bhfuair Flann bás agus thuit an choróin ar
Niall agus bhí sé mar Ard-rígh ar Éirinn.



Mara raibh Brian Bóroimhe féin ann, ní
raibh ariamh i nÉirinn rí ba chumhachtaighe ná
b'fhearr 'ná an flaith tréanmhar so ó Chúige
Uladh.



Is iomdha cath agus troid ghéar fhuilteach bhí
aige leis na Lochlannaigh, agus is iomdha am
fuair sé buaidh agus lonnrach orra.



Thiomáin sé Lochlannaigh Bhaile Átha Cliath,
na Midhe, agus Chúige Laighean ar fad isteach
mar thiomáinfeadh maor scata caorach
isteach i gcúinne, i gcaoi nach bhféadfaidís
imtheacht ó Bhaile Átha Cliath agus an límistéar
beag taobh amuigh dhe.



Nuair bhí sin déanta aige, fuair sé é
féin i gcóir le brughadh eile thabhairt dóibh
i n-a longphort láidir féin. Tháinig na
Lochlannaigh amach i gcoinne Néill, agus casadh
an dá arm, nó sluagh, ar a chéile taobh
amuigh do'n chathair, agus thosnuigheadar ar


L. 309


throid agus ar throid leó chomh tréan is throid
éan-airm chuaidh ar phaírc an bhualadh roimhe
nó 'n-a dhiaidh ariamh.



Acht, fairíor agus fairíor ghéar! agus mo léan agus
mo bhrón agus mo chreach chráidhte! fuair na
Lochlannaigh an buadh ar shluaighte na hÉir-
eann an lá soin, agus marbhadh Niall féin chomh
maith leis an chuid is mó dá laochraidh.



Tar éis bháis Néill thuit an brat, a réir
dlighe, ar Dhonnchadh, dearbhráthar Ghorm-
fhlaith, agus is aige chomhnuidh sí go bhfuair sé
bás, cúig bliadhna i ndiaidh na haimsire
seo.



Acht bhí mío-fhortún eile ag Dia faoi
chomhair na banríoghna so.



Bhí uaigneas agus diombadh agus briseadh
chroidhe uirri nuair cailleadh a gaolta go
léir beagnach, agus ins na dánta scríobh sí -
mar bíodh fhios agaibh go raibh sí ar an
gceann is fearr de bhan-fhilidhibh na hÉir-
eann. Mar bhí mé a' rádh, innseann sí ins
na dánta so an buaireamh agus an briseadh
croidhe a bhí uirri i ndiaidh a mic agus i ndiaidh
Néill. Báthadh an mac i gConndae na
Gaillimhe chúns (an fhaid do) bhí sé ann dá
oileamhaint.



I gcuid de na dánta tugann sí dhúinn
cur síos ar an mbeatha agus an saoghal
sóghmhail bhí aici le Niall, agus déineann sí
comórtas brónach idir é féin agus an
t-athrughadh saoghail bhí aici i ndeireadh a
laetheanta.



Scríobh sí an chuid is mó do na hamhráin
seo chúns bhí sí 'n-a luighe ar a leabaidh le
tinneas. Agus is aisteach mar tháinig an
tinneas sin uirri.


L. 310


Rinne sí brionglóid aon oidhche amháin
gur sheas Niall calma, tréanmhar i n-aice
cholbha na leabthan, agus bhí an oiread sin
do rímhéad agus lúthgháir uirri é d'fheicsint
gur sheas sí suas ins an leabaidh; scar
sí amach a lámha le breith air, agus é
fháscadh le n-a croidhe. Agus nuair rinne
sí sin, chorruigh sé mar bheadh sé le himtheacht
as an seomra, agus i slighe go gcoinneoghadh
sí aici féin é, shín sí amach a lámha le breith
ar a fhallaing; acht monuar! ní ar Niall
do rug sí acht ar phosta na leabthan, agus
chuaidh sé tré n-a croidhe.



Ó'n ngortughadh agus ó'n mbrughadh so
tháinig tinneas fada uirri, agus is minic,
minic ar feadh na haimsire sin bhlais sí do'n
bhfuacht, do'n bhochtaineacht, agus do phianta
cruaidhe, géara an ocrais, mar thugann sí
cunntas air seo i gceann d'á cuid amhrán
caointe.



Agus seo é scéal Ghormfhlaith, inghean
Flann Sionna, an bhean bhí geallta do thrí
righthibh agus bhí mar chéile ag beirt aca.
Duine do na mná ba mhánla agus b'oir-
dhéirce do mhná na hÉireann ins an aimsir
sin í.



Bhí sí léigheanta, foghlumtha, banamhail
maiseamhail.



Bean ar fiú árd-mholadh agus meas a
thabhairt di seachas éin-bhean bhí i nÉirinn le
n-a linn, agus ba chóir do Chlannaibh Gaedheal
idir fhearaibh agus mhnáibh, ar fuid an domhain,
í chongbháil i gcuimhne chomh fada is bheidheas
uisce ag rith agus féar ag fás.



TOMÁS O COINCHEANAINN.



A sháir-fhir, a bhráthir 's a píobaire,
An cás leat ar an aít seo gan rinnce me?
Más máighistir an fear árd scáinnte buidhe dubh-
san,
Is mí-ádhmharach an cheárd do chuir a mhuinntir
roimis.



PÚCA NA nADHARC.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services