Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Seanaid na nGaedheal - Cuirtear Corc sa Bhairile Feasta, a uaisle.
Title
Seanaid na nGaedheal - Cuirtear Corc sa Bhairile Feasta, a uaisle.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Seanaid na nGaedheal CUIRTEAR CORC SA BHAIRILE FEASTA, A UAISLE. Nuair bhíos-sa ar scoil sa tseana-shaoghal, ní raibh námhaid ba mhó agam ná bairile. Seo mar a thárlaidh sin. An mí-fhortún máighistir a bhí againn, ní raibh oiread mo dhuirn ann, acht bhí béic asail aige, agus rud ba mheasa na soin, slat chomh fada le slat Mhaoise. "Anois adeireadh sé, agus é ag sástáil síos agus suas, agus ag fáscadh na slaite ar tí na súl a bhaint asainn, "tá bairile áirithe ann agus dhá pholl ann - poll 'n-a bhun agus poll 'n-a bharr, agus dhá corc ionnta. Dá mbeadh an bairle lán d'uisce agus go dtarraiceoghthá an corc thíos do bheadh an bairile follamh i gcionn deich nóimití; acht dá mbeadh sé follamh agus go leogfá uisce isteach ann tríd an bpoll thuas, do bheadh sé lán i gcionn dhá nóimit déag. Cuir i gcás anois go mbeadh an bairile lán, agus go dtarraiceoghthá an dá chorc i n-éinfheacht, cahuin a bheadh sé i n-dísc? Is ar ar gceist seo do chuimhnigheas an lá fé dheireadh nuair chonnac aiste Chonáin Mhaoil mar gheall ar an scoil Ghaedhealaigh. Mar is solaoid d'Éirinn an bairile úd. Bhí sí ar scéidhe de Ghaedhilg - cnuasach saothair intinne ár sinsear romhainn. Annsoin, do tháinig an fealltóir Sasannaigh, agus do dhein sé poll i dtóin an bhairile, agus siúd an t-uachtar saidhbhir le fánaidh. I n-ionad an phuill a stop is amhlaidh a bhíomar-na, ar nós bhraisile leanbh timcheall locháin ar thaobh sráide glagair, ag rinnce agus bualadh bas le spórt nuair choncamair na caisí geala ag gabháil síos, agus do rop cuid againn ár méaranna sa pholl ghá fhair- singiughadh i gcás go mbeadh tuile níos mó againn. Sul a raibh an tubaist ar fad déanta againn do tháinig fir chalma Chonnradh na Gaedhilge d'ár gcosc. D'éis aghaidh béil a thabhairt orainne do chuadar ag stop an phuill. Acht níor leog an Sasannach dóibh é. "Pé nídh is mar a dheineann an bairile," ar sé, "is liom-sa an poll soin, agus ní leómhthaidh sibh barra méire a leogaint air." "Déinimís poll i gceann an bhairilie" arsa na fir, "agus cuirimís tuilleadh uachtair ann." Do déanadh mar sin, agus do chuireadar fios ar uachtar ar fuid na tíre le cur 'sa' bhairile; acht foríor! tá uachtar gann i nÉirinn anois. Cuireadh stranncán maith ó Bhaile Mhúirne chúcha, cuid ó'n nGailimh, cuid ó Chiaraidhe. Do chuir an tAthair Peadar tuna uaidh féin chúcha; agus do bhailigh Cú Uladh, an fear bocht lán poitín dóibh thall 'sa abhus i dTír Chonaill. 'N-a n-éaghmais sin, is minic ná raibh le fagháil aca acht an bainne géar, an lionn caol, agus an bhláthach. Ní ag lochtughadh na ndaoine n-a thaobh soin atáim, mar thugadar uatha go toilteanach é, agus ní raibh a mhalairt aca. Tá atharrach scéil le tamall againn, agus ó tá is dóigh liom-sa nár mhisde dhúinn a tharrac chugainn. D'fhág na Sasannaigh an bairile fúinn féin. Nach mithid dúinn an corc a chur ann? Bhí tuigsint mhór i
mbairile ag an máighistir úd a bhí orm-sa, agus déarfadh sé ná tiucfadh leis an nGobán Saor féin é líonadh faid a fágfidhe a leogaint uaidh tríd an uathais mhóir úd 'n-a thóin é. Ní ag dul i gcumhainge atá an uathais seo. tá seacht gcomhachta ag cabhrughadh le chéile chun í leathanughadh ó ló go ló. Farsingi- gheann rith uisce poll choidhche. Ní'l éan- duine a thógadh suas le galldachas ná déan- faidh sé na daoine a bheidh 'n-a chomhluadar gallda mar é féin. Chonnac-sa an lá eile triúr leanbh óga nár chuaidh ar scoil riamh ghá dhéanamh so le na sean-mháthair agus í i n-aois a ceithre fichid. Bhí "tiss, a laogh," agus "neo, a laogh," agus "mindeen yoursel, a chuidín," ar bharra a teangan ó mhaidin go hoidhche aici dhóibh. Tá an traen agus na camthaí seirbhíseach a bhíonn na feidhil á dhéanamh; tá an post, agus buachaillí an phuist a théidheann ó thigh go tigh san tuaith dá dhéanamh; tá páipéar na seachtmhaine á dhéanamh; an gnó céadna ar siubhal san scoil agus san séipéal; na timthirí atá amuigh ó sna Bórdaibh seo a bhíonn ag comhairliughadh na bhfeirmeóirí; na tighthe ósta agus na cuairteóirí agus a lucht leanamhana - tá siad so uile ag méadughadh an phuill úd, mar tá siad ó cheann ceann de'n bhliadhain ag dingeadh Béarla isteach ár gcluasaibh. Féachaimís anois an bhfuil ár sciath- chosanta leathan láidir a dhóthain chun na náimhde uile seo a choimeád uainn amach. Tá ár seasamh ar na páistíbh. Chíonn gach éinne é sin. Caillimís iad, agus tá sé chomh maith againn "slán beó" fhágaint ag ár mbairile go deó. Coimeádamís Gaedhealach iad, agus tá an lá linn. Ní fheadar an dtuigidh do léightheóirí deacracht an nídh seo ámhthach. Labhradh éan-athair cloinne atá ag casadh le n-a leanbhaí féin a thabhairt suas mar badh chóir. Badh mhaith liom focal ó Pheadar Ó Laoidhléis ar an gceist seo. Sé Ióbh is dóigh liom adeir gur cogadh síoraidhe beatha dhuine ar an saoghal. Acht deirm-se ná fuil sa chogadh so acht neamh-nídh seachas an cogadh a bhíonn ar gach teinteán i n-a mbítear ag casadh le leanbhaí do choimeád Geadhealach i n-indheóin na náimhde do áirimhigheas thuas. Agur má's mar so atá an scéal ag leanbhaí na nGaedhilgeóirí con- nus atá sé ag an marcsluagh ná tabharfadh a dtúismidhthe biorán buidhe ar ciaca bhéidís Gaedhealach nó Gallda! Cad do dhéinimíd- na, muinntir na Gaedhilge, do sna leanbhaíbh seo. Múinimíd páidreacha Gaedhilge dhóibh, ach is i mBéarla déanfaidh an sagart agus an t-Easpog iad do cheistiughadh; múinimíd dóibh connus Gaedhilg do léigheamh, acht óir is scoil Bhéarla í, caithfidh an Béarla bheith i mbun 's i mbárr ár gcuid oibre. Múinimíd rinnce Gaedhealach dhóibh, acht is i mBéarla dhéanfaid siad cainnt air agus úsáid de n-a dhiaidh sin. Sé an scéal céadna ag gach nídh eile é. Ní'l an fear soin cruthanta fós a dhéanfadh nídh do bh'fearr de leanbhaíbh leis an saghas so oideachais ná Anglo Irish- men. Sin é go cruínn atá againn dá dhéunamh díobh. Ní'l ann acht ag casadh le baraile na tóna briste do líonadh. Ní'l réiteach na ceiste seo, ná sábháil na teangan le fagháil taobh amuigh de'n scoil Ghaedhealaigh. Is éigin na leanbhaí do chur uirthi, agus gach nídh d'oirfidh dóibh a mhúineadh i nGaedhilg. Ní dhéanfadh an galldachas díth ná dochair annsoin dóibh. Do thuitfeadh sé siar síos díobh mar a thuiteann an braon de'n lachain. Ní féidir an teagasc so thabhairt i n-éan-scoil náisiúnta indiu. Ní'l sa cheann is fearr aca so go fíor acht scoil
ghallda. Caithfimíd féin, ar an adhbhar soin, costas na scoile d'fhulang sa chéad fháscadh. Ní'l amhrus ar domhan, ar a shon sain, má chuirfimíd suas í, agus má théidheann an obair chun cinn innti - má thigeann linn gnó tair- bheach a dhéanamh innti - níl amhras ar domhan ná go ndíolfadh an bórd éighinn asti i gcionn chúpla bliadhain, agus ná go leogfaidís dúinne leanamhaint do'n obair do chuire- amair ar bun innti. Is dóigh liom féin go mbeidh eagla an chostais ar an gCoiste Ghnótha; agus má bhíonn is dócha gur bh'fhéidir do dhaoinibh lasmuigh de'n Choiste an t-airgead do dhéanamh suas. Táim chomh cinnte go bhfuil an scoil ag teastáil uainn, chomh cinn- te go ndíolfadh an Bord i gcionn chúpla bliadhan aisti, agus annsoin gur bh'fhéidir dúinn mórán dá saghas a bheith againn; chómh cinnte go bhfuil saoradh na teangan innte, go dtabharfad £5 d'éan-fhuireann Gaedhil- geóirí a chuirfidh le chéile chun í do sholáthar. Tá saothar mór déanta le deich mbliadhna againn. Ba ró-lag é ár dtosnughadh: Ní'l bliadhain a ghabhann tharainn ná tugam- aoid coiscéinn chun cinn - ná téidhmíd pas beag níos aoirde. Is maith é sin. Leanamís de. Excelsior choidhche! Tá coiscéim na bliadhna so gan tabhairt fós againn. Tugaimís chun scoile Chonáin í. GRUAGACH an TOBÁIR. An 'mdhó uair a déarfair gan t'anál do tharrac: Chúig cinn de chailleachaibh bhirreanna, bhachacha, cheann- fhionna chrosacha bior-chluasacha. Cia aca do sna chúig cinn de chailleachaibh, birreanna, bacacha, ceann- fhionna, crosacha, bior-chluasacha do raghaidh le n-a cuid ag triall ar an gcailligh bhirreann, bhacaigh cheannfhionn, chorsaigh bhior-chluasaigh. Mise an chailleach bhirreann bhacach cheann-fhionn, chrosach bhior-chluasach do raghaidh le n-a cuid ag triall ar an gcailligh bhirreann bhacaigh cheann-fhionn chrasaigh bhior-chluasaigh. PÚCA NA nADHARC.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services