Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seanaid na nGaedheal - Cuirtear Corc sa Bhairile Feasta, a uaisle.

Title
Seanaid na nGaedheal - Cuirtear Corc sa Bhairile Feasta, a uaisle.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 295


Seanaid
na nGaedheal



CUIRTEAR CORC SA BHAIRILE FEASTA,
A UAISLE.



Nuair bhíos-sa ar scoil sa tseana-shaoghal,
ní raibh námhaid ba mhó agam ná bairile.
Seo mar a thárlaidh sin. An mí-fhortún
máighistir a bhí againn, ní raibh oiread mo
dhuirn ann, acht bhí béic asail aige, agus rud
ba mheasa na soin, slat chomh fada le slat
Mhaoise. "Anois adeireadh sé, agus é ag
sástáil síos agus suas, agus ag fáscadh na
slaite ar tí na súl a bhaint asainn, "tá
bairile áirithe ann agus dhá pholl ann - poll
'n-a bhun agus poll 'n-a bharr, agus dhá
corc ionnta. Dá mbeadh an bairle lán
d'uisce agus go dtarraiceoghthá an corc
thíos do bheadh an bairile follamh i gcionn
deich nóimití; acht dá mbeadh sé follamh agus
go leogfá uisce isteach ann tríd an bpoll
thuas, do bheadh sé lán i gcionn dhá nóimit
déag. Cuir i gcás anois go mbeadh an
bairile lán, agus go dtarraiceoghthá an dá
chorc i n-éinfheacht, cahuin a bheadh sé i
n-dísc?



Is ar ar gceist seo do chuimhnigheas an lá
fé dheireadh nuair chonnac aiste Chonáin
Mhaoil mar gheall ar an scoil Ghaedhealaigh.
Mar is solaoid d'Éirinn an bairile úd.
Bhí sí ar scéidhe de Ghaedhilg - cnuasach
saothair intinne ár sinsear romhainn.
Annsoin, do tháinig an fealltóir Sasannaigh,
agus do dhein sé poll i dtóin an bhairile, agus
siúd an t-uachtar saidhbhir le fánaidh. I
n-ionad an phuill a stop is amhlaidh a
bhíomar-na, ar nós bhraisile leanbh timcheall
locháin ar thaobh sráide glagair, ag rinnce
agus bualadh bas le spórt nuair choncamair
na caisí geala ag gabháil síos, agus do rop
cuid againn ár méaranna sa pholl ghá fhair-
singiughadh i gcás go mbeadh tuile níos
mó againn.



Sul a raibh an tubaist ar fad déanta
againn do tháinig fir chalma Chonnradh na
Gaedhilge d'ár gcosc. D'éis aghaidh béil a
thabhairt orainne do chuadar ag stop an
phuill. Acht níor leog an Sasannach dóibh é.



"Pé nídh is mar a dheineann an bairile,"
ar sé, "is liom-sa an poll soin, agus ní
leómhthaidh sibh barra méire a leogaint
air."



"Déinimís poll i gceann an bhairilie"
arsa na fir, "agus cuirimís tuilleadh
uachtair ann."



Do déanadh mar sin, agus do chuireadar
fios ar uachtar ar fuid na tíre le cur 'sa'
bhairile; acht foríor! tá uachtar gann i
nÉirinn anois. Cuireadh stranncán maith
ó Bhaile Mhúirne chúcha, cuid ó'n nGailimh,
cuid ó Chiaraidhe. Do chuir an tAthair
Peadar tuna uaidh féin chúcha; agus do
bhailigh Cú Uladh, an fear bocht lán poitín
dóibh thall 'sa abhus i dTír Chonaill. 'N-a
n-éaghmais sin, is minic ná raibh le fagháil
aca acht an bainne géar, an lionn caol, agus
an bhláthach. Ní ag lochtughadh na ndaoine
n-a thaobh soin atáim, mar thugadar uatha go
toilteanach é, agus ní raibh a mhalairt aca.



Tá atharrach scéil le tamall againn, agus
ó tá is dóigh liom-sa nár mhisde dhúinn
a tharrac chugainn. D'fhág na Sasannaigh an
bairile fúinn féin. Nach mithid dúinn an
corc a chur ann? Bhí tuigsint mhór i


L. 296


mbairile ag an máighistir úd a bhí orm-sa,
agus déarfadh sé ná tiucfadh leis an
nGobán Saor féin é líonadh faid a fágfidhe
a leogaint uaidh tríd an uathais mhóir úd
'n-a thóin é.



Ní ag dul i gcumhainge atá an uathais seo.
tá seacht gcomhachta ag cabhrughadh le chéile
chun í leathanughadh ó ló go ló. Farsingi-
gheann rith uisce poll choidhche. Ní'l éan-
duine a thógadh suas le galldachas ná déan-
faidh sé na daoine a bheidh 'n-a chomhluadar
gallda mar é féin. Chonnac-sa an lá eile
triúr leanbh óga nár chuaidh ar scoil riamh
ghá dhéanamh so le na sean-mháthair agus í i
n-aois a ceithre fichid. Bhí "tiss, a laogh,"
agus "neo, a laogh," agus "mindeen
yoursel, a chuidín," ar bharra a teangan ó
mhaidin go hoidhche aici dhóibh. Tá an traen
agus na camthaí seirbhíseach a bhíonn na feidhil
á dhéanamh; tá an post, agus buachaillí an
phuist a théidheann ó thigh go tigh san tuaith
dá dhéanamh; tá páipéar na seachtmhaine á
dhéanamh; an gnó céadna ar siubhal san
scoil agus san séipéal; na timthirí atá amuigh
ó sna Bórdaibh seo a bhíonn ag comhairliughadh
na bhfeirmeóirí; na tighthe ósta agus na
cuairteóirí agus a lucht leanamhana - tá siad so
uile ag méadughadh an phuill úd, mar tá
siad ó cheann ceann de'n bhliadhain ag
dingeadh Béarla isteach ár gcluasaibh.



Féachaimís anois an bhfuil ár sciath-
chosanta leathan láidir a dhóthain chun na
náimhde uile seo a choimeád uainn amach.
Tá ár seasamh ar na páistíbh. Chíonn gach
éinne é sin. Caillimís iad, agus tá sé chomh
maith againn "slán beó" fhágaint ag ár
mbairile go deó. Coimeádamís Gaedhealach
iad, agus tá an lá linn. Ní fheadar an
dtuigidh do léightheóirí deacracht an nídh
seo ámhthach. Labhradh éan-athair cloinne atá
ag casadh le n-a leanbhaí féin a thabhairt suas
mar badh chóir. Badh mhaith liom focal ó
Pheadar Ó Laoidhléis ar an gceist seo. Sé
Ióbh is dóigh liom adeir gur cogadh síoraidhe
beatha dhuine ar an saoghal. Acht deirm-se
ná fuil sa chogadh so acht neamh-nídh seachas
an cogadh a bhíonn ar gach teinteán i n-a
mbítear ag casadh le leanbhaí do choimeád
Geadhealach i n-indheóin na náimhde do
áirimhigheas thuas. Agur má's mar so atá
an scéal ag leanbhaí na nGaedhilgeóirí con-
nus atá sé ag an marcsluagh ná tabharfadh a
dtúismidhthe biorán buidhe ar ciaca bhéidís
Gaedhealach nó Gallda! Cad do dhéinimíd-
na, muinntir na Gaedhilge, do sna leanbhaíbh
seo.



Múinimíd páidreacha Gaedhilge dhóibh, ach
is i mBéarla déanfaidh an sagart agus an
t-Easpog iad do cheistiughadh; múinimíd
dóibh connus Gaedhilg do léigheamh, acht óir
is scoil Bhéarla í, caithfidh an Béarla bheith i
mbun 's i mbárr ár gcuid oibre. Múinimíd
rinnce Gaedhealach dhóibh, acht is i mBéarla
dhéanfaid siad cainnt air agus úsáid de
n-a dhiaidh sin. Sé an scéal céadna ag gach
nídh eile é. Ní'l an fear soin cruthanta
fós a dhéanfadh nídh do bh'fearr de leanbhaíbh
leis an saghas so oideachais ná Anglo Irish-
men. Sin é go cruínn atá againn dá
dhéunamh díobh. Ní'l ann acht ag casadh
le baraile na tóna briste do líonadh.



Ní'l réiteach na ceiste seo, ná sábháil na
teangan le fagháil taobh amuigh de'n scoil
Ghaedhealaigh. Is éigin na leanbhaí do chur
uirthi, agus gach nídh d'oirfidh dóibh a mhúineadh i
nGaedhilg. Ní dhéanfadh an galldachas díth
ná dochair annsoin dóibh. Do thuitfeadh sé
siar síos díobh mar a thuiteann an braon
de'n lachain. Ní féidir an teagasc so
thabhairt i n-éan-scoil náisiúnta indiu. Ní'l
sa cheann is fearr aca so go fíor acht scoil


L. 297


ghallda. Caithfimíd féin, ar an adhbhar soin,
costas na scoile d'fhulang sa chéad fháscadh.



Ní'l amhrus ar domhan, ar a shon sain, má
chuirfimíd suas í, agus má théidheann an obair
chun cinn innti - má thigeann linn gnó tair-
bheach a dhéanamh innti - níl amhras ar domhan
ná go ndíolfadh an bórd éighinn asti i
gcionn chúpla bliadhain, agus ná go leogfaidís
dúinne leanamhaint do'n obair do chuire-
amair ar bun innti.



Is dóigh liom féin go mbeidh eagla an
chostais ar an gCoiste Ghnótha; agus má
bhíonn is dócha gur bh'fhéidir do dhaoinibh
lasmuigh de'n Choiste an t-airgead do
dhéanamh suas. Táim chomh cinnte go
bhfuil an scoil ag teastáil uainn, chomh cinn-
te go ndíolfadh an Bord i gcionn chúpla
bliadhan aisti, agus annsoin gur bh'fhéidir
dúinn mórán dá saghas a bheith againn; chómh
cinnte go bhfuil saoradh na teangan innte,
go dtabharfad £5 d'éan-fhuireann Gaedhil-
geóirí a chuirfidh le chéile chun í do sholáthar.



Tá saothar mór déanta le deich mbliadhna
againn. Ba ró-lag é ár dtosnughadh:
Ní'l bliadhain a ghabhann tharainn ná tugam-
aoid coiscéinn chun cinn - ná téidhmíd pas
beag níos aoirde. Is maith é sin. Leanamís
de. Excelsior choidhche! Tá coiscéim na
bliadhna so gan tabhairt fós againn.
Tugaimís chun scoile Chonáin í.



GRUAGACH an TOBÁIR.



An 'mdhó uair a déarfair gan t'anál do tharrac:
Chúig cinn de chailleachaibh bhirreanna, bhachacha, cheann-
fhionna chrosacha bior-chluasacha. Cia aca do sna
chúig cinn de chailleachaibh, birreanna, bacacha, ceann-
fhionna, crosacha, bior-chluasacha do raghaidh le n-a
cuid ag triall ar an gcailligh bhirreann, bhacaigh
cheannfhionn, chorsaigh bhior-chluasaigh. Mise an
chailleach bhirreann bhacach cheann-fhionn, chrosach
bhior-chluasach do raghaidh le n-a cuid ag triall ar an
gcailligh bhirreann bhacaigh cheann-fhionn chrasaigh
bhior-chluasaigh.



PÚCA NA nADHARC.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services