Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Clodhanna Nua.
Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CLODHANNA NUA. BEATHA FIONN-BHARRA. - Seo leabhairín deas do scríobh an tAthair Ó Briain. Tá trácht an-thaithneamhach ann ar Fionn-Bharra, agus ar Ghugán Barra. Cuireann sé síos ar stair na háite agus ar na hoibreacha nua atá déanta ann ag an Sagart Paróiste, an tAthair Ó Murthuile. Tá crut nua ar an áit dá dheascaibh, agus is iongantach an méid atá déanta aige chum an sean-urraim do choimeád ar bun d'ainm Fionn-Bharra. Muinntir Guí do chuir an leabhairín i gcló, agus leath-réal a fhiacha. LOCH LÉIN. - Tá fáilte is céad againn rómhat, a "Loch Léin". Tá féachaint thaitneamhach Ghaedhealach ort féin agus ar na sreathannaibh breaghtha Gaedhilge atá leathstigh dhíot. Guidhmíd saoghal fada d'Fhiannaibh Locha Léin. Gura fada choimeádfaid an báire ar saothar ó Ghleann Fleisce go dtí Croma-Ghleann na bhFiann. Is fearr an dara uimhir 'ná an céad cheann, agus tá feabhas mór ar an dtríomhadh uimhir. Go mairid Oisín agus a chuideachta. Bíonn fáilte againn i gcomhnuidhe roimh an Anglo-Celt. Tá sé ag cuidiughadh go tréan leis an nGaedhilg. Bíonn ceachtanna beaga ann gach seactmhain i gcóir lucht foghlumtha na Gaedhilge, fé chúram Risteárd Uí Shéaghdha, Gaedhilgeóir atá le fada bhliadhanta ag oibruighadh ar son na Gaedhilge. Tagann fo-cheann de St. Stephen's n-ar dtreó. Is gnáthach rudaí maithe ann. Cuirtear "Banba" ag triall orainn i gcomhnuidhe. Nach dona an scéal é nár b'éidir di maireachtaint gan Béarla bheith innti. Tuilleadh de'n "uaigneas" duit, a Bhanba. Gheibhmíd, uair sa choigthigheas, ár sean-chara ó Chanada "Mac-talla". Is oth linn nach féidir di teacht amach uair san tseachtmhain. Ní bíonn dada innti acht Gaedhilg - Gaedhilg na hAlbann. Fuaramar Féilire ó'n gCló-chumann, agus ceann eile ó Mhuinntir Bhrúin agus Ó Nualláin. Táid siad ar aon go deas, acht tá fo-locht ar an tarna ceann. Ba dhóigh le duine gurab é an Luan an chéad lá de'n tseachtmhain. Seoltar litreacha i dtaobh Eagarthóireachta go dtí an Fear Eagair; agus litreacha i dtaobh Bhainistighe go dtí an Stiúrthóir, OIfig an Chonnartha, 24 Sráid Uachtarach Uí Chonaill, Áth Cliath.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services