Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Clodhanna Nua.

Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CLODHANNA NUA.



BEATHA FIONN-BHARRA. - Seo leabhairín deas do
scríobh an tAthair Ó Briain. Tá trácht an-thaithneamhach
ann ar Fionn-Bharra, agus ar Ghugán Barra.
Cuireann sé síos ar stair na háite agus ar na
hoibreacha nua atá déanta ann ag an Sagart
Paróiste, an tAthair Ó Murthuile. Tá crut nua ar
an áit dá dheascaibh, agus is iongantach an méid atá
déanta aige chum an sean-urraim do choimeád ar
bun d'ainm Fionn-Bharra. Muinntir Guí do chuir an
leabhairín i gcló, agus leath-réal a fhiacha.



LOCH LÉIN. - Tá fáilte is céad againn rómhat, a "Loch
Léin". Tá féachaint thaitneamhach Ghaedhealach ort féin
agus ar na sreathannaibh breaghtha Gaedhilge atá leathstigh
dhíot. Guidhmíd saoghal fada d'Fhiannaibh Locha Léin.
Gura fada choimeádfaid an báire ar saothar ó Ghleann
Fleisce go dtí Croma-Ghleann na bhFiann. Is fearr
an dara uimhir 'ná an céad cheann, agus tá feabhas mór
ar an dtríomhadh uimhir. Go mairid Oisín agus a
chuideachta.



Bíonn fáilte againn i gcomhnuidhe roimh an
Anglo-Celt. Tá sé ag cuidiughadh go tréan leis an
nGaedhilg. Bíonn ceachtanna beaga ann gach
seactmhain i gcóir lucht foghlumtha na Gaedhilge, fé
chúram Risteárd Uí Shéaghdha, Gaedhilgeóir atá le
fada bhliadhanta ag oibruighadh ar son na Gaedhilge.



Tagann fo-cheann de St. Stephen's n-ar dtreó.
Is gnáthach rudaí maithe ann.



Cuirtear "Banba" ag triall orainn i
gcomhnuidhe. Nach dona an scéal é nár b'éidir
di maireachtaint gan Béarla bheith innti. Tuilleadh
de'n "uaigneas" duit, a Bhanba.



Gheibhmíd, uair sa choigthigheas, ár sean-chara ó
Chanada "Mac-talla". Is oth linn nach féidir di
teacht amach uair san tseachtmhain. Ní bíonn dada
innti acht Gaedhilg - Gaedhilg na hAlbann.



Fuaramar Féilire ó'n gCló-chumann, agus ceann eile
ó Mhuinntir Bhrúin agus Ó Nualláin. Táid siad
ar aon go deas, acht tá fo-locht ar an tarna ceann.
Ba dhóigh le duine gurab é an Luan an chéad lá de'n
tseachtmhain.



Seoltar litreacha i dtaobh Eagarthóireachta go
dtí an Fear Eagair; agus litreacha i dtaobh Bhainistighe
go dtí an Stiúrthóir, OIfig an Chonnartha, 24 Sráid
Uachtarach Uí Chonaill, Áth Cliath.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services