Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
"Teach sagamsa" d'fhear an chlaidhimh
Title
"Teach sagamsa" d'fhear an chlaidhimh
Author(s)
Laigheanach,
Pen Name
Laigheanach
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
"Teach sagamsa" d'fhear an chlaidhimh A Dhuine Chóir, Do léigheas litir an Dubhghallaigh insa gCLAIDHEAMH an tseachtmhain seo chuaidh tharainn, acht sílim nach bhfuil an ceart aige insa mhéid adubhairt sé faoi "teach sagamsa," agus inneosaidh mé dhuit an t-ádhbhar. Bíonn an "s" caol i gcomhnuidhe insa bhfocal "so" i nDún na nGall agus i gConnachtaibh, bíodh sé roimh nó leanadh sé litir caol nó litir leathan agus dá mbudh é "so" a bheadh ann bheadh an chéad "s" i "sagamsa" caol, acht níl. Bíonn sé leathan i gcomhnuidhe. A réir mo bharamhail-sa ní hé "so" atá ann ar chor ar bith, acht "is," "teach sagamsa" = an teach is agamsa" = teach 's agamsa" (sagamsa). Ní chualas sin ariamh "teach sagamsa" nó "mac sagamsa," agus a leithéidí in inead "mo theach-sa" agus "mo mhac-sa" ag muintir Chonnacht, acht ní'l sé acht cúpla lá ó shoin ó bhí mé ag labhairt Gaedhilge le fear as chondae Mhuigh Eo agus dubhairt sé "thíos in áit sagainne" (is againne). Sílim gur ar an mbealach ceudna é seo agus "teach sagamsa," bíodh nár thuig an Chonnachtach, cia ba bhrigh do "theach sagamsa." Shíl sé gur mheasas a rádh "an teach atá a fhios agam air." Laigheanach Bealtaine 15, 1899
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services