"Teach sagamsa"
d'fhear an chlaidhimh
A Dhuine Chóir,
Do léigheas litir an Dubhghallaigh insa gCLAIDHEAMH
an tseachtmhain seo chuaidh tharainn, acht sílim nach bhfuil
an ceart aige insa mhéid adubhairt sé faoi "teach
sagamsa," agus inneosaidh mé dhuit an t-ádhbhar. Bíonn
an "s" caol i gcomhnuidhe insa bhfocal "so" i nDún na
nGall agus i gConnachtaibh, bíodh sé roimh nó leanadh sé
litir caol nó litir leathan agus dá mbudh é "so" a bheadh
ann bheadh an chéad "s" i "sagamsa" caol, acht níl.
Bíonn sé leathan i gcomhnuidhe. A réir mo bharamhail-sa
ní hé "so" atá ann ar chor ar bith, acht "is," "teach
sagamsa" = an teach is agamsa" = teach 's agamsa"
(sagamsa).
Ní chualas sin ariamh "teach sagamsa" nó "mac
sagamsa," agus a leithéidí in inead "mo theach-sa" agus "mo
mhac-sa" ag muintir Chonnacht, acht ní'l sé acht cúpla
lá ó shoin ó bhí mé ag labhairt Gaedhilge le fear as
chondae Mhuigh Eo agus dubhairt sé "thíos in áit sagainne"
(is againne). Sílim gur ar an mbealach ceudna é seo
agus "teach sagamsa," bíodh nár thuig an Chonnachtach, cia
ba bhrigh do "theach sagamsa." Shíl sé gur mheasas a
rádh "an teach atá a fhios agam air."
Laigheanach
Bealtaine 15, 1899