Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sinn Féin.
Title
Sinn Féin.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SINN FÉIN Tá ceaptha againn mór-uimhir de'n IRISLEABHAR do thabhairt amach an mhí seo chughainn i gcóir an Oireachtais. Ní maith linn beith gár moladh féin, acht déarfam an méid seo; ná feacathas riamh i nGaedhilg páipéar chomh maith chomh tábhachtach ná chomh Gaedhealach is do beidh againn féin i gcóir cruinniughadh na nGaedheal i mBaile Átha Cliath, an mhí seo chughainn. Beidh pictiúirí againn ann. Beidh ceól Gaedhealach againn ann. Beidh ealadhnta breaghtha Gaedhilge ann. Tá an CRAOIBHÍN AOIBHINN tar éis "An Pósadh" do thabhairt dúinn chum é chur i gcló do'n chéad uair. Beifear gá chur ar árdán oidhche éigint i rith seachtmhain an Oireachtais, agus an Craoibhín féin 'n-a Reachtaraigh File. Is mór an áis ag Gaedhilgeóiríbh, an dráma beith i gcló i gcóir na hoidhche úd, agus táimíd an-bhuidheach de'n Chraoibhín mar gheall ar é thabhairt dúinne. Fear ó Chonntae Dhún na nGall do bhuaidh an duais an mhí seo. Giota beag taithneamhach is eadh scéilín Sheagháin Mhic an Ultaigh. Ní'l éan-amhras air ná gur sean-eachtra é scéal Chnuic an Ghainimh. Do bhual sé umainn féin i nEachtra Maoldúin do chaith trí bliadhna is ráithe ar an bfairrge mhóir ag imtheacht ó oileán go hoileán. Do scríobhadh Eachtra Maoldúin timcheall na bliadhna 700. Nach éachtach an rud é an scéal céadna beith lán-bheó fós. Beir buadh, a Ghaedheala. Ní'l éan-trácht ar an "Scoil Ghaedhealach" againn an mhí seo, acht tá ealadha ar láimh againn ó'n nGruagach um an gceist úd. An mhí seo chughainn, a Ghruagaigh, le congnamh dé. Tá litir Phádraig Aughus againn dá chur i gcló an taca so. Is cuimhin le n-ár léightheóríbh mar do roinneadh an chéad duais idir é féin agus Domhnall Óg Ó Ceallacháin ó Chorcaigh. Duine de dhaltaíbh Oisín is eadh Pádraig agus samhluigheann sé dhúinne gur gearr go mbeidh sé ar a chumas ionad do sholathar dhó féin i measc Féinne an Locha. Go n-éirghidh leó go tréan. Caithfimíd réal d'iarraidh ar IRISLEABHAR na Bealtaine, agus deir an bainisteóir gur mhaith leis an deifir bheag d'fhagháil ó sna daoinibh do gheibheann an tIRISLEABHAR tríd an bpost.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services