Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sinn Féin.

Title
Sinn Féin.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 280


SINN FÉIN



Tá ceaptha againn mór-uimhir de'n IRISLEABHAR
do thabhairt amach an mhí seo chughainn i gcóir an
Oireachtais. Ní maith linn beith gár moladh féin, acht
déarfam an méid seo; ná feacathas riamh i nGaedhilg
páipéar chomh maith chomh tábhachtach ná chomh Gaedhealach
is do beidh againn féin i gcóir cruinniughadh na
nGaedheal i mBaile Átha Cliath, an mhí seo chughainn.



Beidh pictiúirí againn ann. Beidh ceól Gaedhealach
againn ann. Beidh ealadhnta breaghtha Gaedhilge ann.



Tá an CRAOIBHÍN AOIBHINN tar éis "An Pósadh"
do thabhairt dúinn chum é chur i gcló do'n chéad uair.
Beifear gá chur ar árdán oidhche éigint i rith seachtmhain
an Oireachtais, agus an Craoibhín féin 'n-a Reachtaraigh
File. Is mór an áis ag Gaedhilgeóiríbh, an dráma
beith i gcló i gcóir na hoidhche úd, agus táimíd an-bhuidheach
de'n Chraoibhín mar gheall ar é thabhairt dúinne.



Fear ó Chonntae Dhún na nGall do bhuaidh an duais
an mhí seo. Giota beag taithneamhach is eadh scéilín
Sheagháin Mhic an Ultaigh. Ní'l éan-amhras air ná gur
sean-eachtra é scéal Chnuic an Ghainimh. Do bhual sé
umainn féin i nEachtra Maoldúin do chaith trí bliadhna
is ráithe ar an bfairrge mhóir ag imtheacht ó oileán go
hoileán. Do scríobhadh Eachtra Maoldúin timcheall
na bliadhna 700. Nach éachtach an rud é an scéal
céadna beith lán-bheó fós. Beir buadh, a Ghaedheala.



Ní'l éan-trácht ar an "Scoil Ghaedhealach" againn
an mhí seo, acht tá ealadha ar láimh againn ó'n
nGruagach um an gceist úd. An mhí seo chughainn, a
Ghruagaigh, le congnamh dé.



Tá litir Phádraig Aughus againn dá chur i gcló an
taca so. Is cuimhin le n-ár léightheóríbh mar do
roinneadh an chéad duais idir é féin agus Domhnall Óg
Ó Ceallacháin ó Chorcaigh. Duine de dhaltaíbh Oisín
is eadh Pádraig agus samhluigheann sé dhúinne gur gearr
go mbeidh sé ar a chumas ionad do sholathar dhó féin i
measc Féinne an Locha. Go n-éirghidh leó go tréan.



Caithfimíd réal d'iarraidh ar IRISLEABHAR na
Bealtaine, agus deir an bainisteóir gur mhaith leis an
deifir bheag d'fhagháil ó sna daoinibh do gheibheann an
tIRISLEABHAR tríd an bpost.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services