Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Máire Ní Dhomhnaill.
Title
Máire Ní Dhomhnaill.
Author(s)
Ó hEidhin, Tomás,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
MÁIRE NÍ DHOMHNAILL. Mair Máire agus a hathar i bhfochair a chéile san mbotháinín ar thaoibh an bhóthair ar feadh dhá bhliadhain go leith nó gur bhuail fiabhrus an t-athair, agus cailleadh é. Is beag nár bhris croidhe Mháire bhocht anois. Bhí sí fágtha 'n-a haonar gan duine gan deóruidhe. Ní raibh aici sa saoghal anois acht aon chara fíor amháin, Séamus Ó hAllmhuráin. Siúinéir b'eadh Séamus. Agus bhí gealadh aige féin agus ag Máire ar a chéile. Bhí Séamus ag teacht suas ar a mhuinntir féin. Bhí sé ró-óg fós le tosughadh ar dhéanamh dhó féin. Lean sé air mar bhí sé. Bhí deirbhshiúr leis san Oileán Úr agus chuir sí fios ar Mháire. Ba bhrónach an scaramhaint é scaramhaint Mháire agus Shéamuis ó n-a chéile nuair bhí sí ag imtheacht. Ní raibh súil aca go gcasfaidhe ar a chéile arís go deó iad. Ní fhéadfhadh siad smaoineadh ar phósadh. Bhíodar ró-bhocht. Acht dubhradar le chéile an mhaidin a bhí sise ag imtheacht ná pós- faidís go héag muna bpósaidís a chéile. D'imthigh Máire. D'fhág sí Éire bhocht 'n-a dhiaidh. Acht má d'fhág, níor chaill sí ariamh a grádh dá tír féin. Níor chaill sí ariamh a grádh do nídh ar bith do bhain le hÉirinn. Is gearr a bhí sí thall nuair phioc sí suas an méid Béarla do dhéin a gnó. Acht ba bheag é a meas ar an teangaidh gharbh chruaidh sin. Chuir sé brón uirthi gur chaith sí a béal do chamadh leis. Chuaidh sí ar aimsir i dtosach ag fear ar Clár Chloinne Mhuiris, togha Gaedhilgeóra, agus fear go raibh meas aige air féin agus ar Éirinn agus ar theangaidh na hÉireann. D'fhan sí ag an bhfear so nó gur dhíol sé a chuid agus gur tháinic sé ar ais go hÉirinn. Tar éis so chuaidh sí ar aimsir ag fear dlighe agus d'fhan sí aige nó gur dhein sí féin suas a haigne ar thriall ar ais dá tír féin chomh maith. (Ní Críoch). TOMÁS Ó hÉIDHIN. Tul-oidhre, Árdraithin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services