Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Máire Ní Dhomhnaill.

Title
Máire Ní Dhomhnaill.
Author(s)
Ó hEidhin, Tomás,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

MÁIRE NÍ DHOMHNAILL.



Mair Máire agus a hathar i bhfochair a
chéile san mbotháinín ar thaoibh an bhóthair ar
feadh dhá bhliadhain go leith nó gur bhuail
fiabhrus an t-athair, agus cailleadh é.



Is beag nár bhris croidhe Mháire bhocht
anois. Bhí sí fágtha 'n-a haonar gan duine
gan deóruidhe. Ní raibh aici sa saoghal
anois acht aon chara fíor amháin, Séamus Ó
hAllmhuráin. Siúinéir b'eadh Séamus.
Agus bhí gealadh aige féin agus ag Máire
ar a chéile. Bhí Séamus ag teacht suas ar
a mhuinntir féin. Bhí sé ró-óg fós le
tosughadh ar dhéanamh dhó féin. Lean sé air
mar bhí sé. Bhí deirbhshiúr leis san Oileán
Úr agus chuir sí fios ar Mháire.



Ba bhrónach an scaramhaint é scaramhaint
Mháire agus Shéamuis ó n-a chéile nuair bhí
sí ag imtheacht. Ní raibh súil aca go
gcasfaidhe ar a chéile arís go deó iad. Ní
fhéadfhadh siad smaoineadh ar phósadh.
Bhíodar ró-bhocht. Acht dubhradar le chéile
an mhaidin a bhí sise ag imtheacht ná pós-
faidís go héag muna bpósaidís a chéile.



D'imthigh Máire. D'fhág sí Éire bhocht
'n-a dhiaidh. Acht má d'fhág, níor chaill sí
ariamh a grádh dá tír féin. Níor chaill sí
ariamh a grádh do nídh ar bith do bhain le
hÉirinn. Is gearr a bhí sí thall nuair phioc
sí suas an méid Béarla do dhéin a gnó.
Acht ba bheag é a meas ar an teangaidh
gharbh chruaidh sin. Chuir sé brón uirthi gur
chaith sí a béal do chamadh leis. Chuaidh sí
ar aimsir i dtosach ag fear ar Clár Chloinne
Mhuiris, togha Gaedhilgeóra, agus fear go
raibh meas aige air féin agus ar Éirinn agus
ar theangaidh na hÉireann. D'fhan sí ag an
bhfear so nó gur dhíol sé a chuid agus gur
tháinic sé ar ais go hÉirinn. Tar éis so
chuaidh sí ar aimsir ag fear dlighe agus
d'fhan sí aige nó gur dhein sí féin suas a
haigne ar thriall ar ais dá tír féin chomh
maith.



(Ní Críoch).



TOMÁS Ó hÉIDHIN.



Tul-oidhre, Árdraithin.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services