Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Mí-ádh Mór.
Title
An Mí-ádh Mór.
Author(s)
Ó Riain, Liam,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN MÍ-ÁDH MÓR. Ó LÁIMH LIAM UÍ RIAIN (Ar Leanamhaint) Micheál [i nguth aerach] - Caidé an áit í seo? Bhíos i dTír na nÓg aréir i measc taoiseach is laochra. Is mór an truagh mé theacht thar n-ais chomh luath so. [Chíonn sé na laimhinní]. Ní mhaith liom laimhinní. Bím im' shean- chaora fad do bhím 'á gcaitheamh. Ní fhacaidh mé laimhinní ar bith i dTír na nÓg. [Cuireann sé an maide ar an mbórd agus baineann sé na laimhinní dhe]. Agus nuair bhíos ag cainnt le Fionn 'sé an rud adubhairt sé: "Is aisteach na daoine atá i nÉirinn indiu. Laimh- inní ar bhur lámha an eadh? Ba chóir dhíbh rudaí éigin eile bheith i nbhur lámhaibh agaibh i gcoinne na nGall. [Caitheann sé na laimhinní ar bharr an tsean-chófra]. As go bráth leó! [Ceól leathsmuigh]. Éist! Teachtaire ó Thír na nÓg, b'éidir. [Tagann Tadhg Óg isteach]. Ar mhaith le Fionn go raghainn thar n-ais go Tír na nÓg? Raghad agus fáilte. Tadhg Óg - An tusa atá ann, a Mhichíl? Cá rabhais i n-éan-chor? Micheál - Tá a fhios agat go maith, a theachtaire, gur i dTír na nÓg do bhíos. T. Ó. [ag gáiridhe] - Bhí fáilte agus fíonta romhat ann, is dócha. M. - Bhí gan amhras. Bhíos ag ól i bhfochair Fhinn agus Oisín. T. Ó. - Ar thaithn an t-uisce beatha leat? M. - Ní huisce beatha bhí 'á ól againn i n-éan- chor, a amadáin. Beóir do bhí againn. Dubhairt Fionn liom nach raibh uisce beatha i nÉirinn fad ó ar chor ar bith agus cé an fáth go mbeadh sé i dTír na nÓg? T. Ó. - Tá sé i nÉirinn indiu. M. - Dubhart an rud céadna leó i dTír na nÓg. "Tá a lán uisce beatha i nÉirinn indiu," arsa mise. "Tá, go deimhin," arsa Fionn; "idir uisce beatha agus Béarla, tá Éire beagnach caillte." Sul a raghad thar n-ais caithfidh mé chur n-a luighe ar mhuinntir na hÉireann nach cóir dhóibh bheith ag ól uisce beatha. T. Ó. [ag dul amach] - Is aerach an scéal é seo againn. Beidh spórt aca thuas nuair inneósad dóibh é. [Imthigheann]. M. - Fan nóimeat! Fan nóimeat! Táim ullamh! Beidh mé led' chois thar n-a's go Tír na nÓg. [Chíonn sé an muf]. Óc! nach greannmhair na faisinn atá i nÉirinn indiu! Ní fhacaidh mé a leithéid seo i dTír na nÓg. Tógann an muf]. Dar fiadh, tá na mná agus na cailíní ag dul chum cinn go háluinn. Dá mbeadh file mar Eoghan Ruadh 'n-a bheathaidh anois níor bh'fhuláir dó amhrán do cheapadh ar an Muf. Níor bh'éan- mhaitheas do bheith ag rádh: [Deir sé i nguth aerach]. "Ba mhaordha maiseach múinte í Ba chiúin í, ba shéimh a clódh, Ba chaomh a dreach 's a súil grinn Mar dhrúcht ghlinn ag déanamh spóirt." [Oscailtear doras an tseomra go hobann. Tagann Máire agus Cáit isteach sa chistin agus iongnadh ortha. Cáith.- A Mhichíl. a' chroidhe istigh - Máire [go feargach] - A chladhaire an domhain, is mithid duit teacht a-bhaile. Cá rabhais, a chrochaire -
M. - Atá a fhios ag an saoghal gur i dTír na nÓg do bhíos. Táim tar éis seal do chaitheamh ann i bhfochair Fhinn agus Oisín ag cainnt leó agus ag ól n-a gcuibh- reann - Máire [ar dearg-bhuile]. - Ar meisce san mbaile mór do bhís; agus, im' bhriathar tá tú ar meisce fós. Ó mhuise, dearg- náire chughat! Tusa ar meisce agus an siriam ag teacht! Tabhair dham fiacha na muc. Tabhair dham an cíos láith- reach bonn! M. - Airiú, cuir uait led' mhucaibh. Ná bí ag cainnt mar sin le fear atá tar éis teacht ó Thír na nÓg! [Beireann sí air, cuireann sí lámh i bpóca a chasóige; faghann sí a sparán agus osclann sí é.] Máire - A Rí na Glóire! Ní'l ann acht leath-thuistiún. [Ní féidir léi a thuilleadh a rádh go ceann tamaill. Tá fearg 's iongnadh uirthi]. … A chladhaire na croiche, cá bhfuil an t-airgead. Cá bhfuil fiacha na muc? M. - Ní bhfaghain éan-bhlas ar do chainnt, a bhean. Seo, bímís ag trácht ar fhilidh- eacht. Máire - Dhe mhuise greadadh chugat, nó an amhlaidh atá tú tar éis an beagán céille bí agat do cailleamhaint! Cá bhfuil an t-airgead? C. - Cuarduigh do phócaí, a Mhichíl. M. [ag curadach] - B'éidir go bhfuil ór as Tír na nÓg agam. [Faghann sé píopa is tobac i bpóca dhíobh, acht ní'l pioc eile le fagháil]. C. - Ní'l an t-airgead aige! Tá an donas ar fad orainn anois. Máire [go brónach] - Ochón an cíos, an cíos! Ní fheicim-se éan-rud romhainn anois acht tigh na mbocht. [Sguidheann sí i cathaoir go lag, tuirseach, agus cuireann a lámha le n-a héadan. Cuireann Micheál tobac 'n-a phíopa]. C. - Foríor géar, ní'l éan-airgead agam féin agus tá na comhursain an-bhocht. Bhí beagán agam uair, acht anois atá sé imthighthe. [Beireann sí ar an muf agus caitheann sí ar an urlár é]. Ó nach mise bhí im' óinseach dá ríribh bheith ag caitheamh mo chuid airgid ar rudaí 'n tsórt soin - mar dhéanfadh baintigh- earna féin. M. [leis féin] - Is breagh an rud tobac as Tír na nÓg. [Airightear fothram amuigh. Ritheann Tadhg Óg isteac]. T. Ó. - Tá an siriam ag teacht. M. - A theachtaire, bhfuilir ullamh chum dul thar n-ais go Tír na nÓg? Máire - Ochón! an sean-tigh bocht! An sean-tigh bocht do bhí ag m'athair romham! A Dhia, nach é lá an bhreitheamhnais an lá so? [Cromann sí ar ghol]. C. - Droch-rath air mar uisce beatha! [Tagann isteach an siriam, an tAgent, Báillí, píléirí agus cuid de sna comhursain n-a measc. Bagrann Máire dorn ortha agus téidheann fé dhéin an Agent]. Máire [go truaighmhéileach]. - Ní'l an cíos againn fós, mo chreach. Tá an mí-ádh ar fad orainn. Ar son Dé agus fág againn an sean-bhothán do bhí ag m'athair romham, agus osclóghaidh Dia na flaithis id' chóir lá éigint. Óch, fág an sean- bhothán againn ar son Dé. Agent - Stop that jabber, woman! [Leis an siriam]. Come, sheriff -
Comhursain. - Éist do chlab Béarla, a chladhaire gan truaigh - T. Ó. - Ní'l ionnat acht Searbhán nó "Sourface", mar adearfaidhe san mBéarla ghránda. [Caitheann sé "An Claidheamh Soluis" i súilibh an Agent. Clanna Gaedheal go deó! [Beireann na píléirí ar Thadhg Óg. Beir- eann na comhursain ar na píléirí, ar báillí, ar an siriam agus ar an agent. Déanaid bruigheann. Screadann Máire agus Cáit. Micheál ag féach- aint ortha go léir agus iongnadh air. Tagann an sagart paróiste isteach. Scarann ó chéile iad). Sagart - Peace, Peace! - Gabhaim párdún - síothcháin ba cheart dam a rádh, acht ní'lim ró-chliste san nGaedhilg fós. T. Ó. - Beidh na sagairt i measc na nGaedheal, lá éigint. Sagart - Tá súil le Dia agam go mbeidh. [Leis na comhursain]. Ní cóir díbh dul i n-aghaidh an dlighe. T. Ó. - Ní hé dlighe na hÉireann é. S. - Bí id' thost, a bhuachaill. [Leis na comhursain]. Caithfidh sibh dul amach - T. Ó. - Ní raghad-sa amach, pé i nÉirinn é; ní chorroghad cos - S. - Deirim-se go gcaithfidh sibh dul amach. Is olc an rud daoine bheith dá gcur amach, acht ní'l leigheas air. Caithfear bheith umhal do'n dlighe. T. Ó. - 'Seadh, do dhlighe na námhad! Tá Éire ag fagháil bháis, agus ní chloiseann sí ar leabaidh a báis acht moladh "an dlighe" agus bladaireacht searbhán. S. [Leis na daoinibh]. - Caithsidh sibh dul amach, a cáirde. [Téidheann siad amach go mall. Badh mhaith le Tadhg Óg fanamhaint, acht beireann sean-daoine air agus téidheann sé amach i n-éinfheacht leó]. Máire - Mo chreach is mo ghéar-chrádh! [Labhrann an Sagart leis an Agent ar leath-taoibh, acht croitheann an tAgent a cheann. Tá Micheál 'n-a sheasamh ar lár an urláir; é ag machtnamh; tá Cáit ag gol. Cuireann buidhean an tsiriam an troscán amach i ndiaidh a céile. Cromann siad fá dheireadh ar an sean-chófra do thógáilt amach]. Máire - Ochón! an sean-tigh do bhí ag mo mhuinntir romham. Ní'l éan-rud i ndán dúinn feasta acht tigh na mbocht. [Chíonn sí na laimhinní ar bharr an tsean- chófra]. Ó na laimhinní breaghtha dheineas, féach mar ar chaith sé uaidh iad! [le Micheál]. Árd-chrochadh chughat! [Tógann sí na laimhinní agus siubhlann trasna fé dhéin Cháit. Stadann sí go hobann. Airiú! Cad é seo annso? (Osclann sí amach ordóg laimhinne agus faghann sí sobharn buidhe innti. Faghann sí sobharn i ngach méir de'n laimhinne sin]. Máire (go háthasach). - Chúig phúint breaghtha! [Tógann sí suas an laimhinne eile agus faghann cúig phúint eile i n-ordóig agus i méireannaibh na laimhinne sin]. Máire - Moladh go deó le Dia! Tá an cíos againn agus ní fhágfam an sean-bhothán go fóill, pé ar domhan é. [Buaileann sí anonn go dtí Mícheál]. A chladhaire gan chiall, gan slacht, gan mhaith, gan mheabhair! A bhitheamhnaigh na croiche, go mbuailidh an d-l buille dá chleith ort. Nuair do bhís ar dearg- meisce chuiris an t-airgead isteach i méireannaibh do laimhinní, agus annsoin nuair thangaís chughat féin dhéinis dear- mad air, a ghobacháin ghránda! M. - Ní cóir dhuit bheith ag cainnt mar sin le fear atá tar éis teacht ó Thír na nÓg.
S. - Ná bíodh fearg ort, a Mháire. Tá an deagh-rath ort i ndeireadh an scéil. Máire (leis an Agent).- Seo dhuit an cíos agus imthigh leat as mo radharc. [Téidheann an sagart go dtí an doras. An siriam, an tAgent, Máire, Cáit, agus rl., 'san gcúinne ag cur 's ag cúiteamh i dtaoibh an chíosa. Micheál ag deargadh a phíopa]. S. (leis na comhursain). - A dhaoine mhuinn- teardha, tá an scéal socair againn i ndeireadh na dála. Tá airgead ár ndóthain againn. Bhí fiacha na muc i méireannaibh laimhinní Mhichíl. [Preabann Tadhg Óg isteach agus na daoine eile 'n-a dhiaidh]. T. Ó. (le Mícheál). - Nár lagaidh Dia do lámh, a Mhichíl. Is greannmhair an rud an t-uisce beatha. M. - Ní cóir do dhaoinibh bheith ag ól uisce beatha. Níor ólas-sa acht beóir i dTír na nÓg. Máire (le Mícheál). - Éist do bhéal agus ná bí ag leigint na gaoithe isteach. Geall- aim duit, a chladhaire, ná raghair it' aonar choidhche arís ar aonach ná ar margadh. [Orduigheann an siriam dá mhuinntir an troscán do thabhairt thar n-ais arís. Téidheann sé féin agus an tAgent agus a bhuidheann chum an dorais. Seineann Tadhg Óg port Gaedhealach ar an bhfeadóig agus tosnuighid na daoine ar rinnce]. Brat anuas.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services