AN MÍ-ÁDH MÓR.
Ó LÁIMH LIAM UÍ RIAIN
(Ar Leanamhaint)
Micheál [i nguth aerach] - Caidé an áit í
seo? Bhíos i dTír na nÓg aréir i
measc taoiseach is laochra. Is mór an
truagh mé theacht thar n-ais chomh luath
so.
[Chíonn sé na laimhinní].
Ní mhaith liom laimhinní. Bím im' shean-
chaora fad do bhím 'á gcaitheamh. Ní
fhacaidh mé laimhinní ar bith i dTír na
nÓg.
[Cuireann sé an maide ar an mbórd
agus baineann sé na laimhinní dhe].
Agus nuair bhíos ag cainnt le Fionn
'sé an rud adubhairt sé: "Is aisteach
na daoine atá i nÉirinn indiu. Laimh-
inní ar bhur lámha an eadh? Ba chóir
dhíbh rudaí éigin eile bheith i nbhur lámhaibh
agaibh i gcoinne na nGall.
[Caitheann sé na laimhinní ar bharr an
tsean-chófra].
As go bráth leó!
[Ceól leathsmuigh].
Éist! Teachtaire ó Thír na nÓg,
b'éidir.
[Tagann Tadhg Óg isteach].
Ar mhaith le Fionn go raghainn thar n-ais
go Tír na nÓg? Raghad agus fáilte.
Tadhg Óg - An tusa atá ann, a Mhichíl?
Cá rabhais i n-éan-chor?
Micheál - Tá a fhios agat go maith, a
theachtaire, gur i dTír na nÓg do bhíos.
T. Ó. [ag gáiridhe] - Bhí fáilte agus
fíonta romhat ann, is dócha.
M. - Bhí gan amhras. Bhíos ag ól i bhfochair
Fhinn agus Oisín.
T. Ó. - Ar thaithn an t-uisce beatha leat?
M. - Ní huisce beatha bhí 'á ól againn i n-éan-
chor, a amadáin. Beóir do bhí againn.
Dubhairt Fionn liom nach raibh uisce
beatha i nÉirinn fad ó ar chor ar bith agus
cé an fáth go mbeadh sé i dTír na nÓg?
T. Ó. - Tá sé i nÉirinn indiu.
M. - Dubhart an rud céadna leó i dTír na
nÓg. "Tá a lán uisce beatha i nÉirinn
indiu," arsa mise. "Tá, go deimhin,"
arsa Fionn; "idir uisce beatha agus
Béarla, tá Éire beagnach caillte."
Sul a raghad thar n-ais caithfidh mé chur
n-a luighe ar mhuinntir na hÉireann nach
cóir dhóibh bheith ag ól uisce beatha.
T. Ó. [ag dul amach] - Is aerach an scéal é
seo againn. Beidh spórt aca thuas
nuair inneósad dóibh é.
[Imthigheann].
M. - Fan nóimeat! Fan nóimeat! Táim
ullamh! Beidh mé led' chois thar n-a's
go Tír na nÓg.
[Chíonn sé an muf].
Óc! nach greannmhair na faisinn atá i
nÉirinn indiu! Ní fhacaidh mé a leithéid
seo i dTír na nÓg.
Tógann an muf].
Dar fiadh, tá na mná agus na cailíní ag
dul chum cinn go háluinn. Dá mbeadh
file mar Eoghan Ruadh 'n-a bheathaidh
anois níor bh'fhuláir dó amhrán do
cheapadh ar an Muf. Níor bh'éan-
mhaitheas do bheith ag rádh:
[Deir sé i nguth aerach].
"Ba mhaordha maiseach múinte í
Ba chiúin í, ba shéimh a clódh,
Ba chaomh a dreach 's a súil grinn
Mar dhrúcht ghlinn ag déanamh spóirt."
[Oscailtear doras an tseomra go
hobann. Tagann Máire agus Cáit
isteach sa chistin agus iongnadh ortha.
Cáith.- A Mhichíl. a' chroidhe istigh -
Máire [go feargach] - A chladhaire an
domhain, is mithid duit teacht a-bhaile.
Cá rabhais, a chrochaire -
M. - Atá a fhios ag an saoghal gur i dTír
na nÓg do bhíos. Táim tar éis seal
do chaitheamh ann i bhfochair Fhinn agus Oisín
ag cainnt leó agus ag ól n-a gcuibh-
reann -
Máire [ar dearg-bhuile]. - Ar meisce san
mbaile mór do bhís; agus, im' bhriathar tá
tú ar meisce fós. Ó mhuise, dearg-
náire chughat! Tusa ar meisce agus
an siriam ag teacht! Tabhair dham
fiacha na muc. Tabhair dham an cíos láith-
reach bonn!
M. - Airiú, cuir uait led' mhucaibh. Ná bí
ag cainnt mar sin le fear atá tar éis
teacht ó Thír na nÓg!
[Beireann sí air, cuireann sí lámh
i bpóca a chasóige; faghann sí a sparán
agus osclann sí é.]
Máire - A Rí na Glóire! Ní'l ann acht
leath-thuistiún.
[Ní féidir léi a thuilleadh a rádh go ceann
tamaill. Tá fearg 's iongnadh uirthi].
… A chladhaire na croiche, cá
bhfuil an t-airgead. Cá bhfuil fiacha na
muc?
M. - Ní bhfaghain éan-bhlas ar do chainnt, a
bhean. Seo, bímís ag trácht ar fhilidh-
eacht.
Máire - Dhe mhuise greadadh chugat, nó an
amhlaidh atá tú tar éis an beagán
céille bí agat do cailleamhaint! Cá
bhfuil an t-airgead?
C. - Cuarduigh do phócaí, a Mhichíl.
M. [ag curadach] - B'éidir go bhfuil ór as
Tír na nÓg agam.
[Faghann sé píopa is tobac i bpóca
dhíobh, acht ní'l pioc eile le fagháil].
C. - Ní'l an t-airgead aige! Tá an donas
ar fad orainn anois.
Máire [go brónach] - Ochón an cíos, an
cíos! Ní fheicim-se éan-rud romhainn
anois acht tigh na mbocht.
[Sguidheann sí i cathaoir go lag, tuirseach,
agus cuireann a lámha le n-a héadan.
Cuireann Micheál tobac 'n-a phíopa].
C. - Foríor géar, ní'l éan-airgead agam
féin agus tá na comhursain an-bhocht.
Bhí beagán agam uair, acht anois atá
sé imthighthe.
[Beireann sí ar an muf agus caitheann sí ar
an urlár é].
Ó nach mise bhí im' óinseach dá ríribh bheith
ag caitheamh mo chuid airgid ar rudaí
'n tsórt soin - mar dhéanfadh baintigh-
earna féin.
M. [leis féin] - Is breagh an rud tobac as
Tír na nÓg.
[Airightear fothram amuigh. Ritheann
Tadhg Óg isteac].
T. Ó. - Tá an siriam ag teacht.
M. - A theachtaire, bhfuilir ullamh chum dul
thar n-ais go Tír na nÓg?
Máire - Ochón! an sean-tigh bocht! An
sean-tigh bocht do bhí ag m'athair romham!
A Dhia, nach é lá an bhreitheamhnais an lá
so?
[Cromann sí ar ghol].
C. - Droch-rath air mar uisce beatha!
[Tagann isteach an siriam, an tAgent,
Báillí, píléirí agus cuid de sna comhursain
n-a measc. Bagrann Máire dorn
ortha agus téidheann fé dhéin an Agent].
Máire [go truaighmhéileach]. - Ní'l an cíos
againn fós, mo chreach. Tá an mí-ádh ar
fad orainn. Ar son Dé agus fág
againn an sean-bhothán do bhí ag m'athair
romham, agus osclóghaidh Dia na flaithis id'
chóir lá éigint. Óch, fág an sean-
bhothán againn ar son Dé.
Agent - Stop that jabber, woman!
[Leis an siriam].
Come, sheriff -
Comhursain. - Éist do chlab Béarla, a
chladhaire gan truaigh -
T. Ó. - Ní'l ionnat acht Searbhán nó
"Sourface", mar adearfaidhe san
mBéarla ghránda.
[Caitheann sé "An Claidheamh Soluis" i
súilibh an Agent.
Clanna Gaedheal go deó!
[Beireann na píléirí ar Thadhg Óg. Beir-
eann na comhursain ar na píléirí, ar
báillí, ar an siriam agus ar an agent.
Déanaid bruigheann. Screadann
Máire agus Cáit. Micheál ag féach-
aint ortha go léir agus iongnadh air.
Tagann an sagart paróiste isteach.
Scarann ó chéile iad).
Sagart - Peace, Peace! - Gabhaim párdún
- síothcháin ba cheart dam a rádh, acht
ní'lim ró-chliste san nGaedhilg fós.
T. Ó. - Beidh na sagairt i measc na
nGaedheal, lá éigint.
Sagart - Tá súil le Dia agam go mbeidh.
[Leis na comhursain].
Ní cóir díbh dul i n-aghaidh an dlighe.
T. Ó. - Ní hé dlighe na hÉireann é.
S. - Bí id' thost, a bhuachaill.
[Leis na comhursain].
Caithfidh sibh dul amach -
T. Ó. - Ní raghad-sa amach, pé i nÉirinn é;
ní chorroghad cos -
S. - Deirim-se go gcaithfidh sibh dul amach.
Is olc an rud daoine bheith dá gcur
amach, acht ní'l leigheas air. Caithfear
bheith umhal do'n dlighe.
T. Ó. - 'Seadh, do dhlighe na námhad! Tá
Éire ag fagháil bháis, agus ní chloiseann sí
ar leabaidh a báis acht moladh "an
dlighe" agus bladaireacht searbhán.
S. [Leis na daoinibh]. - Caithsidh sibh dul
amach, a cáirde.
[Téidheann siad amach go mall. Badh
mhaith le Tadhg Óg fanamhaint, acht
beireann sean-daoine air agus téidheann
sé amach i n-éinfheacht leó].
Máire - Mo chreach is mo ghéar-chrádh!
[Labhrann an Sagart leis an Agent ar
leath-taoibh, acht croitheann an tAgent
a cheann. Tá Micheál 'n-a sheasamh ar
lár an urláir; é ag machtnamh; tá
Cáit ag gol. Cuireann buidhean an
tsiriam an troscán amach i ndiaidh a
céile. Cromann siad fá dheireadh ar
an sean-chófra do thógáilt amach].
Máire - Ochón! an sean-tigh do bhí ag mo
mhuinntir romham. Ní'l éan-rud i ndán
dúinn feasta acht tigh na mbocht.
[Chíonn sí na laimhinní ar bharr an tsean-
chófra].
Ó na laimhinní breaghtha dheineas, féach mar
ar chaith sé uaidh iad!
[le Micheál].
Árd-chrochadh chughat!
[Tógann sí na laimhinní agus siubhlann
trasna fé dhéin Cháit. Stadann sí go
hobann.
Airiú! Cad é seo annso?
(Osclann sí amach ordóg laimhinne agus
faghann sí sobharn buidhe innti.
Faghann sí sobharn i ngach méir de'n
laimhinne sin].
Máire (go háthasach). - Chúig phúint
breaghtha!
[Tógann sí suas an laimhinne eile agus
faghann cúig phúint eile i n-ordóig agus i
méireannaibh na laimhinne sin].
Máire - Moladh go deó le Dia! Tá an
cíos againn agus ní fhágfam an sean-bhothán
go fóill, pé ar domhan é.
[Buaileann sí anonn go dtí Mícheál].
A chladhaire gan chiall, gan slacht, gan mhaith,
gan mheabhair! A bhitheamhnaigh na
croiche, go mbuailidh an d-l buille
dá chleith ort. Nuair do bhís ar dearg-
meisce chuiris an t-airgead isteach i
méireannaibh do laimhinní, agus annsoin
nuair thangaís chughat féin dhéinis dear-
mad air, a ghobacháin ghránda!
M. - Ní cóir dhuit bheith ag cainnt mar sin
le fear atá tar éis teacht ó Thír na
nÓg.
S. - Ná bíodh fearg ort, a Mháire. Tá an
deagh-rath ort i ndeireadh an scéil.
Máire (leis an Agent).- Seo dhuit an
cíos agus imthigh leat as mo radharc.
[Téidheann an sagart go dtí an doras.
An siriam, an tAgent, Máire, Cáit,
agus rl., 'san gcúinne ag cur 's ag
cúiteamh i dtaoibh an chíosa. Micheál
ag deargadh a phíopa].
S. (leis na comhursain). - A dhaoine mhuinn-
teardha, tá an scéal socair againn
i ndeireadh na dála. Tá airgead ár
ndóthain againn. Bhí fiacha na muc i
méireannaibh laimhinní Mhichíl.
[Preabann Tadhg Óg isteach agus na
daoine eile 'n-a dhiaidh].
T. Ó. (le Mícheál). - Nár lagaidh Dia do lámh,
a Mhichíl. Is greannmhair an rud an
t-uisce beatha.
M. - Ní cóir do dhaoinibh bheith ag ól uisce
beatha. Níor ólas-sa acht beóir i dTír
na nÓg.
Máire (le Mícheál). - Éist do bhéal agus ná
bí ag leigint na gaoithe isteach. Geall-
aim duit, a chladhaire, ná raghair it'
aonar choidhche arís ar aonach ná ar
margadh.
[Orduigheann an siriam dá mhuinntir an
troscán do thabhairt thar n-ais arís.
Téidheann sé féin agus an tAgent agus
a bhuidheann chum an dorais. Seineann
Tadhg Óg port Gaedhealach ar an
bhfeadóig agus tosnuighid na daoine ar
rinnce].
Brat anuas.