Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Scoil na Suadh - Fiaguidhe an Chúil Bháin.
Title
Scoil na Suadh - Fiaguidhe an Chúil Bháin.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Scoil na Suadh. FIAGUIDHE AN CHÚIL BHÁIN. Gléas C. Go maordha. Fear Fuartha na dTráithre do ghléas. Fear Fuartha na dTráithre do ghléas. Ó, fáil-thí 'gus céad roimh cheann barra na Féinne, Fuair buadh coscairt gach laoch is a naímhde ar lár, Ar thear(a)monn Dé … dod' lean-a-mhaint fhéin … Is do'n ghas-raidh nár thréig riamh i gcumann do pháirt. Ó,
fáilthí gan traochadh roimh uaisle fear Éireann, Cé gur fada dhóibh in' éaghmuis ag aeridheacht ar fán. Is fáilthí gan bhéim roimh chorann na laoch … Do rug barr is gach céim leis i machaire 'n áir. Tá chúig chúige i nÉirinn de bharúntacht Shéarluis, Is tuillthe de Bhéaraibh le fada go sámh Geal-chongnamh saor-fhear dá gcartadh anonn thar tréan-mhuir, 'S is dubhach a bheidh an méid seo do mhairfeas 'n-a ndeáidh. Is dearbhtha an scéal gan ceileatrom bréag Gur gabh an fíréan an ceannus 'na láimh, 'S beidh sonas Mhic Dé 'n-á srothaibh ag téacht, 'S an bhuidhean so bhí tréith lag i ngradam go hárd. Fuair mo chroidhe faeseamh ó'n lionn dubh so thraoch mé Ó chualadh do scéal-sa ag rith ins gach áit, Mo ghaiscidheach mear éadtrom do b'fhearr lúth is laochas Gur ghlacadh go réadh-ghlan é i nAlabainn áigh; Táid siúd uile ar saothar 'n-aimhdheóin dos gach laoch aca Ag ruagairt na claon-chloinne riamh chuir é ar fán, Ní díon dóibh siúd sléibhte, dubh-choillte, ná caolta, 'S nach breagh suaidhtear sméirligh ag Fiaguidhe an Chúil Bháin. Is tá sciath-lúithreach na naomh ar choimirc mo chléibh Ó thosach mo shaoghail go dtugas riamh grádh, 'S gur mé píobaire an éan-phuirt mar chantar gach laoch 'Á ghuidhe chum an Éin-Mhic é thabhairt chughainn slán. Má fhuascail an Réilteann go mbuaidhfeadh mo laogh- sa Le cumhachtaibh an Éin-Mhic go n-iompóghadh an mágh, Bheadh ceó claidheamh is éirleach ar chóip na gcum gcraosach 'Á ruagairt a hÉireann ag Fiaguidhe an Chúil Bháin. 'Sé mo chruadhtan nach féidir liom gluaiseacht im' thaon-rith, 'Gus uaisle fear Éireann bheith sealad go sámh, Ag triall ar an laoch mear do ghearrfadh lucht Béarla Agus Sasannaigh mhéithe atá i ngradam go hárd. Ní'l árd-rí aca 'á thréine ná go bhfágfadh a chéile Le háthas mo scéil ag treascairt a námhad; Sin cunntas gan bhréag díbh go lúthmhar mar éad- trom Ar an gcúis atá i ngéar-chluithch' ag Fiaguidhe an Chúil Bháin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services