Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Scoil na Suadh - Fiaguidhe an Chúil Bháin.

Title
Scoil na Suadh - Fiaguidhe an Chúil Bháin.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 270


Scoil
na
Suadh.



FIAGUIDHE AN CHÚIL BHÁIN.



Gléas C. Go maordha. Fear Fuartha na dTráithre do ghléas.



Fear Fuartha na dTráithre do ghléas.



Ó, fáil-thí 'gus céad roimh cheann barra na Féinne, Fuair buadh
coscairt gach laoch is a naímhde ar lár, Ar
thear(a)monn Dé … dod' lean-a-mhaint fhéin … Is do'n
ghas-raidh nár thréig riamh i gcumann do pháirt. Ó,


L. 271


fáilthí gan traochadh roimh uaisle fear Éireann, Cé gur
fada dhóibh in' éaghmuis ag aeridheacht ar fán. Is
fáilthí gan bhéim roimh chorann na laoch … Do rug
barr is gach céim leis i machaire 'n áir.



Tá chúig chúige i nÉirinn de bharúntacht Shéarluis,
Is tuillthe de Bhéaraibh le fada go sámh
Geal-chongnamh saor-fhear dá gcartadh anonn thar
tréan-mhuir,
'S is dubhach a bheidh an méid seo do mhairfeas 'n-a
ndeáidh.
Is dearbhtha an scéal gan ceileatrom bréag
Gur gabh an fíréan an ceannus 'na láimh,
'S beidh sonas Mhic Dé 'n-á srothaibh ag téacht,
'S an bhuidhean so bhí tréith lag i ngradam go hárd.



Fuair mo chroidhe faeseamh ó'n lionn dubh so thraoch

Ó chualadh do scéal-sa ag rith ins gach áit,
Mo ghaiscidheach mear éadtrom do b'fhearr lúth is
laochas
Gur ghlacadh go réadh-ghlan é i nAlabainn áigh;
Táid siúd uile ar saothar 'n-aimhdheóin dos gach laoch
aca
Ag ruagairt na claon-chloinne riamh chuir é ar fán,
Ní díon dóibh siúd sléibhte, dubh-choillte, ná caolta,
'S nach breagh suaidhtear sméirligh ag Fiaguidhe an
Chúil Bháin.



Is tá sciath-lúithreach na naomh ar choimirc mo chléibh
Ó thosach mo shaoghail go dtugas riamh grádh,
'S gur mé píobaire an éan-phuirt mar chantar gach
laoch
'Á ghuidhe chum an Éin-Mhic é thabhairt chughainn slán.
Má fhuascail an Réilteann go mbuaidhfeadh mo laogh-
sa
Le cumhachtaibh an Éin-Mhic go n-iompóghadh an mágh,
Bheadh ceó claidheamh is éirleach ar chóip na gcum
gcraosach
'Á ruagairt a hÉireann ag Fiaguidhe an Chúil Bháin.



'Sé mo chruadhtan nach féidir liom gluaiseacht im'
thaon-rith,
'Gus uaisle fear Éireann bheith sealad go sámh,
Ag triall ar an laoch mear do ghearrfadh lucht
Béarla
Agus Sasannaigh mhéithe atá i ngradam go hárd.
Ní'l árd-rí aca 'á thréine ná go bhfágfadh a chéile
Le háthas mo scéil ag treascairt a námhad;
Sin cunntas gan bhréag díbh go lúthmhar mar éad-
trom
Ar an gcúis atá i ngéar-chluithch' ag Fiaguidhe an
Chúil Bháin.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services