Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Ghaoth Andeas.
Title
An Ghaoth Andeas.
Author(s)
Ó hAodha, Tomás,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN GHAOTH ANDEAS. "An ghaoth andeas bíonn sí tais, Agus cuireann sí rath ar shíoltaibh." - Seanrádh. An ghaoth andeas! 'Seadh, nách bog milis cúmhra a shéideann sí indiu. Nách ceólmhar a ghluaiseann sí thar mo chluasaibh. Nách fion-fhuar sláinteamhail a bhuaileann sí ar m'éadan agus ar mo leacain; agus nách spleódrach a súgruigheann sí im' ghruaig. Éist leis an dórd agus an gcomh-sheinm aoibhinn a chuireann sí ar siubhail nuair cor- ruigheann sí an duilleabhar agus nuair tosnuigh- eann na duilleóga ar siosarnaigh le n-a chéile. Tá ceól sidhe neamhdha i measc na gcrann indiu. Féach mar chuireann sí na géaga sníomhtha glas-shoilseacha ag luascadh go luaimneach anonn agus anall; agus féach mar thugann na páistí fá ndeara iad, agus iad ag déanamh suilt fútha. Táid ag déanamh luascáin dóibh féin fá scáth na gcraobh. Deineann sé deich mbliadhna níos óige mé bheith ag féachaint ortha agus ag éisteacht leó.
Féach mar táid na tráithníní ag rinnce go méidhreach, agus ná nóiníní féin agus smigeadh gáire ag briseadh amach, mar adéarfá, tré shúilibh gach cinn díobh le fáilte roimpi agus le háibhéis go bhfuil sí tagtha arís. Tagann sí chughainn i gan fhios dúinn go mín, modhamhail, módhmharach. Tagann sí chughainn gan trustar gan fothrom gan mórchúis. Tugann sí sceimhleadh orainn 'san oidhche agus tá sí againn ar maidin go soilbhir agus go subháilceach. Beireann sí léi scuab de luisníbh gréine, agus glanann sí na spéartha léi. Scuabann sí anuas an ciach- bhrat agus na scamaill dhorcha, agus fágann sí an t-aer 'n-a diaidh gan smál, agus é go grianda, go lonnrach, agus go soilseach. Éist! Tá guth ó sna Flaithis ag tabhairt míle moladh do Dhia i dtaobh na mbuadh so. 'Seadh. Tá an fuiseóigín glór-ghasta binn-bhéalach go hárd ins an spéir ós mo cheann ag stealladh cheóil go fonnmhar ó n-a chroidhe amach. Ní fhéachann sé acht mar bheadh dúiricín beag, tá sé chomh fada soin suas, agus a dhá sciathán leattha ar dhruim na gaoithe. Nach iongantach an tonn ceóil a thagann as a scórnach beag agus nach aidhbhéil an fuinneamh agus an sprid a chuireann sé 'n-a chantairecht. Acht ní'l an lá ar fad aige féin. Tá an lon-dubh ag iomaidh leis féach- aint cia aca is fearr. Tá an "gobadán buidhe," agus góic air, ag feadaighil go feargach ar bharr an chrainn úd thall ag éad leis, acht tá breall air. Agus thíos annsúd ins an soileach ós cionn na gaise tá smólach agus ceól caoin dá sheinm aige, agus é chomh binn agus chomh bog soin go mbréagann sé chuige an ghaoth féin. Bhí an ghaise ag éisteacht go ciúin leis an gceól gan cor aisti, acht tá a gnúis mhín craptha anois le gruaim, mar tá an ghaoth ag prannsáil uirthi ag déanamh suilt di féin. An ghaoth andeas - croidhe na féile! - níor tháinig sí follamh riamh; ní'l sí follamh anois. Tá bláith-fleasc i ngach láimh aici; tá blátha agus luibheanna ag tuitim léi 'n-a slaodaibh, agus ní'l greim aici ortha. Scaip- eann sí go flúirseach iad, agus dathuigheann sí an machaire agus an móirfhéar, an cnoc agus an sliabh, an chreag agus an bogach le bláthaibh éagsamhla glórmhara "Do scaipfeadh le fán dá chráidhteacht smaointe," agus nuair dhruideann an ghrian le fuin- eadh san iarthar, agus nuair bhíonn na néalta daith-gheala ag lonnradh ins an spéir, agus gach éan-dath atá le feiscint ins an bogha neimhe ortha, tagann an ghaoth andeas aníos ar a "bogadh dam," mar bheach do bheadh ag teacht go gáirdín ag bailiughadh meala, agus sciobann sí léithe na dathanna a bhíonn uaithe. Beireann sí léithe an t-ór le haghaidh an aitinn, an corcar i gcóir an fraoigh, agus an uaithne le cur ar fhéar agus ar chrannaibh. Féach anois ar an taobh ó dheas de'n spéir! Tá scata beag de néalaibh boga bána 'n-a luighe go suaimhneasach díreach glan fá mar do bheadh scata caorach ar ghualainn chorr-chnuic mhaoil ghlais. Acht cá bhfuil an ghaoth? Cia an chiall nach bhfuil sí ag imreasgáil leó mar is gnáthach? Tá sí imthighthe i bhfolach. Acht éist! 'Seadh, ambasa, airighim í ag rith anonn 's anall ins an luachair agus ag unfhairt ins an bhfeileastrom. Stadann sí da rúscáil agus caitheann sí súil i n-áirde. Tugann sí fá ndeara na néalta beaga. "Ó! féach thuas," adeir sí, ag leigint gáire bhog aisti. "Nach mór an scóip atá fútha súd indiu; acht nach fír-dheas a fhéach- ann siad 'n-a dhiaidh sin, mar bheadh bearta olna nó grógáin clúimh. Acht fan go fóill agus beidh spórt againn. Tabharfaidh mise
sceimhleadh dhóibh. Cuirfidh mé an ruaig ortha." Sleamhnuigheann sí ar gcúl scaitheamh go bog réidh, mar chat do bheadh i ndiaidh éin. Siar agus siar léithe, agus annsoin éirgheann sí go lúthmhar de phreib agus tagann sí taobh thiar de'n scata i gan fhios dóibh. Hó! hó! Tá siad chughainn agus sceón ionnta. Sceineann siad uaithe go mear. Féach mar ghluaiseann a scáile fútha thar na machairíbh! Is féidir léithe greim do bhreith ortha, acht fanann sí rud beag siar uatha, mar ní maith léi deireadh do chur go ró-obann leis an spórt. Acht fá dheireadh beireann sí ortha. Tugann sí ruathar fútha agus tríotha, agus scannruigheann sí an t-anam asta. Tá siad go díreach os mo chionn anois. Beireann sí ortha fá dheireadh. Bris- eann an t-allus fuar tríotha le neart faitchís. Mothuighim na deóra ar m'aghaidh agus ar mo lámhaibh, agus airghim an chlagarnach ar na duilleógaibh. Seadh, néil-chioth. Tuit- eann sé go tráthamhail, mar tá tart ar gach éin-nídh. Scaoileann an ghaoth a greim ar na néalaibh beaga, agus siúd chum siubhail iad arís le lúthgháir tre bheith saor. Ní bhearfar ortha arís. Cuireann siad ceó draoidheacht 'n-a dtimcheall, agus imthigheann siad i bhfolach. Bhí an ghrian go gruamdha an fhaid do bhí an cleas úd dá imirt, acht spalpann sí amach arís go soilseach agus go taithneamhach. Agus, a Rí na Glóire! nach aoibhinn agus nach áluinn an radharc atá fám' shúilibh anois. Tá an duilleabhar ar fad gléasta le seód- aibh gléigeala glan-mhaiseacha. Tá péarlaí ar crochadh go mogallach de na tráithníníbh, de na duilleógaibh, agus de na buinneánaibh, agus tá uaithne an duilleabhair agus niamhdhacht na ndeór ag caismirt le n-a chéile. An ghaoth andeas! Tá sí ag breith chugh- am guth ceólmhar an chuaichín agus gáire chroidheamhail na bpáistí, atá ag rith cos- nochta ag bailiughadh blátha ins an móin- fhéar. Tá sí ag breith chugham cumhracht an tSamhraidh agus gile na glóire. Tá sí ag breith chugham boladh neartmhar an tsáile agus toradh na sláinte. Tá sí ag breith chugham smaointe árda uaisle ar mhórdhacht agus ar árd-chomhacht an Té a stiúruigheann an ghrian agus an ghaoth, agus tá sí ag breith chugham aoibhneas agus sásamh aignidh. Go mbeirimíd beó ar an am so arís; agus míle moladh le Dia! GLUAIS Cúmhra, fragrant. Fion-fhuar, cooling, refreshing. Spleódrach, jolly; spleódar, jollity, merriment, Sugruigheann, plays. Dórd, murmur. Comh-sheinm, harmony. Siosarnaigh, whispering, prattling. Sníomh- tha, twisted. Glas-shoilseach, bright green. Ag luas- cadh go luaimneach, waving nimbly or restlessly. Luascán, a "swing-swong." Ag rinnce go meidhreach, dancing merrily. Smigeadh gáire, a smile of laugh- ter. Áibhéis, gladness. Modhamhail, mild, gentle. Módh- mharach, stately, noble. Trustar, noise, confusion. Sceimhleadh, a surprise. Soilbhir, joyous, cheerful. Subháilceach, pleasant, glad. Luisní gréine, sunbeams. Ciach-bhrat, a mist mantle. Glór ghasta, quick voiced, melodious. Go fonnmhar, tunefully, melodiously. Dúiricín, a small berry; applied to anything very small. An gobadán buidhe, a name for the blackbird on accoutn of its yellow bill. Tá breall air, he is behind hand. Góic, a perky cock-up of the head. Soileach, willow, sally. Gaise, a streamlet, a broad pool in a stream. Craptha, wrinkled, furrowed. Bláth- fleasc, a garland. 'N-a slaodaibh, in sweeping masses or streamers. Éagsamhla, various, different. Ar a "bogadh dam," quietly, easily, without wishing to attract attention. Tá sé ag teacht ar a "bogadh dam," he is coming softly, sidling quietly along. Go suaimhneasach, contentedly, quietly. Corr-chnoc, a round smooth hill. Imreasgáil, wrestling. Ag unfhairt, tumbling, wallowing. Feilseastrom, "flag- gers," the iris. Rúscáil, rummaging, groping. Gróg- áin clúimh, heaps of down or feathers; grógan, a small heap. Bhfuil an mhóin i ngrógánaibh fós? Sleamhnuigheann, glides, slips. Sceineann siad, they fly or escape. Machairí, plains, level places. Ruathar, an attack. Clagarnach, large rain drops, heavy rain. Néil-chioth, a cloud shower. Go tráthamhail, timely, seasonably. Spalpann sí amach, she bursts out brightly. Glan-mhaiseach, brightly beautiful. Buin- neáin, shoots, buds. Ag caismirt, contending. Stiúruigheann, guides, directs. Tomás Ó hAodha Lá 'le Pádraig, 1903. Is fada bhíonn na fir bheaga 'n a ngarsúin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services