Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Ghaoth Andeas.

Title
An Ghaoth Andeas.
Author(s)
Ó hAodha, Tomás,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

AN GHAOTH ANDEAS.



"An ghaoth andeas bíonn sí tais,
Agus cuireann sí rath ar shíoltaibh."
- Seanrádh.



An ghaoth andeas! 'Seadh, nách bog milis
cúmhra a shéideann sí indiu. Nách ceólmhar
a ghluaiseann sí thar mo chluasaibh. Nách
fion-fhuar sláinteamhail a bhuaileann sí ar
m'éadan agus ar mo leacain; agus nách
spleódrach a súgruigheann sí im' ghruaig.



Éist leis an dórd agus an gcomh-sheinm
aoibhinn a chuireann sí ar siubhail nuair cor-
ruigheann sí an duilleabhar agus nuair tosnuigh-
eann na duilleóga ar siosarnaigh le n-a
chéile. Tá ceól sidhe neamhdha i measc na
gcrann indiu.



Féach mar chuireann sí na géaga sníomhtha
glas-shoilseacha ag luascadh go luaimneach
anonn agus anall; agus féach mar thugann na
páistí fá ndeara iad, agus iad ag déanamh
suilt fútha. Táid ag déanamh luascáin
dóibh féin fá scáth na gcraobh. Deineann
sé deich mbliadhna níos óige mé bheith ag
féachaint ortha agus ag éisteacht leó.


L. 268


Féach mar táid na tráithníní ag rinnce
go méidhreach, agus ná nóiníní féin agus smigeadh
gáire ag briseadh amach, mar adéarfá, tré
shúilibh gach cinn díobh le fáilte roimpi agus le
háibhéis go bhfuil sí tagtha arís.



Tagann sí chughainn i gan fhios dúinn go
mín, modhamhail, módhmharach. Tagann sí
chughainn gan trustar gan fothrom gan
mórchúis. Tugann sí sceimhleadh orainn 'san
oidhche agus tá sí againn ar maidin go soilbhir
agus go subháilceach. Beireann sí léi scuab
de luisníbh gréine, agus glanann sí na
spéartha léi. Scuabann sí anuas an ciach-
bhrat agus na scamaill dhorcha, agus fágann sí an
t-aer 'n-a diaidh gan smál, agus é go grianda,
go lonnrach, agus go soilseach.



Éist! Tá guth ó sna Flaithis ag tabhairt
míle moladh do Dhia i dtaobh na mbuadh so.



'Seadh. Tá an fuiseóigín glór-ghasta
binn-bhéalach go hárd ins an spéir ós mo
cheann ag stealladh cheóil go fonnmhar ó
n-a chroidhe amach. Ní fhéachann sé acht mar
bheadh dúiricín beag, tá sé chomh fada soin
suas, agus a dhá sciathán leattha ar dhruim na
gaoithe. Nach iongantach an tonn ceóil a
thagann as a scórnach beag agus nach aidhbhéil
an fuinneamh agus an sprid a chuireann sé 'n-a
chantairecht. Acht ní'l an lá ar fad aige
féin. Tá an lon-dubh ag iomaidh leis féach-
aint cia aca is fearr. Tá an "gobadán
buidhe," agus góic air, ag feadaighil go
feargach ar bharr an chrainn úd thall ag
éad leis, acht tá breall air. Agus thíos
annsúd ins an soileach ós cionn na gaise
tá smólach agus ceól caoin dá sheinm aige, agus é
chomh binn agus chomh bog soin go mbréagann
sé chuige an ghaoth féin. Bhí an ghaise ag
éisteacht go ciúin leis an gceól gan cor
aisti, acht tá a gnúis mhín craptha anois le
gruaim, mar tá an ghaoth ag prannsáil
uirthi ag déanamh suilt di féin.



An ghaoth andeas - croidhe na féile! -
níor tháinig sí follamh riamh; ní'l sí follamh
anois. Tá bláith-fleasc i ngach láimh aici;
tá blátha agus luibheanna ag tuitim léi 'n-a
slaodaibh, agus ní'l greim aici ortha. Scaip-
eann sí go flúirseach iad, agus dathuigheann sí
an machaire agus an móirfhéar, an cnoc agus an
sliabh, an chreag agus an bogach le bláthaibh
éagsamhla glórmhara



"Do scaipfeadh le fán dá chráidhteacht smaointe,"



agus nuair dhruideann an ghrian le fuin-
eadh san iarthar, agus nuair bhíonn na néalta
daith-gheala ag lonnradh ins an spéir, agus gach
éan-dath atá le feiscint ins an bogha neimhe
ortha, tagann an ghaoth andeas aníos ar a
"bogadh dam," mar bheach do bheadh ag
teacht go gáirdín ag bailiughadh meala,
agus sciobann sí léithe na dathanna a bhíonn
uaithe. Beireann sí léithe an t-ór le
haghaidh an aitinn, an corcar i gcóir an
fraoigh, agus an uaithne le cur ar fhéar agus ar
chrannaibh.



Féach anois ar an taobh ó dheas de'n
spéir! Tá scata beag de néalaibh boga
bána 'n-a luighe go suaimhneasach díreach
glan fá mar do bheadh scata caorach ar
ghualainn chorr-chnuic mhaoil ghlais. Acht cá
bhfuil an ghaoth? Cia an chiall nach bhfuil sí
ag imreasgáil leó mar is gnáthach? Tá sí
imthighthe i bhfolach. Acht éist! 'Seadh,
ambasa, airighim í ag rith anonn 's anall
ins an luachair agus ag unfhairt ins an
bhfeileastrom. Stadann sí da rúscáil agus
caitheann sí súil i n-áirde. Tugann sí fá
ndeara na néalta beaga.



"Ó! féach thuas," adeir sí, ag leigint
gáire bhog aisti. "Nach mór an scóip atá
fútha súd indiu; acht nach fír-dheas a fhéach-
ann siad 'n-a dhiaidh sin, mar bheadh bearta
olna nó grógáin clúimh. Acht fan go fóill
agus beidh spórt againn. Tabharfaidh mise


L. 269


sceimhleadh dhóibh. Cuirfidh mé an ruaig
ortha."



Sleamhnuigheann sí ar gcúl scaitheamh go
bog réidh, mar chat do bheadh i ndiaidh éin.
Siar agus siar léithe, agus annsoin éirgheann sí go
lúthmhar de phreib agus tagann sí taobh thiar
de'n scata i gan fhios dóibh.



Hó! hó! Tá siad chughainn agus sceón
ionnta. Sceineann siad uaithe go mear.
Féach mar ghluaiseann a scáile fútha thar
na machairíbh! Is féidir léithe greim do
bhreith ortha, acht fanann sí rud beag siar
uatha, mar ní maith léi deireadh do chur go
ró-obann leis an spórt. Acht fá dheireadh
beireann sí ortha. Tugann sí ruathar fútha
agus tríotha, agus scannruigheann sí an t-anam
asta. Tá siad go díreach os mo chionn
anois. Beireann sí ortha fá dheireadh. Bris-
eann an t-allus fuar tríotha le neart
faitchís. Mothuighim na deóra ar m'aghaidh
agus ar mo lámhaibh, agus airghim an chlagarnach ar
na duilleógaibh. Seadh, néil-chioth. Tuit-
eann sé go tráthamhail, mar tá tart ar
gach éin-nídh. Scaoileann an ghaoth a greim
ar na néalaibh beaga, agus siúd chum siubhail
iad arís le lúthgháir tre bheith saor. Ní
bhearfar ortha arís. Cuireann siad ceó
draoidheacht 'n-a dtimcheall, agus imthigheann
siad i bhfolach.



Bhí an ghrian go gruamdha an fhaid do bhí
an cleas úd dá imirt, acht spalpann sí
amach arís go soilseach agus go taithneamhach.
Agus, a Rí na Glóire! nach aoibhinn agus nach
áluinn an radharc atá fám' shúilibh anois.
Tá an duilleabhar ar fad gléasta le seód-
aibh gléigeala glan-mhaiseacha. Tá péarlaí
ar crochadh go mogallach de na tráithníníbh,
de na duilleógaibh, agus de na buinneánaibh, agus
tá uaithne an duilleabhair agus niamhdhacht na
ndeór ag caismirt le n-a chéile.



An ghaoth andeas! Tá sí ag breith chugh-
am guth ceólmhar an chuaichín agus gáire
chroidheamhail na bpáistí, atá ag rith cos-
nochta ag bailiughadh blátha ins an móin-
fhéar. Tá sí ag breith chugham cumhracht an
tSamhraidh agus gile na glóire. Tá sí ag breith
chugham boladh neartmhar an tsáile agus toradh
na sláinte. Tá sí ag breith chugham
smaointe árda uaisle ar mhórdhacht agus ar
árd-chomhacht an Té a stiúruigheann an
ghrian agus an ghaoth, agus tá sí ag breith chugham
aoibhneas agus sásamh aignidh. Go mbeirimíd
beó ar an am so arís; agus míle moladh
le Dia!



GLUAIS



Cúmhra, fragrant. Fion-fhuar, cooling, refreshing.
Spleódrach, jolly; spleódar, jollity, merriment,
Sugruigheann, plays. Dórd, murmur. Comh-sheinm,
harmony. Siosarnaigh, whispering, prattling. Sníomh-
tha, twisted. Glas-shoilseach, bright green. Ag luas-
cadh go luaimneach, waving nimbly or restlessly.
Luascán, a "swing-swong." Ag rinnce go meidhreach,
dancing merrily. Smigeadh gáire, a smile of laugh-
ter. Áibhéis, gladness. Modhamhail, mild, gentle. Módh-
mharach, stately, noble. Trustar, noise, confusion.
Sceimhleadh, a surprise. Soilbhir, joyous, cheerful.
Subháilceach, pleasant, glad. Luisní gréine, sunbeams.
Ciach-bhrat, a mist mantle. Glór ghasta, quick voiced,
melodious. Go fonnmhar, tunefully, melodiously.
Dúiricín, a small berry; applied to anything very
small. An gobadán buidhe, a name for the blackbird
on accoutn of its yellow bill. Tá breall air, he is
behind hand. Góic, a perky cock-up of the head.
Soileach, willow, sally. Gaise, a streamlet, a broad
pool in a stream. Craptha, wrinkled, furrowed. Bláth-
fleasc, a garland. 'N-a slaodaibh, in sweeping masses
or streamers. Éagsamhla, various, different. Ar a
"bogadh dam," quietly, easily, without wishing to
attract attention. Tá sé ag teacht ar a "bogadh
dam," he is coming softly, sidling quietly along.
Go suaimhneasach, contentedly, quietly. Corr-chnoc,
a round smooth hill. Imreasgáil, wrestling. Ag
unfhairt, tumbling, wallowing. Feilseastrom, "flag-
gers," the iris. Rúscáil, rummaging, groping. Gróg-
áin clúimh, heaps of down or feathers; grógan, a
small heap. Bhfuil an mhóin i ngrógánaibh fós?
Sleamhnuigheann, glides, slips. Sceineann siad, they
fly or escape. Machairí, plains, level places. Ruathar,
an attack. Clagarnach, large rain drops, heavy rain.
Néil-chioth, a cloud shower. Go tráthamhail, timely,
seasonably. Spalpann sí amach, she bursts out
brightly. Glan-mhaiseach, brightly beautiful. Buin-
neáin, shoots, buds. Ag caismirt, contending.
Stiúruigheann, guides, directs.



Tomás Ó hAodha



Lá 'le Pádraig, 1903.



Is fada bhíonn na fir bheaga 'n a ngarsúin.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services