Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Bord an Fhín.
Title
Bord an Fhín.
Author(s)
Ó Súilliobháin, Domhnall,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
BÓRD AN FHÍN - AIMSIR NA BHFÍNÍNÍ. Ba bhuadhartha, suaidhthe, claoidhte an saoghal do bhí ag Muinntir Bhórd an Fhín ar feadh tréimhse tar éis na hoidhche úd dar éirgh- eadar buach- aillí Uíbh Ráthaigh agus an Iarthair seo amach go meidhreach modhmharach, chum cur le Fíníní uile na hÉireann agus ár dtír dhúthchais do shaoradh agus do scaoileadh ó'n ndaorbhroid, ó'n ndaoirse, agus ó'n gcuibhreach mío-ádhbharach 'n-a bhfuil sí ceangailte. B'é ionad coinne muinntir Chiarruidhe baile mór Chill Áirne, agus tre bhotún éigin níor shrois scéala na hiarthair seo i n-am go raibh lá an éirghthe curtha ar gcúl; agus dá bhrigh sin do bhailigheadar i gCathair Uíbh Ráthaigh an oidhche úd camtha breagh álainn groidhe d'fhearaibh calma lúthmhar acfuineach fearamhail fuadrach, togha agus rogha na tíre. Is iad a bhí go hárd-aigeantach croidhe- amhail misneamhail le muinighin agus dóthchas láidir go mbeadh Éire saor aca gan mhoill ó dhian-smacht na nGalla-phoc. Acht mo dhochar, mo dhóghadh, mo sceimhleadh! ba mhór an t-atharrughadh do bhí ortha ar maidin lá ar n-a bháireach nuair fuaireadar amach an feall agus an mealladh do bhí imirthe ortha. Bhíodar annsoin go brónach cathuightheach, gan neart casadh na sáthadh ar aghaidh aca. Go bhfóiridh Dia ortha! Is mór dóibh nár chas ar a mbaile riamh ó shoin. Do chaith a lán aca seal da saoghal i mbraighdineas; cuid aca gur ruith leó teitheadh thar fairrge go tapaidh; agus mórán díobh, mo bhrón, do chaill a sláinte, agus do fuair giorradh shaoghail as an oidhche úd mar luach saothair. Nuair a chonncadar ná raibh le bheith rompa i gCill Áirne acht an t-arm dearg, agus go raibh feall déanta ortha, d'im- thigheadar ar a dteitheadh leó féin fé sna coilltibh, na cnuic, agus na sléibhte, oidhche annso aca agus eadarthrath annsúd; iad dá bhfolach féin i bpluaiseacha, a mbéilicí agus i n-uamha talmhan ar baille-chrith, go fliuch fuar tartmhar ocrach, ag faire an uair na faille d'fhagháil ar a namhaid chum dul i dtreó greama agus scíobais go tighthe na dtigheasach fial fáiltheach, do bhí, agus tá fós, moladh le Dia, go flúirseach ar fuid na dúithche seo. Is 'mdhó teannta cruaidh do bheir cuid aca, agus an mhuinntir do bhí ag déanamh fóirithin ortha chomh maith san am úd, agus, dá mbeidís curtha le chéile, ní scéal ná eachtra dhéanfaidís acht lán mála de scéala agus d'eachtraithe greannmhara, mar ar feadh ráithe san am úd ní fhéadfá cos do chorruidhe ar bhóthar i gcasán ná i bpóirse ar fuid Bhórd an Fhín gan píléir do chasadh ort, 'n-a shamhail féin, i samhail fir déirce, i samhail mná siubhail, nó go minic le mála air ag bailiughadh cheirteach. Acht bhíodar na daoine ar a seachaint féin ortha, agus, dá bhrigh sin, ní bhaineadh an t-ualach déirce ná ceirteach do-gheibhdís aon bhreis chneadaíla asta dá iomchar. Go deimhin ní fhágaidís lucht na gceirteach "mar 'dh eadh," sop easrach i gcró na mbó, i bhfoillín na gcaorach, ná fiú amháin i bhfalaigh na muice gan unfairt ag cuardach 's ag píordáil. "Tigh ar béal bóthair ní haistear gabháil ann," adeir an sean-fhocal, agus ní
sháruigheann an tigh go bhfuilim chum trácht air anois an sean-fhocal, mar bíonn a lán ag taisteal ann do ló agus d'oidhche, agus ba mhinic ann an píléir oidhche fhuar nó fliuch ag téidheamh a ladhracha leathta le hais na teineadh. Bíonn ag glaodhach isteach ann an té go mbíonn a chos ar an mbóthar agus tart air ag iarraidh dighe, duine agus sméarthóid de'n teinidh uaidh chum a phípe do lasadh, agus lucht siubhail ag iarraidh lóistín agus óstuidheacht na hoidhche. Lá de na laetheanna úd do ghaibh ann isteach le héirghe an lae ar maidin fear fada cúmtha i meadhán aois. Ba dhearrthach go raibh súil leis, mar do gléasadh biadh agus deoch ar a aghaidh amach gan mhoill agus cóirigheadh leaba fhir an tighe dhó, gan leisce, agus bhí gádh aige le gach nídh dhíobh so mar do bhí sé tréith-lag leath-thraochta agus féachaint chlaoidhte, bhuadhartha, chráidhte go leór air. Ní raibh sé sínte ar éigin san leabaidh nuair siúd isteach triúr píléirí. Do phreab a croidhe chum a béil ag bean an tighe, agus geallaim duit go leagfá fear an tighe le brobh luachra, nó coinlín látraighe. Ba mhaith dhóibh araon ná raibh solus an lae ró-gheal, agus ná raibh aon amhras ortha éinne bheith i bhfolach aca. Acht is gearr gur chroitheadar suas iad féin. Thug bean an tighe stiúncán de bhainne
bheirbhthe do sna píléirí agus níor iarradar éan-tathant, ná sáirsineacht acht chomh beag, chum é ól. "Bh'fhéidir go n-ólfadh sibh deoch eile," ar bean an tighe. "Déanfam, mhaise, agus ní iarrfam éin-mhéar leis acht chomh beag," ar siad-san. Fé cheann scaithimh d'fhéach fear an tighe suas agus thóg a cheann i n-áirde, agus radharc gruama trí-na-chéile go leór aige. "Seadh, cad tá ort-sa anois?" ar siad leis. "Tá," ar seisean, "sidé an tigh follamh gan éin-nídh le n-ithe ann, agus droch-chrích ó sna Fíníní, ní'l éan-fhonn ar na ceannuidhthe éan-cháirde do thabhairt uatha; agus caithfead imtheacht anois agus mo mhéar im' bhéal agam ag lorg mála plúir ar cáirde, agus Dia linn ní fheadar cá dtabharfad m'aghaidh. Is truagh ná tiocfadh liom breith ar dhuine éigin de na fir seo ar a dteitheadh, ar shlighe go bhfaghainn cuid de'n airgead so go léir atá fógartha asta." D'fhéach bean an tighe air fá fhabhraí a súl, agus dubhairt, "Nár leigeadh Dia go mbeadh sé do chrosaibh ná do mhallacht anuas i mullach an chinn orainn go mbeadh sé mar asmhachán le casadh le n-ár leanbhaí choidhche gur thairbhigheadar a muinntir le spiaireacht ná éan-obair eile chomh suarach s'lách." "Am briathar," ar fear an tighe, "gur breagh bog a thagann aighneas ort; acht dá gcuirfeadh éin-nídh im' shlighe-se fagháltas airgid i gcóir an lae, badh dhóigh liom gur chabhair ó'n dTighearna é." Do glaoidh leis ar leath-taoibh amach duine de na píléirí agus chogair é. "Táim tre n-a chéile go maith," ar seisean leis, "mar, an fear úd go dtugais a chomhar- thaí dhom an lá eile, bhí sé ag teacht chughainn ar a bhóthar anonn chum Béara, acht chuir an bhean istigh cosc air, agus do ghaibh sé go hárd soir annsoin aréir de bharra na Cairrge Fada, ó thuaidh chum Gleanna Móire, agus táim deimhintheach go bhfuil sé fé an dtaca so i dtigh Mhichíl Ghionncaigh ar na Cáintíní; agus anois, ó táim ag tabhairt feasa dhuit, an dtabharfá dhom dó no trí phúntaibh, agus mara n-eireoghaidh leat teacht suas leis, gheóbhair uaim thar n-air sic arís iad. Agus, Dia liom go deó! beidh tigh buadhartha agam anois, mar b'fhearra léi féin bás d'fhagháil leis an ngábhtar 'ná éan-lámh do bheith agam ann," Shín an píléir bile chuige agus as go deó leis mar chuirfidhe na gadhair leis, agus an bheirt eile ar sodar i n-a dhiaidh. Seadh! Chas fear an tighe isteach agus bhris trithídheal gháirídhe air, agus adubhairt, "Beidh turus i n-aistear anocht aca súd, agus tuilleadh tubaiste chúcha." "Droch-chríoch dhá mbreith marab iad a bhain an gheit asam ar maidin," arsa bean an tighe, "acht cionnus a fhéadfam a chúram do chur dínn sara bhfuighid spiaireacht air arís. "Le gliocas," ar seisean. "Tá a n-aghaidh siúd dínn go maidin i mbáireach anois, agus, cé ná fuil "Cleas dá mb'fhéidír léigheamh ná trácht air, Lé teacht rae ná taréis bheith lán di" ná fuil aca dá imirt, ag iarraidh teacht suas leis, ní éireóghaidh leó an uair seo. Déanfad-sa coinne le muinntir Bhun an Bhaile bheith ag geata na Mainistreach anocht ag feitheamh leis, agus sciobfaid siar tar na Clocha Dubha é i gcoinnibh an árthaigh agus beidh ruith an rás leis as soin amach. Cuir Domhnall ar a shúile, súil do bheith amach aige féach' an bhfeicfeadh sé éinne amhraisteamhail ag gabháil an tslighe go hoidhche." Cionnus mar thárlaidh do na píléirí agus an fios a fuaireadar ar maidin? Thugadar rabhadh do'n oifigeach gan mhoill agus mara raibh tóir ar Fhíníní i nGleann Mór ist oidhche! Bhí céad fear ag an oifigeach agus do bhailigheadar ó gach áird fá dhéin na gCáin- tíní, tríd an Ghruaidh Mullach, tríd an gCaol Buidhe, agus tríd an gCéim Caol, le dubh agus dall na hoidhche; agus mo dhá léir é! do líon an oidhche chum ceóigh agus chum báistighe, agus do bhí chomh dubh le sméaramhán. Ní raibh 'san am so, bóthar ag dul ann ná casán ná póirse a leanfadh duine gan eólas. Siúd chum siubhail na píléirí tré chairgreacha, leacacha, féitheanna, eisceacha, sléibhte báidhte, portaighthe móna, curraigh agus caoil, tré thúrtóga agus díogacha, agus, Dia mo leigheas duit, nár bh'fhada go rabhadar amudha, agus i dteannta, gan dul ar chasadh ná sáthadh aca go teacht an lae. Leis an lá do ghlan sé suas, agus dá mbeadh an té bhí uatha rompa, rud ná raibh, níor
b'éan-an-ghaisce ná lúth dhó breith uatha 'san am gur shroiseadar na Cáintíní. Bhí a dturus i n-aistear agus an aoideadh do bhí ortha le linn dóibh teacht go Cathair Domhnall, go fliuch salach, 'n-a stracairí stractha, 'n-a stallairí masluighthe, 'n-a sladairí ocrais, 'n-a sruimilí lathaighe, agus 'n-a súmairí dearóile gan tapa gan lúth; an t-uisce agus an lathaigh ag plibirnigh 'n-a mbrógaibh, ní fhágfadh sé éan-fhormad ag éinne leó a chonnaic iad. Captaen Ross do bhí 'n-a throdaire gor- gach dána indé, bhí sé indiu 'n-a lópuis chlamparach greamuighthe idir cheathrar dhá chuid fear, agus mara mbeadh cannta aráin bhuidhe bhaineadar de mhnaoi Dhonnchadh ag Póna na Stéige d'ith sé, do bheidheadh air coilice. Casaimíd anois ar fhear na leabthadh. D'imthigh fear an tighe ag soláthrughadh an phlúir mar 'dh eadh, agus do dhein an choinne mar cheap sé. D'imthigh bean an tighe ar fuid an bhaile ag déanamh a gnótha; do bhuail an glas ar dhorus an tighe, agus bhí Domhnall agus súil agus cluas air ag féachaint amach. D'éis teacht a-bhaile do mhuinntir an tighe tráthnóinín déidheannach níor bh'fhada go bhfheacaidh sé beirt ag déanamh ar an dtigh, duine anoir agus duine aniar, duine aca 'n-a mhairtíneach, a chos ar a ghualainn aige, agus é ag siubhal le teannta dhá mhaide croise. Dall do b'eadh an fear eile, gan súil 'n-a cheann. Do bhíodar araon ag déanamh ar an ndoras i n-éinfeacht, agus d'iarradar bheith istigh go lá ar son Dé agus na Maighdine Muire, go truaighmhéileach. Ní raibh éan-dul uatha, mar bhí baramhail tuairme ag muintir an tighe ná rabhadar chomh bacach ná comh dall agus leigeadar ortha é, agus do cheapa- dar ná raibh éin-tslighe is lugha bheadh amhras ortha ná bheith fial fáilteach leis na bacaigh. Nuair do bhí biadh caithte ag an lucht siubhail agus goradh de'n teinidh, thosnuigheadar ar bheith ag innsint scéalta agus ag cur tuar- aiscí go leór. "Seadh, a leinbh, cad é an céard atá le cur romhat-sa?" ar san mairtíneach. "Dul i leith mo leabhair" ar san leanbh, mar bhí sé i bhfeidhil a leabhair san am céadna. "Géar-chúiseach go leór," ar san fear martruighthe. "Cad é an teanntadh is mó
go rabhais riamh ann, a bhuachaill?" ar san dall. "Bheith ag déanamh foidhne, is fear mo bhraithte im' chuibhreann." "Droch-mhúinte, neamh-urramach thar bárr," ar san dall. "Eist," ar san mairtíneach, "téirigh síos go tigh an tábhairne mar dhéanfadh buachaill maith, agus tabhair leat cughainn aníos braon biotáile. Seo dhuit leath-choróin, agus tabhair leat piúnt." Ghlaoidh an leanbh ar chuideachtain agus as go deó leó, agus ní fada do bhíodar ar an mbóthar; acht do bhí an t-athair i gceann an tighe rómpa agus do bhain slogóg nó bolgam as, agus do chuir nídh eile i n-a ionad. Pé nídh é ní fheadar-sa, acht nár bh'uisce é, tar éis an bhrigh agus an neart do bí ann. Do bheir an buachaill óg isteach an biotáile, agus do bhíodar na bacaigh fial go leór fé, acht sheachain muinntir an tighe iad féin air. Cé cum sásaimh a thabhairt ortha, do thóg bean an tighe gloinne dhe ar chupán agus do chuir i gcoimeád é, dá rádh go raibh uirthi tinneas cinn. "Seadh, a bhuachaill," ar siad leis an dteachtaire, "cuirfeam d'fhiachaibh ort-sa scíobas d'ól." "Tá eagla orm go dtabharfaidh soin bhur ndá dhóthain is bhur ndicheall díb lé déanamh." "Éist, agus droch-chrích ort," ar san dall. "Aghaidh do bhéil ort féin a mhic ó, agus eiteach agus diúltadh ort, gan dochar ná dioghbháil do mhuinntir an tighe seo," ar san buachaill. Le n-a linn sin do thug an mairtíneach iarracht ar é bhualadh, acht cia d'aimseóghadh sé 'na'an dall idir an dá shúil, agus, slán beó sinn, is geárr go raibh cath buile ann. Pé piosóid do chuir fear an tighe sa bhuidéal, do chuir sé ar dearg-bhuile le meisce chómhraic na bacaigh. Siúd ag scaoileadh cheangalach dá chosaibh an fear martruighthe, agus ag stracadh agus ag stolladh pice dá shúilibh an fear caoch. Do bhuaileadar agus do phleanncadar a chéile. Theith gach n-aon de'n teinteán acht fear an tighe, agus do bheir seisean ar shámhthach ráinne do bhí taobh leis agus do chnap leis iad araon thar dorus amach, agus a leithéid sin de bhéicidh, d'eascainidhe, de mhadh-bóireacht, de thachtadh, de mhúdadh, de chasmairt agus d'acharann! Nuair bhíodar leath-thraochta agá chéile, siúd 'n-a ndiaidh fear an tighe leis an sámhthach, agus níor shear leó gur chuir leath-mhíle ó'n dtigh iad, agus ní raibh éin- deabhadh air ag casadh uatha, mar do bhíodar cuid de na comhursain le n-a chois do tharraing an gleó chum na háite. An fhaid do bhíodar na bacaigh ag cuimheascar le chéile, do theith an Fínín leis féin, agus Domhnall mar ghiolla aige gur shroiseadar Geata na Mainistreach mara rabhadar buidhean láidir mear anamamhail le n-a mbád, agus do sciobadar leó é amach chum na gClocha Dubha, marar fhanadar gur casadh ortha an t-árthach le n-a raibh súil aca. Do thóg sí léithe ar bórd an fear ar a raibh míle púnt le fagháil ag éinne dhéanfadh spiaireacht air d'fhonn breith air; acht níor thóg éinne é, mar do bhíodar muinntir Bhórd an Fhín ró- dhílis chum feall do dhéanamh ar lucht teithidh. GLUAIS. Suaithte, tossed, wearied; chum cur le Fíníní, to help the Fenians; daor-bhroid, slavery, bondage; ionad coinne, meeting place; botún, mishap; fuad- rach, fleet, active; go cathuightheach, full of regret; gan neart casadh ná sáthadh, not able to go backwards or forwards; braighdineas, in gaol, in servitude; giorradh saoghail, a shortening of life; fé sna coilltibh (fá na c.), through the woods; pluaiseacha, caves; uair na faille, the opportunity; i dtreó greama agus sciobais, for a bite and a sup; tigheasach, a householder; teannta, plight; do bheir (do rug), that overtook; ag bailiughadh ceirteach, collecting rags; cneadaíl, sighing form exertion; cró na mbó, cow-house; foil- lín na gcaorach, house for sheep; falaigh na muice, pig-sty; ag píordáil, groping around; ní sháruigheann, the house about which I am to speak is no exception to the old saying; leath-thraochta, almost worn out; sínte ar éigin, hardly stretched: brobh luachra, a rush stalk; stiúncán, taoscán, "some" boiling milk; éan- tathant na sáirsineacht, no pressing nor forcing; ní iarrfam éin-mhéar leis, we shall ask no finger with it. This refers to the practice of giving young calves the finger in order to train them to drink milk out of a pail; ní'l éan-fhonn, mearchants have no desire to give time for payments; fabhraí, eyebrows; do chrosaibh, as a cross; asmhachán, reproach; spiaireacht, espionage; go hárd soir (? gach árd soir), eastwards; ar sodar, trotting; trithídheal gáiridhe, an explosion of laughter; turus i n-aistear, a journey for nothing; bhain geit asam, frightened me suddenly; cuir D. ar a shúile, let D. keep a sharp look-out; amhraisteamhail, doubt- ful; mara raibh tóir, what a pursuit there was; dubh agus dall na hoidhche, in the pitch-dark of the night; féitheanna, "veins," morasses; eis- ceacha, quagmires; túrtóga, hillocks of turf; stra-
cairí, stallairí, sladairí, sruimilí, wretched speci- mens; ag plibirnigh 'n-a mbrógaibh, hissing in their shoes; lópuis clamparach, a cantankerous, be- draggled fellow; cannta aráin, part of a loaf of bread; coilice, colic; mairtíneach, a cripple; bheith istigh go lá, to be put up for the night; goradh, a warming; dul i leith mo leabhair, to mind my book; bheith ag déanamh foidhne, to endure my patience whilst my betrayer was present; téirigh síos, go down; slogóg, nó bolgam, a mouthful; aghaidh do bhéil ort féin, may the fruit of your words fall on yourself; cath buile, fierce conflict; ag stolladh pice, tearing pitch off his eyes; béilicí, limekilns; sméaramhán, black coal; piosóid, draught, herb, drug; madh-bóireacht, noise. Domhnall Ó Súilliobháin
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services