Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Bord an Fhín.

Title
Bord an Fhín.
Author(s)
Ó Súilliobháin, Domhnall,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 262


BÓRD AN FHÍN - AIMSIR NA BHFÍNÍNÍ.



Ba bhuadhartha, suaidhthe,
claoidhte an saoghal do
bhí ag Muinntir Bhórd
an Fhín ar feadh
tréimhse tar
éis na hoidhche
úd dar éirgh-
eadar buach-
aillí Uíbh Ráthaigh
agus an Iarthair seo
amach go meidhreach
modhmharach, chum cur le Fíníní uile na
hÉireann agus ár dtír dhúthchais do shaoradh
agus do scaoileadh ó'n ndaorbhroid, ó'n
ndaoirse, agus ó'n gcuibhreach mío-ádhbharach
'n-a bhfuil sí ceangailte.



B'é ionad coinne muinntir Chiarruidhe
baile mór Chill Áirne, agus tre bhotún
éigin níor shrois scéala na hiarthair seo
i n-am go raibh lá an éirghthe curtha ar
gcúl; agus dá bhrigh sin do bhailigheadar i
gCathair Uíbh Ráthaigh an oidhche úd camtha
breagh álainn groidhe d'fhearaibh calma
lúthmhar acfuineach fearamhail fuadrach, togha
agus rogha na tíre.



Is iad a bhí go hárd-aigeantach croidhe-
amhail misneamhail le muinighin agus dóthchas
láidir go mbeadh Éire saor aca gan mhoill
ó dhian-smacht na nGalla-phoc. Acht mo
dhochar, mo dhóghadh, mo sceimhleadh! ba mhór
an t-atharrughadh do bhí ortha ar maidin lá
ar n-a bháireach nuair fuaireadar amach an
feall agus an mealladh do bhí imirthe ortha.
Bhíodar annsoin go brónach cathuightheach, gan
neart casadh na sáthadh ar aghaidh aca. Go
bhfóiridh Dia ortha! Is mór dóibh nár chas
ar a mbaile riamh ó shoin. Do chaith a lán
aca seal da saoghal i mbraighdineas; cuid
aca gur ruith leó teitheadh thar fairrge go
tapaidh; agus mórán díobh, mo bhrón, do
chaill a sláinte, agus do fuair giorradh
shaoghail as an oidhche úd mar luach saothair.



Nuair a chonncadar ná raibh le bheith
rompa i gCill Áirne acht an t-arm dearg,
agus go raibh feall déanta ortha, d'im-
thigheadar ar a dteitheadh leó féin fé sna
coilltibh, na cnuic, agus na sléibhte, oidhche
annso aca agus eadarthrath annsúd; iad dá
bhfolach féin i bpluaiseacha, a mbéilicí agus i
n-uamha talmhan ar baille-chrith, go fliuch
fuar tartmhar ocrach, ag faire an uair na
faille d'fhagháil ar a namhaid chum dul i
dtreó greama agus scíobais go tighthe na
dtigheasach fial fáiltheach, do bhí, agus tá
fós, moladh le Dia, go flúirseach ar fuid
na dúithche seo.



Is 'mdhó teannta cruaidh do bheir cuid
aca, agus an mhuinntir do bhí ag déanamh
fóirithin ortha chomh maith san am úd, agus,
dá mbeidís curtha le chéile, ní scéal ná
eachtra dhéanfaidís acht lán mála de scéala
agus d'eachtraithe greannmhara, mar ar
feadh ráithe san am úd ní fhéadfá cos do
chorruidhe ar bhóthar i gcasán ná i bpóirse
ar fuid Bhórd an Fhín gan píléir do chasadh
ort, 'n-a shamhail féin, i samhail fir déirce,
i samhail mná siubhail, nó go minic le mála
air ag bailiughadh cheirteach.



Acht bhíodar na daoine ar a seachaint
féin ortha, agus, dá bhrigh sin, ní bhaineadh an
t-ualach déirce ná ceirteach do-gheibhdís
aon bhreis chneadaíla asta dá iomchar.



Go deimhin ní fhágaidís lucht na gceirteach
"mar 'dh eadh," sop easrach i gcró na mbó,
i bhfoillín na gcaorach, ná fiú amháin i
bhfalaigh na muice gan unfairt ag cuardach
's ag píordáil.



"Tigh ar béal bóthair ní haistear gabháil
ann," adeir an sean-fhocal, agus ní


L. 263


sháruigheann an tigh go bhfuilim chum trácht
air anois an sean-fhocal, mar bíonn a lán
ag taisteal ann do ló agus d'oidhche, agus ba
mhinic ann an píléir oidhche fhuar nó fliuch
ag téidheamh a ladhracha leathta le hais na
teineadh. Bíonn ag glaodhach isteach ann an
té go mbíonn a chos ar an mbóthar agus tart air
ag iarraidh dighe, duine agus sméarthóid de'n
teinidh uaidh chum a phípe do lasadh, agus lucht
siubhail ag iarraidh lóistín agus óstuidheacht
na hoidhche.



Lá de na laetheanna úd do ghaibh ann
isteach le héirghe an lae ar maidin fear
fada cúmtha i meadhán aois. Ba dhearrthach
go raibh súil leis, mar do gléasadh biadh agus
deoch ar a aghaidh amach gan mhoill agus cóirigheadh
leaba fhir an tighe dhó, gan leisce, agus bhí
gádh aige le gach nídh dhíobh so mar do bhí sé
tréith-lag leath-thraochta agus féachaint
chlaoidhte, bhuadhartha, chráidhte go leór air.



Ní raibh sé sínte ar éigin san leabaidh
nuair siúd isteach triúr píléirí. Do phreab
a croidhe chum a béil ag bean an tighe, agus
geallaim duit go leagfá fear an tighe le
brobh luachra, nó coinlín látraighe. Ba mhaith
dhóibh araon ná raibh solus an lae ró-gheal, agus
ná raibh aon amhras ortha éinne bheith i bhfolach
aca. Acht is gearr gur chroitheadar suas
iad féin.



Thug bean an tighe stiúncán de bhainne


L. 264


bheirbhthe do sna píléirí agus níor iarradar
éan-tathant, ná sáirsineacht acht chomh beag,
chum é ól. "Bh'fhéidir go n-ólfadh sibh deoch
eile," ar bean an tighe. "Déanfam, mhaise, agus
ní iarrfam éin-mhéar leis acht chomh beag," ar
siad-san.



Fé cheann scaithimh d'fhéach fear an tighe
suas agus thóg a cheann i n-áirde, agus radharc
gruama trí-na-chéile go leór aige. "Seadh,
cad tá ort-sa anois?" ar siad leis. "Tá,"
ar seisean, "sidé an tigh follamh gan
éin-nídh le n-ithe ann, agus droch-chrích ó sna
Fíníní, ní'l éan-fhonn ar na ceannuidhthe
éan-cháirde do thabhairt uatha; agus caithfead
imtheacht anois agus mo mhéar im' bhéal agam ag
lorg mála plúir ar cáirde, agus Dia linn
ní fheadar cá dtabharfad m'aghaidh. Is truagh
ná tiocfadh liom breith ar dhuine éigin de na
fir seo ar a dteitheadh, ar shlighe go bhfaghainn
cuid de'n airgead so go léir atá fógartha
asta."



D'fhéach bean an tighe air fá fhabhraí a súl,
agus dubhairt, "Nár leigeadh Dia go mbeadh sé
do chrosaibh ná do mhallacht anuas i mullach
an chinn orainn go mbeadh sé mar asmhachán
le casadh le n-ár leanbhaí choidhche gur
thairbhigheadar a muinntir le spiaireacht ná
éan-obair eile chomh suarach s'lách." "Am
briathar," ar fear an tighe, "gur breagh bog a
thagann aighneas ort; acht dá gcuirfeadh
éin-nídh im' shlighe-se fagháltas airgid i
gcóir an lae, badh dhóigh liom gur chabhair
ó'n dTighearna é."



Do glaoidh leis ar leath-taoibh amach
duine de na píléirí agus chogair é. "Táim
tre n-a chéile go maith," ar seisean leis,
"mar, an fear úd go dtugais a chomhar-
thaí dhom an lá eile, bhí sé ag teacht chughainn
ar a bhóthar anonn chum Béara, acht chuir an
bhean istigh cosc air, agus do ghaibh sé go hárd
soir annsoin aréir de bharra na Cairrge
Fada, ó thuaidh chum Gleanna Móire, agus táim
deimhintheach go bhfuil sé fé an dtaca so i
dtigh Mhichíl Ghionncaigh ar na Cáintíní; agus
anois, ó táim ag tabhairt feasa dhuit, an
dtabharfá dhom dó no trí phúntaibh, agus mara
n-eireoghaidh leat teacht suas leis, gheóbhair
uaim thar n-air sic arís iad. Agus, Dia liom
go deó! beidh tigh buadhartha agam anois, mar
b'fhearra léi féin bás d'fhagháil leis an
ngábhtar 'ná éan-lámh do bheith agam ann,"



Shín an píléir bile chuige agus as go deó leis
mar chuirfidhe na gadhair leis, agus an bheirt
eile ar sodar i n-a dhiaidh.



Seadh! Chas fear an tighe isteach agus bhris
trithídheal gháirídhe air, agus adubhairt, "Beidh
turus i n-aistear anocht aca súd, agus
tuilleadh tubaiste chúcha." "Droch-chríoch dhá
mbreith marab iad a bhain an gheit asam ar
maidin," arsa bean an tighe, "acht cionnus
a fhéadfam a chúram do chur dínn sara
bhfuighid spiaireacht air arís.



"Le gliocas," ar seisean. "Tá a
n-aghaidh siúd dínn go maidin i mbáireach
anois, agus, cé ná fuil



"Cleas dá mb'fhéidír léigheamh ná trácht air,
Lé teacht rae ná taréis bheith lán di"



ná fuil aca dá imirt, ag iarraidh teacht
suas leis, ní éireóghaidh leó an uair seo.
Déanfad-sa coinne le muinntir Bhun an
Bhaile bheith ag geata na Mainistreach
anocht ag feitheamh leis, agus sciobfaid siar
tar na Clocha Dubha é i gcoinnibh an árthaigh
agus beidh ruith an rás leis as soin amach.
Cuir Domhnall ar a shúile, súil do bheith
amach aige féach' an bhfeicfeadh sé éinne
amhraisteamhail ag gabháil an tslighe go
hoidhche."



Cionnus mar thárlaidh do na píléirí agus an
fios a fuaireadar ar maidin? Thugadar
rabhadh do'n oifigeach gan mhoill agus mara
raibh tóir ar Fhíníní i nGleann Mór ist
oidhche!



Bhí céad fear ag an oifigeach agus do
bhailigheadar ó gach áird fá dhéin na gCáin-
tíní, tríd an Ghruaidh Mullach, tríd an
gCaol Buidhe, agus tríd an gCéim Caol, le
dubh agus dall na hoidhche; agus mo dhá léir é! do
líon an oidhche chum ceóigh agus chum báistighe, agus
do bhí chomh dubh le sméaramhán.



Ní raibh 'san am so, bóthar ag dul ann
ná casán ná póirse a leanfadh duine gan
eólas. Siúd chum siubhail na píléirí tré
chairgreacha, leacacha, féitheanna, eisceacha,
sléibhte báidhte, portaighthe móna, curraigh agus
caoil, tré thúrtóga agus díogacha, agus, Dia mo
leigheas duit, nár bh'fhada go rabhadar
amudha, agus i dteannta, gan dul ar chasadh ná
sáthadh aca go teacht an lae.



Leis an lá do ghlan sé suas, agus dá mbeadh
an té bhí uatha rompa, rud ná raibh, níor


L. 265


b'éan-an-ghaisce ná lúth dhó breith uatha 'san
am gur shroiseadar na Cáintíní. Bhí a
dturus i n-aistear agus an aoideadh do bhí
ortha le linn dóibh teacht go Cathair
Domhnall, go fliuch salach, 'n-a stracairí
stractha, 'n-a stallairí masluighthe, 'n-a
sladairí ocrais, 'n-a sruimilí lathaighe, agus
'n-a súmairí dearóile gan tapa gan lúth;
an t-uisce agus an lathaigh ag plibirnigh 'n-a
mbrógaibh, ní fhágfadh sé éan-fhormad ag
éinne leó a chonnaic iad.



Captaen Ross do bhí 'n-a throdaire gor-
gach dána indé, bhí sé indiu 'n-a lópuis
chlamparach greamuighthe idir cheathrar dhá
chuid fear, agus mara mbeadh cannta aráin
bhuidhe bhaineadar de mhnaoi Dhonnchadh ag
Póna na Stéige d'ith sé, do bheidheadh air
coilice.



Casaimíd anois ar fhear na leabthadh.



D'imthigh fear an tighe ag soláthrughadh an
phlúir mar 'dh eadh, agus do dhein an choinne
mar cheap sé. D'imthigh bean an tighe ar
fuid an bhaile ag déanamh a gnótha; do
bhuail an glas ar dhorus an tighe, agus bhí
Domhnall agus súil agus cluas air ag féachaint
amach. D'éis teacht a-bhaile do mhuinntir an
tighe tráthnóinín déidheannach níor bh'fhada
go bhfheacaidh sé beirt ag déanamh ar an
dtigh, duine anoir agus duine aniar, duine aca
'n-a mhairtíneach, a chos ar a ghualainn aige,
agus é ag siubhal le teannta dhá mhaide croise.



Dall do b'eadh an fear eile, gan súil
'n-a cheann. Do bhíodar araon ag déanamh
ar an ndoras i n-éinfeacht, agus d'iarradar
bheith istigh go lá ar son Dé agus na Maighdine
Muire, go truaighmhéileach. Ní raibh éan-dul
uatha, mar bhí baramhail tuairme ag muintir
an tighe ná rabhadar chomh bacach ná comh
dall agus leigeadar ortha é, agus do cheapa-
dar ná raibh éin-tslighe is lugha bheadh amhras
ortha ná bheith fial fáilteach leis na bacaigh.
Nuair do bhí biadh caithte ag an lucht
siubhail agus goradh de'n teinidh, thosnuigheadar
ar bheith ag innsint scéalta agus ag cur tuar-
aiscí go leór.



"Seadh, a leinbh, cad é an céard atá le
cur romhat-sa?" ar san mairtíneach.



"Dul i leith mo leabhair" ar san leanbh,
mar bhí sé i bhfeidhil a leabhair san am
céadna.



"Géar-chúiseach go leór," ar san fear
martruighthe. "Cad é an teanntadh is mó


L. 266


go rabhais riamh ann, a bhuachaill?" ar san
dall.



"Bheith ag déanamh foidhne, is fear mo
bhraithte im' chuibhreann."



"Droch-mhúinte, neamh-urramach thar bárr,"
ar san dall.



"Eist," ar san mairtíneach, "téirigh
síos go tigh an tábhairne mar dhéanfadh
buachaill maith, agus tabhair leat cughainn aníos
braon biotáile. Seo dhuit leath-choróin, agus
tabhair leat piúnt."



Ghlaoidh an leanbh ar chuideachtain agus as
go deó leó, agus ní fada do bhíodar ar an
mbóthar; acht do bhí an t-athair i gceann an
tighe rómpa agus do bhain slogóg nó bolgam
as, agus do chuir nídh eile i n-a ionad. Pé nídh
é ní fheadar-sa, acht nár bh'uisce é, tar éis
an bhrigh agus an neart do bí ann.



Do bheir an buachaill óg isteach an
biotáile, agus do bhíodar na bacaigh fial go
leór fé, acht sheachain muinntir an tighe iad
féin air. Cé cum sásaimh a thabhairt ortha,
do thóg bean an tighe gloinne dhe ar chupán
agus do chuir i gcoimeád é, dá rádh go raibh
uirthi tinneas cinn.



"Seadh, a bhuachaill," ar siad leis an
dteachtaire, "cuirfeam d'fhiachaibh ort-sa
scíobas d'ól."



"Tá eagla orm go dtabharfaidh soin
bhur ndá dhóthain is bhur ndicheall díb lé
déanamh."



"Éist, agus droch-chrích ort," ar san dall.



"Aghaidh do bhéil ort féin a mhic ó, agus
eiteach agus diúltadh ort, gan dochar ná
dioghbháil do mhuinntir an tighe seo," ar san
buachaill.



Le n-a linn sin do thug an mairtíneach
iarracht ar é bhualadh, acht cia d'aimseóghadh
sé 'na'an dall idir an dá shúil, agus, slán beó
sinn, is geárr go raibh cath buile ann.



Pé piosóid do chuir fear an tighe sa
bhuidéal, do chuir sé ar dearg-bhuile le
meisce chómhraic na bacaigh.



Siúd ag scaoileadh cheangalach dá chosaibh
an fear martruighthe, agus ag stracadh agus ag
stolladh pice dá shúilibh an fear caoch. Do
bhuaileadar agus do phleanncadar a chéile.
Theith gach n-aon de'n teinteán acht fear
an tighe, agus do bheir seisean ar shámhthach
ráinne do bhí taobh leis agus do chnap leis iad
araon thar dorus amach, agus a leithéid sin de
bhéicidh, d'eascainidhe, de mhadh-bóireacht, de
thachtadh, de mhúdadh, de chasmairt agus
d'acharann! Nuair bhíodar leath-thraochta
agá chéile, siúd 'n-a ndiaidh fear an tighe
leis an sámhthach, agus níor shear leó gur chuir
leath-mhíle ó'n dtigh iad, agus ní raibh éin-
deabhadh air ag casadh uatha, mar do bhíodar
cuid de na comhursain le n-a chois do
tharraing an gleó chum na háite.



An fhaid do bhíodar na bacaigh ag
cuimheascar le chéile, do theith an Fínín leis
féin, agus Domhnall mar ghiolla aige gur
shroiseadar Geata na Mainistreach mara
rabhadar buidhean láidir mear anamamhail
le n-a mbád, agus do sciobadar leó é
amach chum na gClocha Dubha, marar
fhanadar gur casadh ortha an t-árthach le
n-a raibh súil aca. Do thóg sí léithe ar
bórd an fear ar a raibh míle púnt le
fagháil ag éinne dhéanfadh spiaireacht air
d'fhonn breith air; acht níor thóg éinne é,
mar do bhíodar muinntir Bhórd an Fhín ró-
dhílis chum feall do dhéanamh ar lucht
teithidh.



GLUAIS.



Suaithte, tossed, wearied; chum cur le Fíníní, to
help the Fenians; daor-bhroid, slavery, bondage;
ionad coinne, meeting place; botún, mishap; fuad-
rach, fleet, active; go cathuightheach, full of regret; gan
neart casadh ná sáthadh, not able to go backwards or
forwards; braighdineas, in gaol, in servitude; giorradh
saoghail, a shortening of life; fé sna coilltibh (fá na
c.), through the woods; pluaiseacha, caves; uair na
faille, the opportunity; i dtreó greama agus sciobais,
for a bite and a sup; tigheasach, a householder;
teannta, plight; do bheir (do rug), that overtook;
ag bailiughadh ceirteach, collecting rags; cneadaíl,
sighing form exertion; cró na mbó, cow-house; foil-
lín na gcaorach, house for sheep; falaigh na muice,
pig-sty; ag píordáil, groping around; ní sháruigheann,
the house about which I am to speak is no exception
to the old saying; leath-thraochta, almost worn out;
sínte ar éigin, hardly stretched: brobh luachra, a rush
stalk; stiúncán, taoscán, "some" boiling milk; éan-
tathant na sáirsineacht, no pressing nor forcing; ní
iarrfam éin-mhéar leis, we shall ask no finger with it.
This refers to the practice of giving young calves the
finger in order to train them to drink milk out of a
pail; ní'l éan-fhonn, mearchants have no desire to give
time for payments; fabhraí, eyebrows; do chrosaibh, as
a cross; asmhachán, reproach; spiaireacht, espionage;
go hárd soir (? gach árd soir), eastwards; ar sodar,
trotting; trithídheal gáiridhe, an explosion of laughter;
turus i n-aistear, a journey for nothing; bhain geit
asam, frightened me suddenly; cuir D. ar a shúile,
let D. keep a sharp look-out; amhraisteamhail, doubt-
ful; mara raibh tóir, what a pursuit there was; dubh
agus dall na hoidhche, in the pitch-dark of
the night; féitheanna, "veins," morasses; eis-
ceacha, quagmires; túrtóga, hillocks of turf; stra-


L. 267


cairí, stallairí, sladairí, sruimilí, wretched speci-
mens; ag plibirnigh 'n-a mbrógaibh, hissing in their
shoes; lópuis clamparach, a cantankerous, be-
draggled fellow; cannta aráin, part of a loaf of bread;
coilice, colic; mairtíneach, a cripple; bheith istigh go lá,
to be put up for the night; goradh, a warming; dul i
leith mo leabhair, to mind my book; bheith ag déanamh
foidhne, to endure my patience whilst my betrayer was
present; téirigh síos, go down; slogóg, nó bolgam,
a mouthful; aghaidh do bhéil ort féin, may the fruit of
your words fall on yourself; cath buile, fierce conflict;
ag stolladh pice, tearing pitch off his eyes; béilicí,
limekilns; sméaramhán, black coal; piosóid, draught,
herb, drug; madh-bóireacht, noise.



Domhnall Ó Súilliobháin




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services