Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sinn Féin.
Title
Sinn Féin.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SINN FÉIN Ba mhaith le daoinibh áirithe níos mó d'fheicsint fé "Sinn Féin"'ná mar chuirimíd ann. Ba mhaith linn féin é leis, acht fóríor, ní mar a síltear a bhítear. Ní'l leath ár ndóthain slighe againn. Is é Tomás Ó hEidhin do bhuaidh an duais an mhí seo. Scríbhneóir gasta is eadh Tomás agus tá a rian ar "Mhaire Ní Dhomhnaill". Scéilín gonta Gaedhealach is eadh é. Tá a leithéid seo de scéalta ag teastáil uainn, scéalta nua-dhéanta, agus taispeánann Tomás Ó hEidhinl go bhfuil ann tuilleadh díobh do scríobhadh. Tá súil againn go ndéanfaidh, mar go deimhin, cé gur maith an rud na sean-scéalta bheith dá gcur i gcló, ba chóir dhúinn aire thabhairt do scéaltaibh nua- dhéanta leis. Is dóigh linn féin ná fuil an oiread díobh dá gcur os ár gcomhair is badh cheart. D'éirigh go héachtach le n-ár n-iomaidheacht i gcóir an Aos Óg. Is minic do dheineamar gáiridhe ag léigheamh na litreach dhúinn, agus níor bh'iongnadh soin mar bhí cuid aca greannmhar a ndóthain. D'innis garsún éigint dúinn go raibh sé ag féachaint ar a athair ag ól poitín a leithéid seo d'áit "má chualaidh tú trácht air riamh" ar seisean. Is éachtach an méid garsúin do bhí ag ruith ar an ndreóilín bhocht; go deimhin is iongnadh linn éin-dreóilín i n-éan-chor do bheith 'n-a bheathaidh i nÉirinn. Bhí cuid de na litreachaibh déidheannach ag teacht chugainn. B'an-dheacair a dhéanamh amach chia'r bh'iad na daoine b'fhearr. Sid é ár socrughadh féin: - GARSÚIN. An chéad duais - Domhnall Ó Ceallacháín, 11, Cnocán an tSéipéil i gCorcaigh; agus Pádraig Aughus, Coláiste Bhreandáin, Cill Áirne, mar a chéile. An dara duais - Próinsias Ó Conghaile, Scoil Ghuirt- mhóir, Chrois Mhádhm, Co. na Gaillimhe. GIRRSEACHA. An chéad duais - Brighid Ní Dhioráin, Sruthán, Éón- acht, Oileáin Árann. An dara duais - Máire Níc Chraith, Scoil Ráthbháin, Lios Dúin Bhearnaigh, Co. an Chláir. Cuireadh duaiseanna ag triall ortha súd. Cuir- feam a litreacha i gcló i ndiaidh a chéile; agus má chuirfeam litir éan-duine eile i gcló, cuirfear duais dá bharr ag triall air. Tá mórán rudaí dá gcoimeád siar againn ar easbaidh slighe dhóibh. Is fada an feitheamh ag Domhnall O Súilleabháin, ag "Maolmhuire", agus ag daoinibh nach iad, acht cuirfeam dínn iad i ndiaidh a chéile. Seoltar litreacha i dtaobh Éagarthóireachta go dtí an Fear Eagair; agus litreacha i dtaobh Bhainistighe go dtí an Stiúrthóir, Oifig an Chonnartha, 24 Sr. Uachtarach Uí Chonaill, Áth Cliath.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services