Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sinn Féin.

Title
Sinn Féin.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

SINN FÉIN



Ba mhaith le daoinibh áirithe níos mó d'fheicsint fé
"Sinn Féin"'ná mar chuirimíd ann. Ba mhaith linn
féin é leis, acht fóríor, ní mar a síltear a bhítear.
Ní'l leath ár ndóthain slighe againn.



Is é Tomás Ó hEidhin do bhuaidh an duais an mhí seo.
Scríbhneóir gasta is eadh Tomás agus tá a rian ar
"Mhaire Ní Dhomhnaill". Scéilín gonta Gaedhealach
is eadh é. Tá a leithéid seo de scéalta ag teastáil
uainn, scéalta nua-dhéanta, agus taispeánann Tomás
Ó hEidhinl go bhfuil ann tuilleadh díobh do scríobhadh.
Tá súil againn go ndéanfaidh, mar go deimhin, cé gur
maith an rud na sean-scéalta bheith dá gcur i gcló,
ba chóir dhúinn aire thabhairt do scéaltaibh nua-
dhéanta leis. Is dóigh linn féin ná fuil an oiread
díobh dá gcur os ár gcomhair is badh cheart.



D'éirigh go héachtach le n-ár n-iomaidheacht i gcóir
an Aos Óg. Is minic do dheineamar gáiridhe ag
léigheamh na litreach dhúinn, agus níor bh'iongnadh soin
mar bhí cuid aca greannmhar a ndóthain. D'innis
garsún éigint dúinn go raibh sé ag féachaint ar a
athair ag ól poitín a leithéid seo d'áit "má chualaidh
tú trácht air riamh" ar seisean. Is éachtach an méid
garsúin do bhí ag ruith ar an ndreóilín bhocht; go
deimhin is iongnadh linn éin-dreóilín i n-éan-chor do
bheith 'n-a bheathaidh i nÉirinn.



Bhí cuid de na litreachaibh déidheannach ag teacht
chugainn. B'an-dheacair a dhéanamh amach chia'r bh'iad
na daoine b'fhearr. Sid é ár socrughadh féin: -



GARSÚIN.



An chéad duais - Domhnall Ó Ceallacháín, 11,
Cnocán an tSéipéil i gCorcaigh; agus Pádraig Aughus,
Coláiste Bhreandáin, Cill Áirne, mar a chéile. An
dara duais - Próinsias Ó Conghaile, Scoil Ghuirt-
mhóir, Chrois Mhádhm, Co. na Gaillimhe.



GIRRSEACHA.



An chéad duais - Brighid Ní Dhioráin, Sruthán, Éón-
acht, Oileáin Árann. An dara duais - Máire Níc
Chraith, Scoil Ráthbháin, Lios Dúin Bhearnaigh, Co. an
Chláir.



Cuireadh duaiseanna ag triall ortha súd. Cuir-
feam a litreacha i gcló i ndiaidh a chéile; agus má
chuirfeam litir éan-duine eile i gcló, cuirfear
duais dá bharr ag triall air.



Tá mórán rudaí dá gcoimeád siar againn ar
easbaidh slighe dhóibh. Is fada an feitheamh ag Domhnall
O Súilleabháin, ag "Maolmhuire", agus ag daoinibh
nach iad, acht cuirfeam dínn iad i ndiaidh a chéile.



Seoltar litreacha i dtaobh Éagarthóireachta go
dtí an Fear Eagair; agus litreacha i dtaobh Bhainistighe
go dtí an Stiúrthóir, Oifig an Chonnartha, 24 Sr.
Uachtarach Uí Chonaill, Áth Cliath.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services