Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Rothaidheacht faoi Chonnamara (ar leanamhain)
Title
Rothaidheacht faoi Chonnamara (ar leanamhain)
Author(s)
Ua Connaolla, Mícheál,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Rothaidheacht faoi Chonnamara Gaedhilg na h-Arann (Ar leanamhain) Shiubhal Mícheál agus sinn féin tamall de'n bhealach. Dubhairt sé linn a dhul go dtí a theach nuair a bheidhmís ag teacht thar ais. Gheallamar dhó go d-tiucfamuis agus sgaramar leis annsin ar feadh tamaill. Siar linn le chéile i n-aghaidh na gaoithe a bhí ag séideadh go láidir agus gan fasgadh ar bith againn, mar sé'r* atá ann sliabh mór fairsing gan claidh, gan fál, ná cosaint ar bith eile agus an bóthar ag rith thríd n-a cheart lár, agus bóthar bréagh freisin. Bhí mórán daoine ag obair ins na gortaibh nuair a theannamar siar, agus bheannuigheamar dhóibh i nGaedhilg mar casadh orrainn iad, agus dar ndóigh bhí an freagra ar bhár a dteanga aca. Bhí mise ag éirghe tuirseach agus leis sin ní raibh mé i ndán conghbháil suas leis an maighistir agus shíl siadsan go rabhamar ag rith rása. "Dar ndóigh", arsa mise, "caithfeadh duine éigin a bheith ar deire." Chualaidh mé cuid aca ag rádh "M'anam go fíor dhuit, a mhic ó!" Mar dubhairt an fear fad' ó "dá fada é an lá tagann an oidhche faoi dheire." Dálta mo chara Séaghan Ua Neachtain an lá roimhe, bhí mise an lá seo ag cuimh- neamh ar theacht ar ais agus bealach fada romham agus mé tuirseach, acht gidh go raibh an ghaoth 'nár n-aghaidh a' teacht, bhí an chóir† againn a' teacht abhaile. D'fhillea- mar ar ais, acht deirimse leat gur gearr a bhídheamar ag giorrughadh an bhealaigh agus gidh gur gaoth Abráin a bhí againn, bhídheamar ag imtheacht mar an ghaoth Mhárta nó go dtángamar go dtí teach Mhíchil Uí Loighin. Bhí Mícheál ag geata an tighe rómhainn agus chuadhamar isteach. Bhí biadh agus deoch, fíon agus uisge-beatha go fairsing réidh ag mnaoi Mhíchil faoi n-ár g-cómhair, agus do thug é sin dhúinn le croidhe mhaith agus céad míle fáilte. Ní'l mórán Gaedhilge ag mnaoi Mhíchil acht muna bhfuil féin, tá a croidhe leis an n-Gaedhilge, agus tá oiread Gaedhilge ag Micheál agus a dheunfas an bheirt aca. Chaitheamar tamall maith ag caint le n-a chéile ann sin, ag cur síos ar chúrsaidhe an tsaoghail. Ann sin d'fágamar beannacht ag lánamhain an tíghe agus do chuadhamar de'n gheabhadh sin, ar ais go Spidéul, agus creid uaimse go raibh mise tuirseach go leor, mar níor rinne mé mórán rothaidheachta an bhliaghan seo fós, agus leis sin bhí neamh-chleachtadh orm. Ní raibh tuirse ná claoidh ar an maighistir. Bhí mé anois dhá mhíle dhéug as Gaillimh, agus bhí orm a bheith ag mo chuid oibre ag a h-ocht a chlog ar maidin. Dubhairt an máighistir agus a bhean liom go b'fhearr dham fanacht an oidhche sin agus imtheacht go moch ar maidin go mór-mhór ó bhí mé tuirseach agus an oídhche ag teacht. Má bhídheann an bóthar fliuch ar maidin," arsa mise. "béidh mé chomh dona le Sarah."‡ Mar sin féin d'fhan mé an oidhche sin. Tháinic Peadar ua Gráinne ar cuairt ar feadh tamaill agus bhídheamar ag giorrughadh na h-oidhche ag imeart cluimhthe agus ag innsint sgéulta. Lá 'r na mhárach bárr ar an mí-ádh, bhí an bóthar fliuch agus salach, mar rinne sé báisteach go leor an oidhche sin. Bhí mé mo shuidhe go moch acht bhí muintir an tighe 'na suidhe romham. D'fhág mé slán agus beannacht aca ansoin agus soir liom acht mo léun! Ba gheárr go raibh cuid mhaith de shalachar an bhóthair suas ar mo dhruim mar bhí an rotha d'á sgaipeadh. B'éigin dam a bheith áireach mar bhí an bóthar sleamhain. Casadh triúr fear liom ag "Bearna." Bheannuigh mé dhóibh agus iadsan dham. "M'anam," arsa duine aca, "go bhfuil droch bhail ort." Faoi cheann tamaill casadh fear eile liom. "Dia dhuit," arsa mise. "Dia 's Muire dhuit," ar seisean. "Bhí báisteach mhór aréir againn," arsa mise. "M'anam gur furus d'aithin ar do dhruim go raibh," ar seisean. Thug sé freagra barramhuil orm agus gidh go raibh mo sháith le deunadh agam agus a chonghbháil ó sgioradh, b'éigin dam gáiridhe do dheunadh. Leis an sgeul do ghiorrughadh, bhí mé ag m'obair i n-am mhaith tar éis mo chuid eudaighe d'athrughadh, agus mé buidheach go maith do m'aistear agus buidheach dhá d-trian do'n mhuintir a casadh liom ar son a muintiris agus a g-caradnais liomsa. Mícheál Ua Connaolla † fair wind ‡ Sarah - a cant word in Aran. I was told that a woman called Sarah was in some predicament one time, and any difficulty that occurs since they used the phrase "tá mé chómh dona le Sarah." Micheal J. Connolly
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services