Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Rothaidheacht faoi Chonnamara (ar leanamhain)

Title
Rothaidheacht faoi Chonnamara (ar leanamhain)
Author(s)
Ua Connaolla, Mícheál,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Rothaidheacht faoi Chonnamara



Gaedhilg na h-Arann
(Ar leanamhain)



Shiubhal Mícheál agus sinn féin tamall de'n bhealach.
Dubhairt sé linn a dhul go dtí a theach nuair a bheidhmís
ag teacht thar ais. Gheallamar dhó go d-tiucfamuis
agus sgaramar leis annsin ar feadh tamaill. Siar linn
le chéile i n-aghaidh na gaoithe a bhí ag séideadh go láidir
agus gan fasgadh ar bith againn, mar sé'r* atá ann sliabh
mór fairsing gan claidh, gan fál, ná cosaint ar bith
eile agus an bóthar ag rith thríd n-a cheart lár, agus bóthar
bréagh freisin. Bhí mórán daoine ag obair ins na
gortaibh nuair a theannamar siar, agus bheannuigheamar
dhóibh i nGaedhilg mar casadh orrainn iad, agus dar ndóigh
bhí an freagra ar bhár a dteanga aca. Bhí mise ag
éirghe tuirseach agus leis sin ní raibh mé i ndán conghbháil
suas leis an maighistir agus shíl siadsan go rabhamar ag
rith rása. "Dar ndóigh", arsa mise, "caithfeadh duine
éigin a bheith ar deire." Chualaidh mé cuid aca ag rádh
"M'anam go fíor dhuit, a mhic ó!"
Mar dubhairt an fear fad' ó "dá fada é an lá
tagann an oidhche faoi dheire." Dálta mo chara Séaghan
Ua Neachtain an lá roimhe, bhí mise an lá seo ag cuimh-
neamh ar theacht ar ais agus bealach fada romham agus mé
tuirseach, acht gidh go raibh an ghaoth 'nár n-aghaidh a'
teacht, bhí an chóir† againn a' teacht abhaile. D'fhillea-
mar ar ais, acht deirimse leat gur gearr a bhídheamar
ag giorrughadh an bhealaigh agus gidh gur gaoth Abráin a bhí
againn, bhídheamar ag imtheacht mar an ghaoth Mhárta nó
go dtángamar go dtí teach Mhíchil Uí Loighin. Bhí
Mícheál ag geata an tighe rómhainn agus chuadhamar isteach.
Bhí biadh agus deoch, fíon agus uisge-beatha go fairsing
réidh ag mnaoi Mhíchil faoi n-ár g-cómhair, agus do thug é
sin dhúinn le croidhe mhaith agus céad míle fáilte. Ní'l
mórán Gaedhilge ag mnaoi Mhíchil acht muna bhfuil féin,
tá a croidhe leis an n-Gaedhilge, agus tá oiread Gaedhilge
ag Micheál agus a dheunfas an bheirt aca. Chaitheamar
tamall maith ag caint le n-a chéile ann sin, ag cur
síos ar chúrsaidhe an tsaoghail.



Ann sin d'fágamar beannacht ag lánamhain an tíghe
agus do chuadhamar de'n gheabhadh sin, ar ais go Spidéul, agus
creid uaimse go raibh mise tuirseach go leor, mar níor
rinne mé mórán rothaidheachta an bhliaghan seo fós, agus
leis sin bhí neamh-chleachtadh orm. Ní raibh tuirse ná
claoidh ar an maighistir. Bhí mé anois dhá mhíle dhéug
as Gaillimh, agus bhí orm a bheith ag mo chuid oibre ag a
h-ocht a chlog ar maidin. Dubhairt an máighistir agus a
bhean liom go b'fhearr dham fanacht an oidhche sin agus
imtheacht go moch ar maidin go mór-mhór ó bhí mé
tuirseach agus an oídhche ag teacht. Má bhídheann an
bóthar fliuch ar maidin," arsa mise. "béidh mé chomh
dona le Sarah."‡



Mar sin féin d'fhan mé an oidhche sin. Tháinic Peadar
ua Gráinne ar cuairt ar feadh tamaill agus bhídheamar ag
giorrughadh na h-oidhche ag imeart cluimhthe agus ag innsint
sgéulta. Lá 'r na mhárach bárr ar an mí-ádh, bhí an
bóthar fliuch agus salach, mar rinne sé báisteach go leor an
oidhche sin. Bhí mé mo shuidhe go moch acht bhí muintir an
tighe 'na suidhe romham. D'fhág mé slán agus beannacht
aca ansoin agus soir liom acht mo léun! Ba gheárr go
raibh cuid mhaith de shalachar an bhóthair suas ar mo dhruim
mar bhí an rotha d'á sgaipeadh.



B'éigin dam a bheith áireach mar bhí an bóthar sleamhain.
Casadh triúr fear liom ag "Bearna." Bheannuigh mé
dhóibh agus iadsan dham. "M'anam," arsa duine aca, "go
bhfuil droch bhail ort." Faoi cheann tamaill casadh fear
eile liom. "Dia dhuit," arsa mise. "Dia 's Muire
dhuit," ar seisean. "Bhí báisteach mhór aréir againn,"
arsa mise. "M'anam gur furus d'aithin ar do dhruim
go raibh," ar seisean.



Thug sé freagra barramhuil orm agus gidh go raibh mo
sháith le deunadh agam agus a chonghbháil ó sgioradh, b'éigin
dam gáiridhe do dheunadh.
Leis an sgeul do ghiorrughadh, bhí mé ag m'obair i
n-am mhaith tar éis mo chuid eudaighe d'athrughadh, agus mé
buidheach go maith do m'aistear agus buidheach dhá d-trian
do'n mhuintir a casadh liom ar son a muintiris agus a
g-caradnais liomsa.



Mícheál Ua Connaolla



† fair wind



‡ Sarah - a cant word in Aran. I was told that a woman called
Sarah was in some predicament one time, and any difficulty that
occurs since they used the phrase "tá mé chómh dona le Sarah."



Micheal J. Connolly

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services