Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An tAos Óg.
Title
An tAos Óg.
Author(s)
Ó Ceallacháin, Domhnall,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN tAOS ÓG. A dhuine uasail, Cúpla lá sara bhfuaireas mo laethanta saoire, bhíos ag machtnamh liom féin, cad é an tslighe do b'fhearr chun iad do chaitheamh. Bhíos oidhche im' shuidhe cois na teine, agus páipéar im' láimh agam; bhíos ag léigheamh mar gheall ar na sean-daoine bheith ag fagháil bháis, agus an dúil a bhíonn ag na Gaedhilgeóiríbh go mbéadh na sean-amhráin, na sean-eachtraí, is na sean- scéalta atá aca scríobhtha síos, ar eagla go gcaill- fidhe iad. Cuireas uaim an páipéar agus dubhart liom féin ná féadfainn mo laethanta saoire do chaitheamh níos fearr ná athchuingí na nGaaedhilgéoirí do leanamh- aint chomh fada is d'fhéadfainn. Do dheineas amhlaidh; mar an chéad lá tar éis mo laethanta saoire d'fhagháil, do shiubhluigheas romham amach fé'n dtuaith. Ar theacht na hoidhche dham, bhíos timcheall dhá mhíle dhéag ar an dtaobh thuaidh de chathair Chorchaighe agus ar bun chnuic. D'fhanas annso i dtigh áirithe, agus bhí an-fháilte romham nuair d'innseas mo ghnó do lucht an tighe. Fuaireas amach ó mhuinntir an tighe go raibh craobh de Chonnradh na Gaedhilge san áit, agus go raibh an-spioraid ins na daoinibh, chun obair na craoibhe sin do dhéanamh: 'sé sin a dteanga féin d'fhoghluim. Chuadhas fé dhéin "tigh na craoibhe" an oidhche sin, agus chabhruigheas sa múintéoireacht leó, mar cruinnigheadh na leanbhaí im' thimcheall, agus chaithinn iad do mhúineadh. Fuaireas amach ó dhuine éigin go raibh sean-duine 'san áit agus go raibh scéalta breaghtha aige. Chuadhas ag triall air, lá ar n-a bháireach, agus tar éis beagán cainnte leis, b'fhollas dam nár bh'éan-iongnadh "Leabhar Sean-scéalta" do chur air. Nuair a fuaireas amach an méid sin, thriall- ainn chuige gach éan-lá go dtí go raibh trí nó ceathar dá shean-scéalta thíos agam; agus a lán sean-fhocail
leis. D'airigheas trácht ar shean-mhnaoi go raibh amhrán an-dheas aici; chuadhas chúiche, agus chuireas síos an t-amhrán. B'é sin an chuid áirithe dem' scríbh- néoireacht. Is greannmhar an tslighe bhíonn aca annsúd, chun Gaedhilg d'fhoghluim. Téidheann an scoil timcheall go dtí an uile thigh as a dtagann scoláire; oidhche annso agus oidhche annsúd agus mar sin timcheall. 'Sé mo thuairim-se gur mhaith an tslighe í seo chun Gaedhilg d'fhoghluim, sa dtuaith go háirithe. Féach anois an méid oibre d'féadfadh aon Ghaedhilgeóir amháin a dhéanamh, mar obair aon Gaedhilgeóra amháin do b'eadh é chun an chraobh so do chur ar bun - nó an teanga do choimeád beó go bráth ins an dúthaigh go léir. Ní innéosad ainm an fhir seo dhíbh go fóill, mar tá ceaptha agam scríbhneóireacht bheag eile do dhéanamh 'n-a thaobh sara fada. Chríochnuigheas an tseachtmhain do b'fhearr do chaitheas riamh, is dócha, ar scoruidheacht bhreagh. Bhí gach éan-tsaghas sean-rinnce againn; amhráin, céol, agus aithriseóireacht ár ndóthain. Ní gádh dham innsint díbh go bhfuaireamair scéal nó dhó ó'n scéaluidhe. Geallaim-se dhíbh-se gur thánas a-bhaile go lán- tsásta, agus geallaim-se leis, nuair a ghéobhad mo shaoirseacht arís nach ag machtnamh ná ag cuimhneamh ar an tslighe is fearr chun í chaitheamh do bhead. Do chara go deó, DOMHNALL Ó CEALLACHÁIN. 11, Cnoc an tSéipéil, i gCorcaigh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services