AN tAOS ÓG.
A dhuine uasail,
Cúpla lá sara bhfuaireas mo laethanta saoire,
bhíos ag machtnamh liom féin, cad é an tslighe do
b'fhearr chun iad do chaitheamh. Bhíos oidhche im' shuidhe
cois na teine, agus páipéar im' láimh agam; bhíos ag
léigheamh mar gheall ar na sean-daoine bheith ag fagháil
bháis, agus an dúil a bhíonn ag na Gaedhilgeóiríbh go
mbéadh na sean-amhráin, na sean-eachtraí, is na sean-
scéalta atá aca scríobhtha síos, ar eagla go gcaill-
fidhe iad. Cuireas uaim an páipéar agus dubhart liom
féin ná féadfainn mo laethanta saoire do chaitheamh
níos fearr ná athchuingí na nGaaedhilgéoirí do leanamh-
aint chomh fada is d'fhéadfainn. Do dheineas amhlaidh;
mar an chéad lá tar éis mo laethanta saoire d'fhagháil,
do shiubhluigheas romham amach fé'n dtuaith. Ar theacht
na hoidhche dham, bhíos timcheall dhá mhíle dhéag ar an
dtaobh thuaidh de chathair Chorchaighe agus ar bun chnuic.
D'fhanas annso i dtigh áirithe, agus bhí an-fháilte romham
nuair d'innseas mo ghnó do lucht an tighe. Fuaireas
amach ó mhuinntir an tighe go raibh craobh de Chonnradh
na Gaedhilge san áit, agus go raibh an-spioraid ins na
daoinibh, chun obair na craoibhe sin do dhéanamh: 'sé
sin a dteanga féin d'fhoghluim. Chuadhas fé dhéin
"tigh na craoibhe" an oidhche sin, agus chabhruigheas sa
múintéoireacht leó, mar cruinnigheadh na leanbhaí im'
thimcheall, agus chaithinn iad do mhúineadh. Fuaireas amach
ó dhuine éigin go raibh sean-duine 'san áit agus go raibh
scéalta breaghtha aige. Chuadhas ag triall air, lá ar
n-a bháireach, agus tar éis beagán cainnte leis, b'fhollas
dam nár bh'éan-iongnadh "Leabhar Sean-scéalta" do
chur air. Nuair a fuaireas amach an méid sin, thriall-
ainn chuige gach éan-lá go dtí go raibh trí nó ceathar
dá shean-scéalta thíos agam; agus a lán sean-fhocail
leis. D'airigheas trácht ar shean-mhnaoi go raibh
amhrán an-dheas aici; chuadhas chúiche, agus chuireas síos
an t-amhrán. B'é sin an chuid áirithe dem' scríbh-
néoireacht.
Is greannmhar an tslighe bhíonn aca annsúd, chun
Gaedhilg d'fhoghluim. Téidheann an scoil timcheall
go dtí an uile thigh as a dtagann scoláire; oidhche
annso agus oidhche annsúd agus mar sin timcheall.
'Sé mo thuairim-se gur mhaith an tslighe í seo chun
Gaedhilg d'fhoghluim, sa dtuaith go háirithe. Féach
anois an méid oibre d'féadfadh aon Ghaedhilgeóir
amháin a dhéanamh, mar obair aon Gaedhilgeóra amháin
do b'eadh é chun an chraobh so do chur ar bun - nó an
teanga do choimeád beó go bráth ins an dúthaigh go
léir. Ní innéosad ainm an fhir seo dhíbh go fóill,
mar tá ceaptha agam scríbhneóireacht bheag eile do
dhéanamh 'n-a thaobh sara fada.
Chríochnuigheas an tseachtmhain do b'fhearr do
chaitheas riamh, is dócha, ar scoruidheacht bhreagh. Bhí
gach éan-tsaghas sean-rinnce againn; amhráin, céol,
agus aithriseóireacht ár ndóthain. Ní gádh dham innsint
díbh go bhfuaireamair scéal nó dhó ó'n scéaluidhe.
Geallaim-se dhíbh-se gur thánas a-bhaile go lán-
tsásta, agus geallaim-se leis, nuair a ghéobhad mo
shaoirseacht arís nach ag machtnamh ná ag cuimhneamh
ar an tslighe is fearr chun í chaitheamh do bhead.
Do chara go deó,
DOMHNALL Ó CEALLACHÁIN.
11, Cnoc an tSéipéil, i gCorcaigh.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11