Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Mar Buaileadh an Bob ar an nGruagach.
Title
Mar Buaileadh an Bob ar an nGruagach.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
MAR BUAILEADH AN BOB AR AN nGRUAGACH. (Ar leanamhaint.) 9. Leis sin tharraing fear an tighe an bord ar lár an teinteáin, agus chuir sé coinneal ar lasadh ar gach cúinne dhe, agus paca cártaí i lár buill an bhuird. Do shuidheamair isteach - Séamus ar dtúis, annsoin Donnchadh, mise 'n-a dhiaidh, agus Diarmaid ar deireadh. Chuir gach éinne againn coróin síos, agus chuir fear a tighe chuige iad, ag rádh go raibh sé i n-iomad. A haon-déag ar fhichid an cluiche, agus a haon-déag toradh an chíonádh. Dubhairt Donnchadh an mult d'imirt 'n-a cheathramhnaibh agus chúig chluiche bheith chun gach aon cheathramhan; mar i taobh fheabhas a chuid imeartha, mheas sé go dtabharfadh an choitiantacht buntáiste dho. D'iarr Séamus an mult go léir a leigint sa chéad chúig chluiche. Annsoin dubhairt Seaghán na Slat an deifir a scoltadh, 'sé sin a leath a chur sa chéad chúig chluiche, agus annsoin an leath eile. Thoileamair uile chuige sin. "Caith cárt timcheall" arsa Donnchadh le Séamus, "faid do bhead-sa ag cur caisnín tobac sa phíopa." Do shuaith Séamus na cártaí, agus annsoin chaith sé cárta ar a bhéal i n-áirde ar a aghaidh féin amach. An dó spéarthaid do b'eadh é. Do chaith sé ceann eile chun Donnchadh agus ceann chun gach éinne againne. Ní raibh éan-chárta aca ní ba lugha i ndath 'ná a cheann féin, agus dá dhruim sin bhí déanamh na gcártaí aige. 10. Bhailigh sé suas arís iad, agus shuaith sé go cliste iad, agus chuir sé ar aghaidh Dhiarmada iad chun iad do ghearradh. Annsoin thug sé amach iad, beirt ar dtúis agus trí cinn annsoin, agus d'iompuigh sé suas an mádh. "Aon muileat ar bais agam!" ar seisean. "Muileat an m-m-mádh, maith-a-draw- spéarthaid" arsa Diarmaid. "Díol as an aon soin," arsa Donnchadh, "go gcaithfead ceann asta." Do chuir Séamus cárta dá chuid féin i n-ionad an aoin, agus thóg sé chuige é. Annsoin do thug Donnchadh rígh-chárta éigin agus d'imthigh an imirt ar siubhal. Bhí gach éinne againn agus faobhar air ag glinniughadh ar na cártaíbh do réir mar caithtí ar an gclár iad, i gcás go gcuimhneoghaimís ar na cártaíbh bhíodh ag leanamhaint a chéile. Ní raibh cúig ná ceathair le fagháil ag éinne i n-aiscidh ann. Ní raubh smiug cainnte asainn, acht go gcloisfeá anois agus arís ráidhte mar seo: "Aon-a-hart a' tart fé'n gcíonádh." "Sé'n rí dá leagadh leis an mbilleóig é." "Is mairg a bheadh gan páirtidhe." Nó i ndeireadh an chluiche, an cómhaireamh "Cúig-déag, sé- déag"; "aon-fhichead, deich"; "fiche mhaol, haon-déag"; fé dheireadh bhíomair- ne trí chluiche, agus Donnchadh beirt, agus bí a fhios ag Donnchadh go maith go rabhmair maith a dhóthain nó ró-mhaith dhó. Do roinn sé na cártaí, agus d'iompuigh sé suas rí triuth. "Scilling leat, a Ghruagaigh," ar sé, "go bhfuil an cíonádh agat." "Seadh," arsa Séamus, "agus dá dtéidhteá-sa ceann eile níos doimhne ionnta, a Dhonnchadh, bhéadh aon- a-hart ar bais agat." Bhíodar chomh géar soin ag féachaint indiaidh na gcártaí. Thógas suas mo chuid féin, agus, mar adubhairt Donnchadh, bhí an cíonádh lem' shúil. Thugas leath-iompáil im' láimh dó go bhfeicfeadh sé é, mar shásamh dó; acht i n-ionad pléisiúir a dhéanamh de dubhairt sé "Tá an Gruagach ag taispeáint a chártaí; glaodhaim ar an chúig spéarthaid i n-a láimh."
"Bhfuil an f-f-fife agat-a-Ghruagaigh?" arsa Diarmaid. "Tá, gan dabht," arsa mise. "Do lámh i bpaca mar sin!" arsa Donnchadh. "Agus h-h-haind-a-pháirtidhe," arsa Diarmaid. 11. Ní raibh leigheas air. Bhí an dlighe ar a dtaobh. Thógadar an cluiche, agus bhíomair-ne chomh cráidthe sin gur cheileabhramair dhá uair 'n-a dhiaidh sin, agus rugadar leath na caorach gan spleádhchas. Do luigheamar annsoin chun an dara leath, agus bhí geach re gcluiche, agus geall leis, geach re gcúig againn go rabhamair an cúig-déag, sé-déag chun an chluiche dheirionnaigh do dhéanfadh cúig agus an mádh mór an cluiche d'aon taobh. Dhein Donnchadh na cártaí agus thóg sé an chéad chúig. Chuaidh an imirt annsoin isteach chun Séamuis agus thóg sé cúig. Ní raibh dath an mhádh agam- sa. "Anois," arsa Donnchadh, agus a lámha ar baille-chrith, "tá sé ar an mádh-mór ag gach taobh, caithtear amach é." Le linn sin a rádh dhó, do bhuail sé pléasc de'n chuireata ar lár an bhuird. Do chrith sé chómh mór soin é gur thuit an buidéal do bhí i n-a aice ar an urlár. "Buailidh é sin," ar sé, "nó raghaidh an mult go Cúm Orcáin." "M-m-mate-by-Gor!" arsa Diarmaid. Chomh luath is do thuit an buidéal do chromas dá thógaint, agus b'é toil an tsaoghail go raibh an cíonádh do bhí ag teastmháil go cruaidh uaim cois mo bhróige, marar thuit sé uair éigin roimhe sin a bhíos ag suathadh na gcártaí. Faid bheitheá ag dúnadh do shúl ní rabhas dá piocadh suas agus ag leigint do'n dó beag muileat tuitim i n-a ionad. "Is fusa do'n mhult fanamhaint mar bhfuil sé, a Dhonnchadh," arsa mise, "mar níor fhág Seaghán an siubhal ar foghnamh
aige," agus chaitheas ar an gclár an cíonádh chomh rédh neamh-chúramach is do dhéanfadh "duine uasal" Sasannaigh. "A Dhia na bhfeart, a Ghruagaigh," arsa Séamas, "is fuar-aigeantach an duine thú. Dá mba agam-sa bheadh an cíonádh, ar mo mhóidibh go gcloisfidhe thall i bhFuíde an buille thabharfainn leis." "M-m-mate-le-habhainn-í-by Gor," arsa Diarmaid. D'éirigh Donnchadh ó'n mbórd. "Cá bhfuilir ag dul, a Dhonnchadh?" arsa Séamus. "Cuirimís leath i gcoinnimh leatha anois. "Ní chuirfead, a Shéamuis, ní id' eiteach é. Caithfead féin agus Diarmaid dul ar an aonach i mbáireach, agus is mithid dúinn beith ag dul a-bhaile anois." 12. "Agus an amhlaidh a bheir ag déanamh cheithre coda de'n ghríscín sin ar crochadh? Níos túisce ná dheinfidhe sin cuirfeam ar an mádh mór leat é." "Níor cheart an tarcuisne sin do thabhairt do sna cártaíbh, a Shéamuis. Acht chífir go socróghadh an chaora chun do shástact, má fhágann tú fúm í." Thóg sé anuas an mult agus chuir sé ar chaol a dhroma ar an mbórd é. Dubhairt sé le Diarmaid breith ar chosaibh air, agus é choimeád díreach. Annsoin fuair sé gearrthóir, agus ruith sé trí chnámh a dhroma é ó mhuineál go hearball gur dhein sé dhá leath lom díreach dhe. Fuair sé an ceann agus an drisín ann- soin, agus leag sé ar an mbórd iad. "Seo scar," ar sé, ag tagairt do'n drisín, "agus seo scar eile" leis an gcloigean, "agus sid iad an dá scar eile" leis an dá thaobh; "agus anois cuirfeam ar chrannaibh iad." "Sé is feárr 'ná a chéile," arsa sinne. "Téidhir-se amach thar doras, a Dhiarmaid; agus, a Ghruagaigh, imthigh-se agus dún an doras 'n-a dhiaidh, agus cuir an ballta go daingean air. Annsoin, a Shéamuis, tóg-sa do rogha scar aca so suas agus fiafruigh de Dhiarmaid cé gheobhaidh é, agus dein an cleas céadna leó uile." Faid bhíomar ag feistiughadh an doras do dhearg Donnchadh a phíopa, agus shuidh sé ar an suidheachán. Thóg Séamus suas an drisín i n-a láimh. "A Dhiarmaid!" ar sé, "a gcloiseann tú?" An an nóimeat soin chuaidh an píopa le hanál Dhonnchadh, agus chuir sé tritheamh casachtaighe dhe. "Co-co-cloisim," arsa Diarmaid. "Cé dhó go raghaidh an scar so idir mo lámha agam?" "Do'n Gh-Gh-Ghruagach-gan-dabht." 13. "Tá'n tsnáthad aige," arsa Séamus, i gcogar liom-sa; "acht bead-sa suas leis. Molfaidh sé an dara scar do Dhonnchadh gan dabht." Thóg Séamus suas an plaosc, agus tháinig an casachtach arís ar Dhonnchadh. "Cia dhó go raghaidh an scar so?" ar sé. "Bíodh sin agat f-f-féin-a-bhua- chaill," arsa Diarmaid. "An diuc go dtachtaidh thú, a bhearánaigh!" arsa Séamus. "Cia dhó go raghaidh an scar so?" "Tabhair dom p-p-partner é." Ní raibh a thuilleadh le déanamh. Bhí an scar eile le bheith aige féin. Tháinig Diarmaid isteach. "Ci-ci-cionnus a chuaidh na pieces?" ar sé. "Tin t'iarraithe an Diabhail ort," arsa Séamus, agus siúd amach go searbh é, agus leanas é. "Bhfuileann tú fágaint an chinn id' dhiaidh?" arsa Donnchadh. "Mhuise, is deas
an rud í inchinn- go mór-mhór don té go mbeadh a heasnamh air." "Seadh, a Ghruagaigh," arsa Séamus, "nách ádhmharach an séithleán é Diarmaid; An dóigh leat an raibh an tsnáthad aige?" "Ní raibh, a Shéamuis, acht bhí sí ag Donnchadh." "Dar ndó ní'l aon bhean ag Donnchadh." "Is cuma cad tá aige, ach bhí an tsnáthad aige; agus an dóigh leat cá raibh sí i bhfolach aige, a Shéamuis?" "Ca fios dom, airiú." "Bí sí i dtóin a phíopa, a bhuachaill." "B'in í fáth na casachtaighe mar sin. 'Sé an D-l buidhe é." "Shíleas gur dubh atá an buachaill sin." "Ná bí om' bodhradh, a Ghruagaigh." GLUAIS. 9. Teinteán, the hearth. I lar buill an bhuird, the centre of the table. A héin-déag ar fhichid, agus rl., thirty-one the game; eleven for best trump. An mult d'imirt, agus rl, to play every quarter of the sheep separately.; Go dtabharfadh an coitiantacht, that the large number of games would give him an advan- tage. An deifir a scoltadh, to split the difference. Thoileamair, we consented. Caisnín tobac, a little plug (some) tobacco. Ní raibh éan-chárta aca, no card (turned up) had less spots then his own, and therefore he had won first deal. 10. Shuaith sé iad, he mixed them. Ag glinniughadh, watching sharply. I n-aiscidh, for nothing. Ní raibh smiug, we had not a little of talk. Aon-a-hart a tart, the ace of hearts thirsting for (expecting) the five of trumps. An rí dá leagadh, the king being slain with a billhook. Ag féachaint cad iad na cártaí, by watching the cards as they fall during play a good player can give a pretty good guess at what cards his opponent has when that particular colour turns up again. Scilling leat, I bet a shilling with you. Thugas leath-iompáil, I turned my hand half- way round. Glaodhaim ar an chúig spéarthaid, if you expose your hand during play so that your opponent may see any of your cards he can call on it, when, if he is right, your hand may be decked. Should he fail, his will be the penalty. 11. Gan spleadhchas, independently, in spite of all opposition. Geach re gcluiche, every second game. Go rabhamair an cúig déag, till the count for the last game stood at fifteen on one side and sixteen on the other. A lámha ar baille-chrith, shaking in every mem- ber from excitement. Tá sé ar an mádh mór ag gach taobh, the best trump will win for either side. Caithtear amach é, throw it out (imper. auton.). Do bhuail sé pléasc de'n chuireata, he struck the table a violent blow with the knave. These big blows are a feature of rural card- playing. They serve, besides being a sort of safety-valve for the pent-up feelings of the player himself, to intimidate a nervous opponent. Ag suathadh na gcártaí, mixing the cards pre- paratory to dealing them out. Go neamh-aigeantach an duine tú, you are a cool or unexcitable man. I bhFuíde, in Whiddy Island. Mate-le habhainn, lost meat. 12. Gríscín, a small piece of meat. Níos túisce ná dheinfidhe sin, sooner than do that (cond. auton.) we'll put it on the best trump with you; i.e., the side which has best trump wins the meat. Níor cheart an tarcuisne sin, a true cearrbhach is not a gambler but rather a sportsman. He looks on the pack as little short of sacred and would consider the cards dishonoured if used as mere betting tools. Dhá leath lom díreach, two exact halves. Scar, a division. Ar chrannaibh, casting lots. Going outside the door, as in this case, was a common way of deciding lots until the dishonesty of men like Donnchadh caused it to fall into disrepute. Ag feistiughadh an dorais, fastening the door. Tritheamh chasachtaighe, a fit of coughing. 13. Molfaidh sé an dara scar, he will award the second portion to Donnchadh. An diuc go dtactaidh thu, an diuc umat, the pips in you. Everyone is familiar with the diuc (pips) as it affects hens.
Tin t'iarraithe ort, this spelling repreents the sound of the phrase. My father once analysed it for me as "goin t'fhiafhruighthe ort" which means may you get the wound or punishment which the impertinence of your inquiry merits." Séithleán, siomach, a weak-loined fellow. "D-l buidhe," "d-l dubh," "seventeen d-ls;" (In last months' number the sentence "siomach fad-ruighteach do bhí ann; agus is minic thugadh na garsúin caol-ghadhar air" should read "siomach faid-rightheach do bhí ann; agus is minic do thugadh na garsúin caol gadhair air." Faid-rightheach, long-legged; righ, pl. rightheacha, legs. Caol, the small fo the back (second- ary meaning); caol gadhair, applied abusively to a man whose back is long and weak.) Gruagach an Tobair.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services