Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Mar Buaileadh an Bob ar an nGruagach.

Title
Mar Buaileadh an Bob ar an nGruagach.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

MAR BUAILEADH AN BOB AR AN
nGRUAGACH.
(Ar leanamhaint.)



9. Leis sin tharraing fear an tighe an
bord ar lár an teinteáin, agus chuir sé
coinneal ar lasadh ar gach cúinne dhe, agus
paca cártaí i lár buill an bhuird. Do
shuidheamair isteach - Séamus ar dtúis,
annsoin Donnchadh, mise 'n-a dhiaidh, agus
Diarmaid ar deireadh. Chuir gach éinne
againn coróin síos, agus chuir fear a tighe
chuige iad, ag rádh go raibh sé i n-iomad.
A haon-déag ar fhichid an cluiche, agus a
haon-déag toradh an chíonádh.



Dubhairt Donnchadh an mult d'imirt 'n-a
cheathramhnaibh agus chúig chluiche bheith chun
gach aon cheathramhan; mar i taobh fheabhas
a chuid imeartha, mheas sé go dtabharfadh an
choitiantacht buntáiste dho. D'iarr Séamus
an mult go léir a leigint sa chéad chúig
chluiche. Annsoin dubhairt Seaghán na Slat
an deifir a scoltadh, 'sé sin a leath a chur
sa chéad chúig chluiche, agus annsoin an leath
eile. Thoileamair uile chuige sin.



"Caith cárt timcheall" arsa Donnchadh
le Séamus, "faid do bhead-sa ag cur
caisnín tobac sa phíopa." Do shuaith
Séamus na cártaí, agus annsoin chaith sé cárta
ar a bhéal i n-áirde ar a aghaidh féin amach.
An dó spéarthaid do b'eadh é. Do chaith sé
ceann eile chun Donnchadh agus ceann chun
gach éinne againne. Ní raibh éan-chárta aca
ní ba lugha i ndath 'ná a cheann féin, agus
dá dhruim sin bhí déanamh na gcártaí aige.



10. Bhailigh sé suas arís iad, agus shuaith sé
go cliste iad, agus chuir sé ar aghaidh
Dhiarmada iad chun iad do ghearradh.
Annsoin thug sé amach iad, beirt ar dtúis
agus trí cinn annsoin, agus d'iompuigh sé suas
an mádh.



"Aon muileat ar bais agam!" ar
seisean.



"Muileat an m-m-mádh, maith-a-draw-
spéarthaid" arsa Diarmaid.



"Díol as an aon soin," arsa Donnchadh,
"go gcaithfead ceann asta."



Do chuir Séamus cárta dá chuid féin i
n-ionad an aoin, agus thóg sé chuige é.
Annsoin do thug Donnchadh rígh-chárta éigin
agus d'imthigh an imirt ar siubhal. Bhí gach
éinne againn agus faobhar air ag glinniughadh
ar na cártaíbh do réir mar caithtí ar an
gclár iad, i gcás go gcuimhneoghaimís ar na
cártaíbh bhíodh ag leanamhaint a chéile. Ní
raibh cúig ná ceathair le fagháil ag
éinne i n-aiscidh ann. Ní raubh smiug
cainnte asainn, acht go gcloisfeá anois
agus arís ráidhte mar seo: "Aon-a-hart
a' tart fé'n gcíonádh." "Sé'n rí dá
leagadh leis an mbilleóig é." "Is mairg
a bheadh gan páirtidhe." Nó i ndeireadh an
chluiche, an cómhaireamh "Cúig-déag, sé-
déag"; "aon-fhichead, deich"; "fiche
mhaol, haon-déag"; fé dheireadh bhíomair-
ne trí chluiche, agus Donnchadh beirt, agus bí a fhios
ag Donnchadh go maith go rabhmair maith a
dhóthain nó ró-mhaith dhó. Do roinn sé na
cártaí, agus d'iompuigh sé suas rí triuth.
"Scilling leat, a Ghruagaigh," ar sé, "go
bhfuil an cíonádh agat." "Seadh," arsa
Séamus, "agus dá dtéidhteá-sa ceann eile
níos doimhne ionnta, a Dhonnchadh, bhéadh aon-
a-hart ar bais agat." Bhíodar chomh géar
soin ag féachaint indiaidh na gcártaí.
Thógas suas mo chuid féin, agus, mar adubhairt
Donnchadh, bhí an cíonádh lem' shúil. Thugas
leath-iompáil im' láimh dó go bhfeicfeadh sé
é, mar shásamh dó; acht i n-ionad pléisiúir
a dhéanamh de dubhairt sé "Tá an Gruagach
ag taispeáint a chártaí; glaodhaim ar an
chúig spéarthaid i n-a láimh."


L. 253


"Bhfuil an f-f-fife agat-a-Ghruagaigh?"
arsa Diarmaid.



"Tá, gan dabht," arsa mise.



"Do lámh i bpaca mar sin!" arsa
Donnchadh.



"Agus h-h-haind-a-pháirtidhe," arsa
Diarmaid.



11. Ní raibh leigheas air. Bhí an dlighe ar
a dtaobh. Thógadar an cluiche, agus bhíomair-ne
chomh cráidthe sin gur cheileabhramair dhá
uair 'n-a dhiaidh sin, agus rugadar leath na
caorach gan spleádhchas.



Do luigheamar annsoin chun an dara
leath, agus bhí geach re gcluiche, agus geall leis,
geach re gcúig againn go rabhamair an
cúig-déag, sé-déag chun an chluiche
dheirionnaigh do dhéanfadh cúig agus an mádh
mór an cluiche d'aon taobh. Dhein Donnchadh
na cártaí agus thóg sé an chéad chúig. Chuaidh
an imirt annsoin isteach chun Séamuis agus
thóg sé cúig. Ní raibh dath an mhádh agam-
sa. "Anois," arsa Donnchadh, agus a lámha ar
baille-chrith, "tá sé ar an mádh-mór ag gach
taobh, caithtear amach é." Le linn sin a
rádh dhó, do bhuail sé pléasc de'n chuireata
ar lár an bhuird. Do chrith sé chómh mór
soin é gur thuit an buidéal do bhí i n-a aice
ar an urlár.



"Buailidh é sin," ar sé, "nó raghaidh an
mult go Cúm Orcáin."



"M-m-mate-by-Gor!" arsa Diarmaid.



Chomh luath is do thuit an buidéal do
chromas dá thógaint, agus b'é toil an tsaoghail
go raibh an cíonádh do bhí ag teastmháil go
cruaidh uaim cois mo bhróige, marar thuit sé
uair éigin roimhe sin a bhíos ag suathadh na
gcártaí. Faid bheitheá ag dúnadh do shúl
ní rabhas dá piocadh suas agus ag leigint do'n
dó beag muileat tuitim i n-a ionad.



"Is fusa do'n mhult fanamhaint mar
bhfuil sé, a Dhonnchadh," arsa mise, "mar
níor fhág Seaghán an siubhal ar foghnamh


L. 254


aige," agus chaitheas ar an gclár an cíonádh
chomh rédh neamh-chúramach is do dhéanfadh
"duine uasal" Sasannaigh.



"A Dhia na bhfeart, a Ghruagaigh," arsa
Séamas, "is fuar-aigeantach an duine thú.
Dá mba agam-sa bheadh an cíonádh, ar mo
mhóidibh go gcloisfidhe thall i bhFuíde an
buille thabharfainn leis."



"M-m-mate-le-habhainn-í-by Gor," arsa
Diarmaid.



D'éirigh Donnchadh ó'n mbórd.



"Cá bhfuilir ag dul, a Dhonnchadh?" arsa
Séamus. "Cuirimís leath i gcoinnimh leatha
anois.



"Ní chuirfead, a Shéamuis, ní id' eiteach
é. Caithfead féin agus Diarmaid dul ar an
aonach i mbáireach, agus is mithid dúinn beith ag
dul a-bhaile anois."



12. "Agus an amhlaidh a bheir ag déanamh
cheithre coda de'n ghríscín sin ar crochadh?
Níos túisce ná dheinfidhe sin cuirfeam ar
an mádh mór leat é."



"Níor cheart an tarcuisne sin do thabhairt
do sna cártaíbh, a Shéamuis. Acht chífir go
socróghadh an chaora chun do shástact, má
fhágann tú fúm í."



Thóg sé anuas an mult agus chuir sé ar chaol
a dhroma ar an mbórd é. Dubhairt sé le
Diarmaid breith ar chosaibh air, agus é choimeád
díreach. Annsoin fuair sé gearrthóir, agus
ruith sé trí chnámh a dhroma é ó mhuineál go
hearball gur dhein sé dhá leath lom díreach
dhe. Fuair sé an ceann agus an drisín ann-
soin, agus leag sé ar an mbórd iad.



"Seo scar," ar sé, ag tagairt do'n
drisín, "agus seo scar eile" leis an gcloigean,
"agus sid iad an dá scar eile" leis an dá
thaobh; "agus anois cuirfeam ar chrannaibh iad."



"Sé is feárr 'ná a chéile," arsa sinne.



"Téidhir-se amach thar doras, a Dhiarmaid;
agus, a Ghruagaigh, imthigh-se agus dún an doras 'n-a
dhiaidh, agus cuir an ballta go daingean air.
Annsoin, a Shéamuis, tóg-sa do rogha scar
aca so suas agus fiafruigh de Dhiarmaid cé
gheobhaidh é, agus dein an cleas céadna leó
uile."



Faid bhíomar ag feistiughadh an doras do
dhearg Donnchadh a phíopa, agus shuidh sé ar an
suidheachán.



Thóg Séamus suas an drisín i n-a láimh.



"A Dhiarmaid!" ar sé, "a gcloiseann
tú?"



An an nóimeat soin chuaidh an píopa le
hanál Dhonnchadh, agus chuir sé tritheamh
casachtaighe dhe.



"Co-co-cloisim," arsa Diarmaid.



"Cé dhó go raghaidh an scar so idir mo
lámha agam?"



"Do'n Gh-Gh-Ghruagach-gan-dabht."



13. "Tá'n tsnáthad aige," arsa Séamus,
i gcogar liom-sa; "acht bead-sa suas leis.
Molfaidh sé an dara scar do Dhonnchadh gan
dabht."



Thóg Séamus suas an plaosc, agus tháinig
an casachtach arís ar Dhonnchadh.



"Cia dhó go raghaidh an scar so?" ar sé.



"Bíodh sin agat f-f-féin-a-bhua-
chaill," arsa Diarmaid.



"An diuc go dtachtaidh thú, a bhearánaigh!"
arsa Séamus.



"Cia dhó go raghaidh an scar so?"



"Tabhair dom p-p-partner é."



Ní raibh a thuilleadh le déanamh. Bhí an
scar eile le bheith aige féin. Tháinig
Diarmaid isteach.



"Ci-ci-cionnus a chuaidh na pieces?"
ar sé.



"Tin t'iarraithe an Diabhail ort," arsa
Séamus, agus siúd amach go searbh é, agus leanas
é.



"Bhfuileann tú fágaint an chinn id'
dhiaidh?" arsa Donnchadh. "Mhuise, is deas


L. 255


an rud í inchinn- go mór-mhór don té go
mbeadh a heasnamh air."



"Seadh, a Ghruagaigh," arsa Séamus,
"nách ádhmharach an séithleán é Diarmaid;
An dóigh leat an raibh an tsnáthad aige?"



"Ní raibh, a Shéamuis, acht bhí sí ag
Donnchadh."



"Dar ndó ní'l aon bhean ag Donnchadh."



"Is cuma cad tá aige, ach bhí an tsnáthad
aige; agus an dóigh leat cá raibh sí i bhfolach
aige, a Shéamuis?"



"Ca fios dom, airiú."



"Bí sí i dtóin a phíopa, a bhuachaill."



"B'in í fáth na casachtaighe mar sin.
'Sé an D-l buidhe é."



"Shíleas gur dubh atá an buachaill sin."



"Ná bí om' bodhradh, a Ghruagaigh."



GLUAIS.



9. Teinteán, the hearth.
I lar buill an bhuird, the centre of the table.
A héin-déag ar fhichid, agus rl., thirty-one the
game; eleven for best trump.
An mult d'imirt, agus rl, to play every quarter
of the sheep separately.;
Go dtabharfadh an coitiantacht, that the large
number of games would give him an advan-
tage.
An deifir a scoltadh, to split the difference.
Thoileamair, we consented.
Caisnín tobac, a little plug (some) tobacco.
Ní raibh éan-chárta aca, no card (turned up) had
less spots then his own, and therefore he
had won first deal.



10. Shuaith sé iad, he mixed them.
Ag glinniughadh, watching sharply.
I n-aiscidh, for nothing.
Ní raibh smiug, we had not a little of talk.
Aon-a-hart a tart, the ace of hearts thirsting
for (expecting) the five of trumps.
An rí dá leagadh, the king being slain with a
billhook.
Ag féachaint cad iad na cártaí, by watching
the cards as they fall during play a good
player can give a pretty good guess at what
cards his opponent has when that particular
colour turns up again.
Scilling leat, I bet a shilling with you.
Thugas leath-iompáil, I turned my hand half-
way round.
Glaodhaim ar an chúig spéarthaid, if you expose
your hand during play so that your opponent
may see any of your cards he can call on it,
when, if he is right, your hand may be
decked. Should he fail, his will be the
penalty.



11. Gan spleadhchas, independently, in spite of all
opposition.
Geach re gcluiche, every second game.
Go rabhamair an cúig déag, till the count for
the last game stood at fifteen on one side and
sixteen on the other.
A lámha ar baille-chrith, shaking in every mem-
ber from excitement.
Tá sé ar an mádh mór ag gach taobh, the best
trump will win for either side.
Caithtear amach é, throw it out (imper. auton.).
Do bhuail sé pléasc de'n chuireata, he struck
the table a violent blow with the knave.
These big blows are a feature of rural card-
playing. They serve, besides being a sort of
safety-valve for the pent-up feelings of the
player himself, to intimidate a nervous
opponent.
Ag suathadh na gcártaí, mixing the cards pre-
paratory to dealing them out.
Go neamh-aigeantach an duine tú, you are a cool
or unexcitable man.
I bhFuíde, in Whiddy Island.
Mate-le habhainn, lost meat.



12. Gríscín, a small piece of meat.
Níos túisce ná dheinfidhe sin, sooner than do
that (cond. auton.) we'll put it on the best
trump with you; i.e., the side which has best
trump wins the meat.
Níor cheart an tarcuisne sin, a true cearrbhach
is not a gambler but rather a sportsman.
He looks on the pack as little short of sacred
and would consider the cards dishonoured if
used as mere betting tools.
Dhá leath lom díreach, two exact halves.
Scar, a division.
Ar chrannaibh, casting lots. Going outside the
door, as in this case, was a common way of
deciding lots until the dishonesty of men like
Donnchadh caused it to fall into disrepute.
Ag feistiughadh an dorais, fastening the door.
Tritheamh chasachtaighe, a fit of coughing.



13. Molfaidh sé an dara scar, he will award the
second portion to Donnchadh.
An diuc go dtactaidh thu, an diuc umat, the
pips in you. Everyone is familiar with the
diuc (pips) as it affects hens.


L. 256


Tin t'iarraithe ort, this spelling repreents the
sound of the phrase. My father once
analysed it for me as "goin t'fhiafhruighthe
ort" which means may you get the wound
or punishment which the impertinence of
your inquiry merits."



Séithleán, siomach, a weak-loined fellow.
"D-l buidhe," "d-l dubh," "seventeen
d-ls;"



(In last months' number the sentence "siomach
fad-ruighteach do bhí ann; agus is minic thugadh na garsúin
caol-ghadhar air" should read "siomach faid-rightheach
do bhí ann; agus is minic do thugadh na garsúin caol
gadhair air." Faid-rightheach, long-legged; righ, pl.
rightheacha, legs. Caol, the small fo the back (second-
ary meaning); caol gadhair, applied abusively to a
man whose back is long and weak.)



Gruagach an Tobair.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services