Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Seanaid na nGaedheal - Sgoil Gaedhealach.
Title
Seanaid na nGaedheal - Sgoil Gaedhealach.
Author(s)
Ua Duinnín, Pádraig,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Seanaidh na nGaedheal. SCOIL GHAEDHEALACH. Is beag an mhaitheas dúinn bheith ag trácht thar Ghaedhilg agus ag áiteamh ar dhaoinibh gur beó-theanga í muna bhféadfaimíd í shaothrughadh mar shaothruighthear gach beó- theanga 'san Eóraip. Is beag an mhaitheas bheith ag iarraidh smacht a chur ar dhaoinibh bochta gábhataracha, ar lucht iascaireachta, ar lucht sclábhaidheachta, is ar a leithéididhibh, bheith ag iarraidh maide a thabhairt dóibh muna labharfaid Gaedhilg iad féin is muna labharfaid Gaedhilg le n-a bpáistidhibh agus bheith ag gearán ná fuil ruainne do'n Spioraid Ghaedhealaigh fágtha 'n-a measc nuair a mhothuightear an tuile ag trághadh agus gan caoi ar chasadh aici. Is beag an mhaitheas é sin go léir muna bhféadaimíd gach nídh bhaineann le n-a ngnó saoghalta do mhúineadh dos na daoinibh i nGaedhilg. Muna bhfuil brigh 'san Ghaedhilg fé láthair acht chum iasc do chomhaireamh nó cearca do dhíol ar mhargadh nó déirc a lorg ó thigh go tigh nó fós chum amhráin shultmhara do chanadh le hais na teineadh, ní fada fhanfaidh fiú na bríogh soin féin innti, agus is beag an mhaitheas dúinn bheith ag gabháil dí agus ag tabhairt iarrachta ar í choimeád 'n-a beathaidh. Ní féadfaidh daoine bheith i gcomhnuidhe ag díol cearc nó ag comhaireamh éisc nó ag lorg na déirce - caithfear a lán rudaidhe nach iad a dhéanamh, agus muna mbeidh sé i gcumas na ndaoine iad a dhéanamh i nGaedhilg déanfar i mBéarla iad agus léigfear an Ghaedhilg le fuacht is le faillighe. Má fhanann gach duine óg is aosta, a labhrann Gaedhilg is ná fuil tabhairt suas i mBéarla air, má fhanann sé 'n-a illiterate, má's éigin dó a mharc (x) a chur i bpáipéar i n-ionad a anma, má's éigin dó múinteóir Béarla d'fhagháil dá chlainn nó iad a bheith 'n-a n-illiterates mar é féin - má leantar do'n chleas soin, is gearr a bheidh a leithéidí sin d'illiterate n-ár measc, is geárr a bheidh Béarla ag éinne acht drabhghail bheag gan bhrigh. Cad do ruaig an Ghaedhilg as Conntae Luimnigh, as Conntae Tiobrad Árann, as ur-mhór de Chonntae Chorcaighe, as Cathair Chorcaighe agus as conntaethibh is cathrachaibh nach iad? Cad do chuir an fán uirthi, ó aimsir an droch-shaoghail go dtí seo? 'Neosad-sa díbh cad do chuir fán is ruagairt ar ár dteangain. Leath-chéad bliadhan o shoin nó ós a chionn bhí sí dá labhairt go flúirseach ag óg is aosta ar fuaid na Mumhan, agus ba dhóigh le duine ná tiocfadh aon bhriseadh go bráth uirthi. Bhí filidheacht le fagháil aisti, bhí comhrádh suilt is grinn le fagháil aisti. Dar ndóigh ba mhaith an rud sain. Acht ní fhéadfadh daoine maireachtaint ar rannaibh filidheachta, is ní bhainfeadh eachtraidhe ar Oisín is ar Oscar an tart ná an t-ocras de mhuirighean óg neamh-chongantach. Níor féadadh dul chum cinn le gnó an tsaoghail gan tabhairt suas éigin oireamhnach, agus ní raibh an tabhairt suas soin le fagháil i nGaedhilg agus bhí sé le fagháil i mBéarla. Dá bhrigh sin cuireadh an Ghaedhilg i leath-taoibh agus tá a rian uirthi indiu. Tá an rud céadna soin ar siubhal fá láthair. Táthar ag cur na Gaedhilge i leath-taoibh d'fhonn tabhairt suas tairbheach d'fhagháil i
mBéarla. Agus beifear dá cur i leath- taoibh go mbeidh sé 'n-ar gcumas teagasc oireamhnach tairbheach a thabhairt i nGaedhilg do'n aos 'g a labhrann í do réir dhúthchais. Is maith an rud timthiridhe do scaoileadh amach fá'n dtuaith; is maith an rud craobhacha do chur ar bun annso is annsúd 'sna críochaibh Gaedhealacha. Ní'l aon locht agam le fagháil ortha, acht creid mise leis ní réidhteochaidh timthiridhe an cheist go lá an chunntais. Dá mbeadh timthire againn i gcóir gach sráid-bhaile nó gach baile Gaedhealach agus gach timthire a bheith ag obair go dian dúthrachtach ó cheann ceann na bliadhna, dá mbeadh craobh do Chonnradh na Gaedhilge i ngach baile agus na leabhair is deise 'san domhan dá gcur amach gach seachtmhain agus an ceól is bríoghmhaire i nÉirinn dá spreagadh agus an rinnce is anamamhla le fagháil fá ghléas againn - ní chuirfeadh na neithe sin go léir sonas ná bail ar ár dteangain dá mbadh rud é gur bh'éigin do'n aos óg iompódh ar an mBéarla chum an tabhairt suas d'oireann dóibh dá ngnó saoghail d'fhagháil. Is mar sin atá an scéal fá láthair, agus is mar sin a bheidh an scéal go gcuirfear scoileanna fíor-Ghaedhealacha ar bun. Acht mar adeir Conán Maol, tosnuightear le héan-scoil amháin. Bíonn gach aon tosnughadh lag. Lastar éan-choinneal bheag amháin mar thosnughadh, agus is gearr go mbeidh soillse ar ndóthain againn. An bhfeacabhar riamh an chuma i n-a lastar na coinnle 'sna heaglasaidhibh. Nuair a bhíonn cruinniughadh mór bailighthe le chéile agus coinneal i láimh gach duine aca, faghthar aon bhuaiceas bheag amháin; lastar í; lastar coinneal i láimh dhuine éigin léi, druideann an duine sin a choinneal ar lasadh chum coinle a chomhursan, agus lasann a choinneal; lasann siúd coinneal an té bhíonn le n-ais, agus dá réir sin ritheann an teine ó dhuine go duine, agus is gearr an mhoill go bhfeictear blaodhm solais ag gealadh na heaglaise go lonnrach agus ag cur compórd is áthas ar na daoinibh ar fad. Is mar sin a bheidh an scéal againn i dtaoibh na scoile, cuirtear aon scoil amháin ar bun; lastar an choinneal bheaga amháin, agus is gearr le congnamh Dé go mbeidh blaodhm soluis ag éirghe ó chuig áirdibh na hÉireann ná múchfar go deó na ndeór. Is mithid dúinn tosnughadh. Is cuma cá gcuirfear an scoil sin ar bun - i nDún na nGall, i gConntae na Gaillimhe nó i gCiarraidhe. Acht ó's Ciarraidheach Conán Maol, 'o's Ciarraidheach "Beirt Fhear" agus ó's Ciarraidheach mé féin, agus nuair ná fuil aon chríoch ná Conntae eile ag tabhairt fá'n obair seo, is dóigh liom gur fearra dhúinn tosnughadh le Ciarraidhe - áit éigin thiar an fad i mBaile an Fheirtéirigh nó i nÍbhráthach nó i nGleann Beithe. B'fhearr liom aon scoil fíor- Ghaedhealach amháin 'ná dhá thimthire. Caithfear airgead do sholáthar acht ní dóigh liom go bfágfaidh na Ciarraidhigh cibé áit i n-a bhfuil siad aon easnamh orainn, agus ní'l amhras ná go dtabharfaidh an Árd-fheis congnamh dúinn agus go mbeannóghaidh sí ár n-obair. Tosnuighmís le congnamh Dé agus do réir mo thuairime níor rinneadh obair riamh ar son ár dteangan níos fearr 'ná an obair do cheap Conán Maol. PÁDRAIG UA DUINNÍN. Seo rann do cheap Dhonnchadh Caoch Ó Mathghamhna do dhuine do ghlaoidh "Splínc" air: "Gach n-aon ná tuigfeadh dom' phuair, Go mbuailidh an tubaist air pleannc, 'S an té do ghoirfeadh dhíom "Splínc" Ar Chríost nár fheicidh sé splannc."
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services