Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seanaid na nGaedheal - Sgoil Gaedhealach.

Title
Seanaid na nGaedheal - Sgoil Gaedhealach.
Author(s)
Ua Duinnín, Pádraig,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 248


Seanaidh
na nGaedheal.



SCOIL GHAEDHEALACH.



Is beag an mhaitheas dúinn bheith ag trácht
thar Ghaedhilg agus ag áiteamh ar dhaoinibh
gur beó-theanga í muna bhféadfaimíd í
shaothrughadh mar shaothruighthear gach beó-
theanga 'san Eóraip. Is beag an
mhaitheas bheith ag iarraidh smacht a chur ar
dhaoinibh bochta gábhataracha, ar lucht
iascaireachta, ar lucht sclábhaidheachta, is ar a
leithéididhibh, bheith ag iarraidh maide a
thabhairt dóibh muna labharfaid Gaedhilg iad
féin is muna labharfaid Gaedhilg le n-a
bpáistidhibh agus bheith ag gearán ná fuil ruainne
do'n Spioraid Ghaedhealaigh fágtha 'n-a
measc nuair a mhothuightear an tuile ag
trághadh agus gan caoi ar chasadh aici. Is beag
an mhaitheas é sin go léir muna bhféadaimíd
gach nídh bhaineann le n-a ngnó saoghalta do
mhúineadh dos na daoinibh i nGaedhilg.
Muna bhfuil brigh 'san Ghaedhilg fé láthair
acht chum iasc do chomhaireamh nó cearca
do dhíol ar mhargadh nó déirc a lorg ó thigh
go tigh nó fós chum amhráin shultmhara do
chanadh le hais na teineadh, ní fada fhanfaidh
fiú na bríogh soin féin innti, agus is beag
an mhaitheas dúinn bheith ag gabháil dí agus
ag tabhairt iarrachta ar í choimeád 'n-a
beathaidh. Ní féadfaidh daoine bheith i
gcomhnuidhe ag díol cearc nó ag comhaireamh
éisc nó ag lorg na déirce - caithfear a lán
rudaidhe nach iad a dhéanamh, agus muna mbeidh
sé i gcumas na ndaoine iad a dhéanamh i
nGaedhilg déanfar i mBéarla iad agus
léigfear an Ghaedhilg le fuacht is le faillighe.
Má fhanann gach duine óg is aosta, a
labhrann Gaedhilg is ná fuil tabhairt suas i
mBéarla air, má fhanann sé 'n-a illiterate,
má's éigin dó a mharc (x) a chur i bpáipéar
i n-ionad a anma, má's éigin dó múinteóir
Béarla d'fhagháil dá chlainn nó iad a bheith
'n-a n-illiterates mar é féin - má leantar
do'n chleas soin, is gearr a bheidh a leithéidí
sin d'illiterate n-ár measc, is geárr a
bheidh Béarla ag éinne acht drabhghail bheag
gan bhrigh. Cad do ruaig an Ghaedhilg as
Conntae Luimnigh, as Conntae Tiobrad
Árann, as ur-mhór de Chonntae Chorcaighe, as
Cathair Chorcaighe agus as conntaethibh is
cathrachaibh nach iad? Cad do chuir an fán
uirthi, ó aimsir an droch-shaoghail go dtí
seo? 'Neosad-sa díbh cad do chuir fán
is ruagairt ar ár dteangain. Leath-chéad
bliadhan o shoin nó ós a chionn bhí sí dá
labhairt go flúirseach ag óg is aosta ar
fuaid na Mumhan, agus ba dhóigh le duine ná
tiocfadh aon bhriseadh go bráth uirthi. Bhí
filidheacht le fagháil aisti, bhí comhrádh
suilt is grinn le fagháil aisti. Dar ndóigh
ba mhaith an rud sain. Acht ní fhéadfadh
daoine maireachtaint ar rannaibh filidheachta,
is ní bhainfeadh eachtraidhe ar Oisín is ar
Oscar an tart ná an t-ocras de mhuirighean
óg neamh-chongantach. Níor féadadh dul
chum cinn le gnó an tsaoghail gan tabhairt
suas éigin oireamhnach, agus ní raibh an tabhairt
suas soin le fagháil i nGaedhilg agus bhí sé le
fagháil i mBéarla. Dá bhrigh sin cuireadh an
Ghaedhilg i leath-taoibh agus tá a rian uirthi indiu.
Tá an rud céadna soin ar siubhal fá láthair.
Táthar ag cur na Gaedhilge i leath-taoibh
d'fhonn tabhairt suas tairbheach d'fhagháil i


L. 249


mBéarla. Agus beifear dá cur i leath-
taoibh go mbeidh sé 'n-ar gcumas teagasc
oireamhnach tairbheach a thabhairt i nGaedhilg
do'n aos 'g a labhrann í do réir dhúthchais.
Is maith an rud timthiridhe do scaoileadh
amach fá'n dtuaith; is maith an rud
craobhacha do chur ar bun annso is annsúd
'sna críochaibh Gaedhealacha. Ní'l aon locht
agam le fagháil ortha, acht creid mise leis
ní réidhteochaidh timthiridhe an cheist go lá
an chunntais. Dá mbeadh timthire againn i
gcóir gach sráid-bhaile nó gach baile
Gaedhealach agus gach timthire a bheith ag obair
go dian dúthrachtach ó cheann ceann na
bliadhna, dá mbeadh craobh do Chonnradh na
Gaedhilge i ngach baile agus na leabhair is deise
'san domhan dá gcur amach gach seachtmhain
agus an ceól is bríoghmhaire i nÉirinn dá
spreagadh agus an rinnce is anamamhla le
fagháil fá ghléas againn - ní chuirfeadh na
neithe sin go léir sonas ná bail ar ár
dteangain dá mbadh rud é gur bh'éigin do'n
aos óg iompódh ar an mBéarla chum an
tabhairt suas d'oireann dóibh dá ngnó
saoghail d'fhagháil. Is mar sin atá an scéal
fá láthair, agus is mar sin a bheidh an scéal
go gcuirfear scoileanna fíor-Ghaedhealacha
ar bun. Acht mar adeir Conán Maol,
tosnuightear le héan-scoil amháin. Bíonn
gach aon tosnughadh lag. Lastar éan-choinneal
bheag amháin mar thosnughadh, agus is gearr
go mbeidh soillse ar ndóthain againn. An
bhfeacabhar riamh an chuma i n-a lastar na
coinnle 'sna heaglasaidhibh. Nuair a bhíonn
cruinniughadh mór bailighthe le chéile agus
coinneal i láimh gach duine aca, faghthar
aon bhuaiceas bheag amháin; lastar í; lastar
coinneal i láimh dhuine éigin léi, druideann
an duine sin a choinneal ar lasadh chum
coinle a chomhursan, agus lasann a choinneal;
lasann siúd coinneal an té bhíonn le n-ais,
agus dá réir sin ritheann an teine ó dhuine
go duine, agus is gearr an mhoill go
bhfeictear blaodhm solais ag gealadh na
heaglaise go lonnrach agus ag cur compórd
is áthas ar na daoinibh ar fad. Is mar sin
a bheidh an scéal againn i dtaoibh na scoile,
cuirtear aon scoil amháin ar bun; lastar
an choinneal bheaga amháin, agus is gearr le
congnamh Dé go mbeidh blaodhm soluis ag
éirghe ó chuig áirdibh na hÉireann ná múchfar
go deó na ndeór. Is mithid dúinn
tosnughadh. Is cuma cá gcuirfear an scoil
sin ar bun - i nDún na nGall, i gConntae
na Gaillimhe nó i gCiarraidhe. Acht ó's
Ciarraidheach Conán Maol, 'o's Ciarraidheach
"Beirt Fhear" agus ó's Ciarraidheach
mé féin, agus nuair ná fuil aon chríoch ná
Conntae eile ag tabhairt fá'n obair seo, is
dóigh liom gur fearra dhúinn tosnughadh le
Ciarraidhe - áit éigin thiar an fad i mBaile
an Fheirtéirigh nó i nÍbhráthach nó i nGleann
Beithe. B'fhearr liom aon scoil fíor-
Ghaedhealach amháin 'ná dhá thimthire. Caithfear
airgead do sholáthar acht ní dóigh liom go
bfágfaidh na Ciarraidhigh cibé áit i n-a bhfuil
siad aon easnamh orainn, agus ní'l amhras
ná go dtabharfaidh an Árd-fheis congnamh
dúinn agus go mbeannóghaidh sí ár n-obair.
Tosnuighmís le congnamh Dé agus do réir
mo thuairime níor rinneadh obair riamh ar
son ár dteangan níos fearr 'ná an obair
do cheap Conán Maol.



PÁDRAIG UA DUINNÍN.



Seo rann do cheap Dhonnchadh Caoch Ó Mathghamhna
do dhuine do ghlaoidh "Splínc" air:



"Gach n-aon ná tuigfeadh dom' phuair,
Go mbuailidh an tubaist air pleannc,
'S an té do ghoirfeadh dhíom "Splínc"
Ar Chríost nár fheicidh sé splannc."



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services