Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Lá Fhéile Pádraig.
Title
Lá Fhéile Pádraig.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
LÁ FHÉILE PÁDRAIG. Tá muinntir na Gaedhilge ins gach éan- pháirt d'Éirinn ag iarraidh lá saoire i ndáiríribh do dhéanamh de Lá Fhéile Pádraig. Is beag tír san Roinn Eórpa nach lá saoire ann lá pátrúin na tíre, acht amháin i nÉirinn. Tá saghas lae saoire againn annso. Bhíonn lá saoire ag muinntir na tuaithe acht ins na bailtíbh agus ins na cathrachaibh, ní mór an deifridheacht atá idir Lá Fheile Pádraig agus éan lá-oibre eile. Bíonn gach éinne ag obair. Bíd na siopaí ar oscailt agus gan amhrus na tighthe tábhairne. Ní ceart é siúd i n-éan-chor, agus is maith an rud go bhfuiltear ag iarraidh é leasughadh. Ní theastuigheann uainn acht misneach do bheith ionnainn agus iontaoibh do bheith againn as ar gcumhachtaíbh féin. Is é Pádraig aspal na hÉireann. Is é ár Naomh féin é. Is linn féin amháin é. Agus nár chóir dhúinne dá bhrigh sin onóir do thabhairt dá lá féile, agus an urraim do bhíodh ag ár sinsir dó do choimeád ar bun? Ba chóir gan amhras. Tá súil againn ná lagfaidh misneach éinne go dtí go mbeidh buaidhte againn. Tá an báire ar saothar anois agus ní fhuilingeófar éan-tarraing siar. Bheidh a dhá dhóthain le déanamh i ruith an Mhárta ag gach éinne bhaineann le Connradh na Gaedhilge. Caithfimíd soláthar do "Seachtmhain na Gaedhilge". Fiafruighmís dínn féin ar mhaith linn ár dteanga féin do choimeád beó nó ar chuma linn beó nó marbh í. Tá Connradh na Gaedhilge ag obair go dian chum í choimeád beó. Acht ní féidir dó obair foghanta do dhéanamh gan airgead. Ní theastuigheann uatha acht an méid do baileoghfar ruith Seachtmhain na Gaedhilge. Ní iarraid a thuilleadh. Ba lag an mhaise ag muinntir na hÉireann an Connradh d'fhágaint gan an oiread airgead is do choimeádfadh ar siubhal iad go ceann bliadhna eile.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services