LÁ FHÉILE PÁDRAIG.
Tá muinntir na Gaedhilge ins gach éan-
pháirt d'Éirinn ag iarraidh lá saoire
i ndáiríribh do dhéanamh de Lá Fhéile
Pádraig. Is beag tír san Roinn Eórpa
nach lá saoire ann lá pátrúin na tíre, acht
amháin i nÉirinn. Tá saghas lae saoire
againn annso. Bhíonn lá saoire ag muinntir
na tuaithe acht ins na bailtíbh agus ins na
cathrachaibh, ní mór an deifridheacht atá
idir Lá Fheile Pádraig agus éan lá-oibre
eile. Bíonn gach éinne ag obair. Bíd na
siopaí ar oscailt agus gan amhrus na tighthe
tábhairne. Ní ceart é siúd i n-éan-chor,
agus is maith an rud go bhfuiltear ag
iarraidh é leasughadh. Ní theastuigheann
uainn acht misneach do bheith ionnainn agus
iontaoibh do bheith againn as ar gcumhachtaíbh
féin.
Is é Pádraig aspal na hÉireann. Is é
ár Naomh féin é. Is linn féin amháin é.
Agus nár chóir dhúinne dá bhrigh sin onóir do
thabhairt dá lá féile, agus an urraim do bhíodh
ag ár sinsir dó do choimeád ar bun?
Ba chóir gan amhras. Tá súil againn ná
lagfaidh misneach éinne go dtí go mbeidh
buaidhte againn. Tá an báire ar saothar
anois agus ní fhuilingeófar éan-tarraing siar.
Bheidh a dhá dhóthain le déanamh i ruith an
Mhárta ag gach éinne bhaineann le Connradh
na Gaedhilge. Caithfimíd soláthar do
"Seachtmhain na Gaedhilge". Fiafruighmís
dínn féin ar mhaith linn ár dteanga féin
do choimeád beó nó ar chuma linn beó nó
marbh í. Tá Connradh na Gaedhilge ag
obair go dian chum í choimeád beó. Acht
ní féidir dó obair foghanta do dhéanamh
gan airgead. Ní theastuigheann uatha acht
an méid do baileoghfar ruith Seachtmhain na
Gaedhilge. Ní iarraid a thuilleadh. Ba
lag an mhaise ag muinntir na hÉireann
an Connradh d'fhágaint gan an oiread
airgead is do choimeádfadh ar siubhal iad
go ceann bliadhna eile.