Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Aeridheacht - Connradh na Gaedhilge (Craobh Lunndúin)
Title
Aeridheacht - Connradh na Gaedhilge (Craobh Lunndúin)
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Aeridheacht Connradh na Gaedhilge (Craobh Lunndúin) Is iomdha cruinniughadh breagh spioradach do bailigh an craobh so le chéile ar feadh an gheimhridh agus an earraigh atá caithte anois, acht ní mheasann siad obair agus greann Gaedhealach a leigint ar gcúl ins an samhradh acht chomh beag, gidh go mbéidh atharughadh beag ar chuma an ghnótha.
Mar sin dóibh, do bhí aeridheacht breagh sultmhar aca an Satharn so chuaidh tharainn go dtí fás-coille Epping. D'imthigh an traen ar a deich tar éis a trí, agus do shroich sé Loughton ag a ceathair. Do bhí an coill mhór ar a n-aghaidh ann sain, agus teas agus soillse na gréine umpa nuair thiománadar leo ó'n dtraen. Lá samhraidh dob ea é go deimhin agus is lonnrach d'fheuch an duillea- bhar úr faoi dheallradh na gréine. Ag siubhal tré "bántaibh mine réidh" agus le h-ais crann cam agus díreach do shroicheadar an Foresters Arms timchioll a cúig. Ann san do bhí tae aca agus geallaim-se do'n léightheoir gur líonadh go maith an seomra mór atá ins an tigh ósda sin. Do chuaidh gach aon rud chum cinn go réidh agus go sultmhar, "chómh meidhreach le clogaibh bhainfeise mar a déarfadh sgríbhneoir Beurla. Tar éis an tae bheith caithte aca, do seinneadh suas ceol agus abhráin Gaedhealacha. "Fáinne Geal an Lae," "Carraig Donn," "Caitheamh an Ghlais," agus a leithéidí. Amach leo ann sain agus i n-aice na coille ins an tráth- nóna chiúin gheal dob' fhéidir le duine (dá mbéadh sé mór thimchioll) ceol agus rinnce na h-Éireann a chloistint agus a fheicsint. Do bhí feidhlín ann, agus fear ceoil, agus oide rinnce, agus ba mhaith iad uile. Do bhí an Ghaedhilg a' spreagadh go tiugh ag teacht ar n-ais tar éis tráthnóna áluinn a chaitheamh agus ní gadh a rádh go raibh gach aon-neach do na trí fichid daoinibh idir fearaibh agus mnáibh go lán-tsasta.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services