Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Aeridheacht - Connradh na Gaedhilge (Craobh Lunndúin)

Title
Aeridheacht - Connradh na Gaedhilge (Craobh Lunndúin)
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Aeridheacht



Connradh na Gaedhilge (Craobh Lunndúin)



Is iomdha cruinniughadh breagh spioradach do bailigh an
craobh so le chéile ar feadh an gheimhridh agus an earraigh
atá caithte anois, acht ní mheasann siad obair agus greann
Gaedhealach a leigint ar gcúl ins an samhradh acht chomh
beag, gidh go mbéidh atharughadh beag ar chuma an ghnótha.


L. 148


Mar sin dóibh, do bhí aeridheacht breagh sultmhar aca an
Satharn so chuaidh tharainn go dtí fás-coille Epping.



D'imthigh an traen ar a deich tar éis a trí, agus do
shroich sé Loughton ag a ceathair. Do bhí an coill mhór
ar a n-aghaidh ann sain, agus teas agus soillse na gréine
umpa nuair thiománadar leo ó'n dtraen. Lá samhraidh
dob ea é go deimhin agus is lonnrach d'fheuch an duillea-
bhar úr faoi dheallradh na gréine. Ag siubhal tré
"bántaibh mine réidh" agus le h-ais crann cam agus díreach
do shroicheadar an Foresters Arms timchioll a
cúig. Ann san do bhí tae aca agus geallaim-se
do'n léightheoir gur líonadh go maith an seomra
mór atá ins an tigh ósda sin. Do chuaidh gach aon rud
chum cinn go réidh agus go sultmhar, "chómh meidhreach le
clogaibh bhainfeise mar a déarfadh sgríbhneoir Beurla.



Tar éis an tae bheith caithte aca, do seinneadh suas
ceol agus abhráin Gaedhealacha. "Fáinne Geal an Lae,"
"Carraig Donn," "Caitheamh an Ghlais," agus a leithéidí.



Amach leo ann sain agus i n-aice na coille ins an tráth-
nóna chiúin gheal dob' fhéidir le duine (dá mbéadh sé
mór thimchioll) ceol agus rinnce na h-Éireann a chloistint
agus a fheicsint. Do bhí feidhlín ann, agus fear ceoil, agus oide
rinnce, agus ba mhaith iad uile.



Do bhí an Ghaedhilg a' spreagadh go tiugh ag teacht ar
n-ais tar éis tráthnóna áluinn a chaitheamh agus ní gadh a
rádh go raibh gach aon-neach do na trí fichid daoinibh
idir fearaibh agus mnáibh go lán-tsasta.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services