Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Na Bearta Cruadha.
Title
Na Bearta Cruadha.
Author(s)
Údair éagsúla,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
NA BEARTA CRUADHA DO RÉITEACH. CEANN AN STÁCA - Seo mar d'imirtí Ceann an Stáca ar na Crostairíbh. B'éidie go bhfuil easnamh air seo féin mar níor fhéadas tuairisc an chleasa a chur ar éinne de sna sean-daoinibh: - "Cad tá i n-áirde? Ceann an stáca. Leag ar lár é, go dtí i mbáireach, go bhfuighidh sé práta, agus rl." Cad (cé) tá thíos? Arán is im. Cá bhfuil mo chuid-se? D'ith an luch é. Cá bhfuil an luch? Tá sé fé'n sop. Cá bhfuil as sop? Dhóigh an teine é. Cá bhfuil an teine? Mhúc an t-uisce í. Cá bhfuil an t-uisce? D'ól an damh é. Cá bhfuil an damh? Mharbh an búistéir é. Cá bhfuil an búistéir? Tá sé thíos annso, thuas annso. 'Cóiriughadh mo leabtha-sa, 'cóiriughadh mo leabhtha- sa." Uaireanta eile deirimís: - "Tá sé thoir annso, thiar annso Fé chladáinín cloch." Agus 'n-a dhiaidh sin: - "An té labhairfidh ná gáirfidh Go dtí an taca so i mbáireach, Gheobhaidh sé fiche buille beag, Fiche buille mór, Fiche greim seangáin, Fiche speach ghearáin." Is minic d'fhuilingeas féin an pianós so. AN GRUAGACH. GREANN EOGHAIN RUAIDH. - Ní raibh Eoghain acht 'n-a gharsúinín bheag nuair chas se an chéad bhéarsa riamh. Bhí sé mar seo lá ag dul fé dhéin an tséipéil i n-éinfheacht le n-a athair. Sciúirdín a tugtí mar leas-ainm ar a athair i gcoitchionn. Bhí maidrín ag gabháil an bhóthair le n-a sálaibh, Ginidhe b'ainm dó. Nuair shroicheadar an séipéal, d'fhanadar ag cainnt le chomhursain agus chuaidh Ginidhe isteach timcheall an urláir. Nuair bhí gnó éigin ag an sagart dá dhéanamh, theangmhuigh Ginidhe le n-a chosaibh, agus leis sin d'éirigh sé ar buile. Do dhein sé ar an maidrín
agus rug sé greim air agus bhuail sé a cheann i gcoinnibh na táirsighe amuich. Chonnaic Eóghain beag a raibh déanta ag an sagart agus bhris sé amach mar leanas: - "A Ghinidhe, m'anma, b'aindeis é do chúrsaí Thángais go dtí an t'Aifreann ar maidin le humhluigheacht Do cheann chun na táirsighe is tapaidh do stiúrsuigheadh Agus ní bás gan sagart fuair do mhadradh, a Sciúirdín." "Cé leis an buachaill sin?" ar san sagart. "Liom-sa, a athair,"adubhairt Sciúirdín. "Déanfaidh sé an gnó fós" ar seisean, ag iompódh ar a sháil. DIARMAID. BÉAL LEICE. - Teastuigheann ó "Bhéal Leice" Gaedhilg d'fhagháil ar "The Atlantic Ocean", "The Irish Sea", agus "St. George's Channel". Is dóigh liom gurab í an Ghaedhilg is gnáthaighe ar an gcéad cheann agus ar an dara ceann, "An Fhairrge Thiar" agus "An Fhairrge Thoir". Chonnac "An Iar-mhuir" mar ainm ar an Atlantic, agus Muir Mheann ar an Irish Sea, i n-áit éigin. Níor airigheas éan-Ghaedhilg riamh ar "St. George's Channel", acht an ndéanfadh "Sruth Loch gCarmain" an gnó? - F. an I. DIARMAID MAC CRAITH AGUS AN FIADH MARBH. - Bí beirt fhear a' fiadhach lá. Daoine uaisle bh'eadh iad. Mharbhuighdear fiadh. Bhuail Diarmaid Mac Craith leó, agus leigeadar ortha ná raibh fhios aca i gceart canos an fiadh a roinnt. Chuireadar an cheist ar Dhiarmaid. Seo é an freagra fuaireadar: - An cheathramha 's a leath ag Diarmaid Mac Craith, 'S an cheathramha gan roinnt ag Diarmaid Mac Craith, Na cosa 's an ceann Ag uaislibh na tíre, 'S an croicean mar bhríste ag Diarmaid Mac Craith. BEIRT FHEAR. DOMHNALL BUIDHE.: - Do chuir Domhnall Buidhe a cheathrar ban i ndiaidh a chéile. Do phós sé an cúigmheadh bean. Oidhche an phósadh bhí scata buachaillí amuigh ar an mbóthar i n-aice tighe Dhómhnaill. Bhuail Dómhnall amach rith na hoidhche agus nuair a chonnaic sé na buachaillí. "Buailidh isteach a buachaillí," ar seisean leó, "ní i gcomhnuidhe bheidh Domhnall 'á phósadh 'ná cóir aige chuige." BEIRT FHEAR. Tá go leór daoine san tsaoghal Is t'fhuil do thréigean tar a gceann, Luighfid cos ort san gcaeth, Nuair is léir dóibh do mhaith go gann.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services