Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Feis Bhaile Mhúirne.
Title
Feis Bhaile Mhúirne.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
FEIS BHAILE MHÚIRNE. Tháinig Lá Fhéile Stiopháin, agus i n-a fhochair feis na leath-bhliadhna i mBaile Mhúirne. Bhí an lá an-bhreagh agus do bhailligh na sluaighte de mhuinntir na paróiste fé dhéin na feise; acht, cé go raibh mórán daoine ann, ní raibh oiread iomaidhtheóirí ar fad ann agus ba ghnáthach, agus dá dheascaibh sin ní raibh an fheis chomh maith is do bhíodh sí bliadhanta eile. Bhí an halla bog- líonta nuair do thosnuuigh an obair. Do labhair an Dochtúir ag oscailt na feise. Annsoin do tháinig iomaidheacht na bhfear chum amhráin do rádh. Bhí seach- tar aca ann, agus iad go léir go maith. An té fuair an chéad duais ba mhaith liom dá dtabharfadh sé níos mó aire do sna foclaibh, agus gan bheith ag rádh "fóir" i n-ionad "feór", agus gan a thuilleadh focla nuadha gan bhrígh do cheapadh. Annsoin tháinig an aithriseóir- eacht. Ní bheadh an iomaidheacht so acht cuimheasach, muna mbeadh Conchubhair Ua Deasmhumhna do bhuaidh an chéad duais. Go deimhin is é do chuir anam ins an bhfeis go léir. Bhí ceathrar ban chum amhráin do rádh, acht táid siad ag meath. Ní rabhadar leath chomh maith agus ba ghnáth leó. Bhí cúigear chum scéal cois teineeadh d'innsint. Ba dhóigh liom fhéin gur cheart dóibh Amhlaoibh Ó Loingsigh bheith aca i n-a mholtóir ar an gcomórtas so. Is é thóg an chéad duais le dhá bhliadhain ag Feis na Mumhan agus ag an Óireachtas, 's ní fuláir nó is é is fearr do dhéanfadh moladh cois baile. Bheadh sé ion- mholta do'n chraoibh leis, dar liom, gan na moltóirí céadna do bheith aca i gcomhnuidhe. Bhí iomaidheacht nua aca an turus so; is é sin seinim ar fheadán. Bhí cúigear aca istigh air. Níor dheineadar taithighe a ndóthain do'n cheól roimh ré, cuid aca go háirithe acht i n-a dhiaidh sin níor ghearán- ta ortha. Bhí an cor ceathrair go niamhrach. Bhí dhá bhuidhin aca istigh air, agus do bhuaidh na páistí é. Bhí an cor agus an port agus an cornphíopa go maith, acht ná raibh acht triúr ag rinnce. Dob' aiteas leat bheith ag féachaint ar an té bhuaidh an duais, garsún óg, mac le Tadhg Ua Cruadhlaoich; acht bheadh brón ort nuair chífeá gur do accordian do bhí sé ag rinnce. Go deimhin ba cheart dhóibh é sin do dhóghadh fad ó. Is dócha go bhfuil tú cortha ag an gcunntas so, a Fhir Eagair, agus tá an iomarca cnáimhseáil agam i dteannta an chárnáin, acht ní'l cunntas na hoidhche chomh dubhach soin. Bhí an Chuirm Cheóil ana-mhaith; bhí an muinntir do bhuaidh duaiseanna san ló ar árdán arís ist oidhche, agus i n-a theannta soin fuaramair aithristheóireacht ó Mhicheál Ua Mhurchadha agus ó Dhonnchadh Ua Laoghaire, Timthire Chonntae Chorchaighe; amhráin go leór agus scéal an-bhinn ó Amhlaoibh Ua Luingsigh. Do sheinn an Timthire ar na píobaíbh Gaedhealacha, agus a dhearbhráthair ar bheidhlín. Annsoin do labhair an Tim- thire leis an sluagh agus do chuir sé 'n-a luighe ortha ná déanfadh sé an gnó dhóibh teacht go dtí feis agus Gaedhilg do labhairt ann gan í a labhairt sa bhaile leis an aos óg chomh maith, agus mórán rudhaí eile. Do thosnuigh an rinnce annsoin, acht ní fhéadfainn-se gach aon chasadh dar thugadar as soin amach d' innsint. Go mbadh seacht fearr do bheidh siad féin, agus an léightheóir, agus tusa, a Fhir Eagair, agus gan mé féin do dhearmhad nuair do bhéarad-sa ar mo pheann arís. PÚCA NA nADHARC. Mara n-ólfaidh an leanbh é, Ólfaidh an bhanartla é.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services