Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Feis Bhaile Mhúirne.

Title
Feis Bhaile Mhúirne.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 237


FEIS BHAILE MHÚIRNE.



Tháinig Lá Fhéile Stiopháin, agus i n-a fhochair feis na
leath-bhliadhna i mBaile Mhúirne. Bhí an lá an-bhreagh
agus do bhailligh na sluaighte de mhuinntir na paróiste
fé dhéin na feise; acht, cé go raibh mórán daoine
ann, ní raibh oiread iomaidhtheóirí ar fad ann agus ba
ghnáthach, agus dá dheascaibh sin ní raibh an fheis chomh maith
is do bhíodh sí bliadhanta eile. Bhí an halla bog-
líonta nuair do thosnuuigh an obair. Do labhair an
Dochtúir ag oscailt na feise. Annsoin do tháinig
iomaidheacht na bhfear chum amhráin do rádh. Bhí seach-
tar aca ann, agus iad go léir go maith. An té fuair
an chéad duais ba mhaith liom dá dtabharfadh sé níos
mó aire do sna foclaibh, agus gan bheith ag rádh "fóir"
i n-ionad "feór", agus gan a thuilleadh focla nuadha
gan bhrígh do cheapadh. Annsoin tháinig an aithriseóir-
eacht. Ní bheadh an iomaidheacht so acht cuimheasach,
muna mbeadh Conchubhair Ua Deasmhumhna do bhuaidh
an chéad duais. Go deimhin is é do chuir anam ins
an bhfeis go léir. Bhí ceathrar ban chum amhráin do
rádh, acht táid siad ag meath. Ní rabhadar leath
chomh maith agus ba ghnáth leó. Bhí cúigear chum
scéal cois teineeadh d'innsint. Ba dhóigh liom
fhéin gur cheart dóibh Amhlaoibh Ó Loingsigh bheith
aca i n-a mholtóir ar an gcomórtas so. Is
é thóg an chéad duais le dhá bhliadhain ag Feis
na Mumhan agus ag an Óireachtas, 's ní fuláir nó is é is
fearr do dhéanfadh moladh cois baile. Bheadh sé ion-
mholta do'n chraoibh leis, dar liom, gan na moltóirí
céadna do bheith aca i gcomhnuidhe.



Bhí iomaidheacht nua aca an turus so; is é sin
seinim ar fheadán. Bhí cúigear aca istigh air. Níor
dheineadar taithighe a ndóthain do'n cheól roimh ré,
cuid aca go háirithe acht i n-a dhiaidh sin níor ghearán-
ta ortha. Bhí an cor ceathrair go niamhrach. Bhí dhá
bhuidhin aca istigh air, agus do bhuaidh na páistí é. Bhí
an cor agus an port agus an cornphíopa go maith, acht
ná raibh acht triúr ag rinnce. Dob' aiteas leat
bheith ag féachaint ar an té bhuaidh an duais, garsún
óg, mac le Tadhg Ua Cruadhlaoich; acht bheadh brón
ort nuair chífeá gur do accordian do bhí sé ag
rinnce. Go deimhin ba cheart dhóibh é sin do dhóghadh
fad ó.



Is dócha go bhfuil tú cortha ag an gcunntas so, a
Fhir Eagair, agus tá an iomarca cnáimhseáil agam i
dteannta an chárnáin, acht ní'l cunntas na hoidhche
chomh dubhach soin. Bhí an Chuirm Cheóil ana-mhaith; bhí
an muinntir do bhuaidh duaiseanna san ló ar árdán
arís ist oidhche, agus i n-a theannta soin fuaramair
aithristheóireacht ó Mhicheál Ua Mhurchadha agus ó Dhonnchadh
Ua Laoghaire, Timthire Chonntae Chorchaighe; amhráin go
leór agus scéal an-bhinn ó Amhlaoibh Ua Luingsigh. Do
sheinn an Timthire ar na píobaíbh Gaedhealacha, agus a
dhearbhráthair ar bheidhlín. Annsoin do labhair an Tim-
thire leis an sluagh agus do chuir sé 'n-a luighe ortha ná
déanfadh sé an gnó dhóibh teacht go dtí feis agus Gaedhilg
do labhairt ann gan í a labhairt sa bhaile leis an aos
óg chomh maith, agus mórán rudhaí eile. Do thosnuigh an
rinnce annsoin, acht ní fhéadfainn-se gach aon chasadh
dar thugadar as soin amach d' innsint. Go mbadh seacht
fearr do bheidh siad féin, agus an léightheóir, agus tusa, a
Fhir Eagair, agus gan mé féin do dhearmhad nuair do
bhéarad-sa ar mo pheann arís.



PÚCA NA nADHARC.



Mara n-ólfaidh an leanbh é,
Ólfaidh an bhanartla é.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services