Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ardán na Gaedhilge - Drama Náisiúnta.
Title
Ardán na Gaedhilge - Drama Náisiúnta.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
ÁRDÁN NA GAEDHILGE. DRÁMANNA NÁISIÚNTA. Cé mhéad daoine bhí ag trácht ar rudaibh do bhain le drámannaibh chomh fada siar agus do bhí ann? Cé mhéad daoine bhí ag sgríobhadh go bríoghmhar nó go feargach i dtaoibh na rudaí céadna ó aimsir Aris- totle féin? Timcheall milliún is dóigh liom - ná bí ag ceapadh go bhfuilim ag magadh fút, óir 'sí an fhírinne ghlan a rádh nach bhfuilim. Dá mbéadh a leabhra agus a bpáipéirí bailighthe le chéile i mBaile Átha Cliath bhéadh carn uathbhásach ann ó Dhroichead Uí Chonaill go dtí "An Stad", agus bhéadh an carn soin chomh hárd leis an rud gránda ar a ngoirthear Columhan Nelson. Bhéadh roinnt de'n charn Gréagach, roinnt eile Gearmánach, roinnt eile Spáinneach, roinnt eile - acht is mithid dom stad. Dá mbéadh duine ann i n-ánn é léigheadh, is iongantach an díospóireacht agus an troid litiordha a bheadh roimhe i n-a sgrúdughadh. Acht, 'n-a dhiaidh sin a's uile, dubhairt na measadóirí litiordha nach bhfuil níos mó 'ná céad mór-dhráma 'san domhan ar fad! Ní dhearna a lán cainte aon mhaitheas gur fiú trácht air. Cumadh drámanna náisiúnta 'san nGréig níos mó 'ná dhá mhíle bliadhain ó shoin. Cumadh drámanna náisiúnta eile ar fud na hEurópa tar éis na haim- sire ar a ngoirghear an Renaissance. Bhí cogadh ar siubhal annso, agus bhí cogadh 'gá thuar annsúd, an t-am úd i nÉirinn, agus níorbh fhéidir léi a brigh mhór litiordha do leathanughadh amach. Acht ba thruagh an sgéal nach raibh 'san tír ó am go ham fir intleachtamhla i n-ánn drámanna breagha náisiúnta do chumadh. Chuirfidís spiorad nuadh ins na daoinibh ó Chúig Uladh go Cúige Mumhan; bhéidís níos fuinneamhla, níos tír-ghrádh- amhla, níos aontuighthe 'n-a dhiaidh sin. Tháinig an mí- ádh mór ar Éirinn 'nuair d'fhág a rí Teamhair. Brís- eadh a saoghal poloitidheachta an uair sin agus a saoghal intleachtamhuil chomh maith leis. Bhí a muinn- tir 'n-a n-amadáin a bheith faoi eagla roimh mhallacht Ruadháin. B'shin tosach fíor-tráighidheacht na hÉireann, ní hé amháin i rudaibh náisiúnta, acht i rudaibh intleachtamhla. Acht ní'l críoch an sgéil againn fós, buidheachas mór le Dia! Ní'l Éire caillte ar fad. Tá iomad slighe ann chum tír bhocht d'árdugadh, agus slighe aca is eadh drámanna náisiúnta. D'éirigh ádh mór le tírthibh 'san Eúróp - ó'n Danmarg go dtí an Ungáir - as drámannaibh náisiúnta aois nó dhá aois ó shoin. D'éirigh an t-ádh céadna leis an Ióruaidh 'n-ár n-aim- sir féin. Is léir go gcaithfidh Éire dul ar aghaidh mar an Danmarg agus an Ungáir. Tá drámanna náis- iúnta againn cheana, gíodh go bhfuilid gearr sim- plidhe féin. Acht b'fhéidir go mbéidh daoine ag rádh: "Ní'lmíd ag cumadh drámanna náisiúnta ar chor ar bith. Ní'l drámanna ga ndéanadh againn fá Bhrian, nó fá Shéafraidh Ua Donnchadha an Ghleanna, nó fá Aodh Ruadh, nó fá Sháirséal." Fanaidh go fóill, a cháirde! Beidh siad againn lá éigin, agus béidh siad níos breaghtha níos bríoghmhara 'ná is dóigh libh, b'fhéidir. I ndiaidh a chéile dhéantar na caisleáin. Acht céard iad drámanna náisiúnta? An riachtanach dóibh bheith fá thaoisighibh i gcomhnuidhe? Ní riachtanach. Is maith liom gach taoiseach crodha dar mhair i nÉirinn riamh; acht tá daoine eile ann. Chuir ár n-aithreacha an iomarca suime i dtaoisighibh. Cumhacht na náisiúin brigh, croidhthe, smaointe, anama, agus inntinní na náisiún, agus tá siad-san le fagháil go bríoghmhar imeasg na ndaoine i gcoitchionna. Beatha agus breagh- acht drámanna na gníomha móra agus na rudaí breagha eile idir chroidheamhlacht agus spiorad atá 'ga dtais- beáint i ndrámannaibh, agus táid-sean le fagháil i ngach fó-bhaile i nÉirinn. Acht beidh trácht againn ar an rud sin uair éigin eile. Ní'lmid acht ag tosnughadh i ndiu. Tá an dráma Gaedhealach mar leanbh fós, giodh go bhfuil sé
gasta, croidheamhuil, agus blas na nGaedheal agus brigh na bhfó-bhailte aige. Thug sé cuaird orainn i Lúnn- dun an oidhche fá dheireadh. Bhí fáilte agus fiche roimhe. "Lá na nAmadán" do bhí mar ainm air an turus sin. Baile Chensington ó thuaidh an áit i n-a raibh sé, agus bhíomar ag gáiridhe chomh fada agus do bhí sé le feic- sint. Tá eólus agaibh air, agus, dá bhrigh sin, ní gábhadh dham a thuilleadh do rádh 'n-a thaoibh. Acht cuir- im piochtúr chugaibh, chum taisbeánadh dhaoibh na daoine do chuir os ár gcomhair é. Ní raibh duine aca ag imirt ar árdán roimhe sin. Múinteóirí Chonnartha na Gaedhilge Lúnnduin cuid aca. Dalta an Chonnartha gach duine aca. Níor cheapamar go raibh árdán ar bith ann; do shaoilemar go raibh gach rud dár thuit amach dáríribh. Fá dheir- eadh bhí iongnadh orainn go rabhamar i halla mór i Lúnndun. Do shaoileamar go dtí sin go rabhamar i gCúige Mumhan. Faid saoghail chugat, a dhráma na nGaedheal! U. Ó R.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services