ÁRDÁN NA GAEDHILGE.
DRÁMANNA NÁISIÚNTA.
Cé mhéad daoine bhí ag trácht ar rudaibh do bhain
le drámannaibh chomh fada siar agus do bhí ann? Cé
mhéad daoine bhí ag sgríobhadh go bríoghmhar nó go
feargach i dtaoibh na rudaí céadna ó aimsir Aris-
totle féin? Timcheall milliún is dóigh liom - ná bí
ag ceapadh go bhfuilim ag magadh fút, óir 'sí an
fhírinne ghlan a rádh nach bhfuilim. Dá mbéadh a
leabhra agus a bpáipéirí bailighthe le chéile i mBaile Átha
Cliath bhéadh carn uathbhásach ann ó Dhroichead Uí
Chonaill go dtí "An Stad", agus bhéadh an carn soin chomh
hárd leis an rud gránda ar a ngoirthear Columhan
Nelson. Bhéadh roinnt de'n charn Gréagach, roinnt
eile Gearmánach, roinnt eile Spáinneach, roinnt eile
- acht is mithid dom stad. Dá mbéadh duine ann i
n-ánn é léigheadh, is iongantach an díospóireacht agus an
troid litiordha a bheadh roimhe i n-a sgrúdughadh. Acht,
'n-a dhiaidh sin a's uile, dubhairt na measadóirí
litiordha nach bhfuil níos mó 'ná céad mór-dhráma
'san domhan ar fad! Ní dhearna a lán cainte aon
mhaitheas gur fiú trácht air.
Cumadh drámanna náisiúnta 'san nGréig níos mó
'ná dhá mhíle bliadhain ó shoin. Cumadh drámanna
náisiúnta eile ar fud na hEurópa tar éis na haim-
sire ar a ngoirghear an Renaissance. Bhí cogadh ar
siubhal annso, agus bhí cogadh 'gá thuar annsúd, an t-am
úd i nÉirinn, agus níorbh fhéidir léi a brigh mhór litiordha
do leathanughadh amach. Acht ba thruagh an sgéal nach
raibh 'san tír ó am go ham fir intleachtamhla i n-ánn
drámanna breagha náisiúnta do chumadh. Chuirfidís
spiorad nuadh ins na daoinibh ó Chúig Uladh go Cúige
Mumhan; bhéidís níos fuinneamhla, níos tír-ghrádh-
amhla, níos aontuighthe 'n-a dhiaidh sin. Tháinig an mí-
ádh mór ar Éirinn 'nuair d'fhág a rí Teamhair. Brís-
eadh a saoghal poloitidheachta an uair sin agus a
saoghal intleachtamhuil chomh maith leis. Bhí a muinn-
tir 'n-a n-amadáin a bheith faoi eagla roimh mhallacht
Ruadháin. B'shin tosach fíor-tráighidheacht na
hÉireann, ní hé amháin i rudaibh náisiúnta, acht i
rudaibh intleachtamhla.
Acht ní'l críoch an sgéil againn fós, buidheachas
mór le Dia! Ní'l Éire caillte ar fad. Tá iomad
slighe ann chum tír bhocht d'árdugadh, agus slighe aca
is eadh drámanna náisiúnta. D'éirigh ádh mór le
tírthibh 'san Eúróp - ó'n Danmarg go dtí an Ungáir
- as drámannaibh náisiúnta aois nó dhá aois ó shoin.
D'éirigh an t-ádh céadna leis an Ióruaidh 'n-ár n-aim-
sir féin. Is léir go gcaithfidh Éire dul ar aghaidh
mar an Danmarg agus an Ungáir. Tá drámanna náis-
iúnta againn cheana, gíodh go bhfuilid gearr sim-
plidhe féin.
Acht b'fhéidir go mbéidh daoine ag rádh: "Ní'lmíd
ag cumadh drámanna náisiúnta ar chor ar bith. Ní'l
drámanna ga ndéanadh againn fá Bhrian, nó fá
Shéafraidh Ua Donnchadha an Ghleanna, nó fá Aodh
Ruadh, nó fá Sháirséal." Fanaidh go fóill, a cháirde!
Beidh siad againn lá éigin, agus béidh siad níos breaghtha
níos bríoghmhara 'ná is dóigh libh, b'fhéidir. I ndiaidh
a chéile dhéantar na caisleáin. Acht céard iad
drámanna náisiúnta? An riachtanach dóibh bheith fá
thaoisighibh i gcomhnuidhe? Ní riachtanach. Is maith
liom gach taoiseach crodha dar mhair i nÉirinn
riamh; acht tá daoine eile ann. Chuir ár n-aithreacha
an iomarca suime i dtaoisighibh. Cumhacht na náisiúin
brigh, croidhthe, smaointe, anama, agus inntinní na
náisiún, agus tá siad-san le fagháil go bríoghmhar
imeasg na ndaoine i gcoitchionna. Beatha agus breagh-
acht drámanna na gníomha móra agus na rudaí breagha
eile idir chroidheamhlacht agus spiorad atá 'ga dtais-
beáint i ndrámannaibh, agus táid-sean le fagháil i ngach
fó-bhaile i nÉirinn.
Acht beidh trácht againn ar an rud sin uair éigin
eile. Ní'lmid acht ag tosnughadh i ndiu. Tá an
dráma Gaedhealach mar leanbh fós, giodh go bhfuil sé
gasta, croidheamhuil, agus blas na nGaedheal agus brigh
na bhfó-bhailte aige. Thug sé cuaird orainn i Lúnn-
dun an oidhche fá dheireadh. Bhí fáilte agus fiche roimhe.
"Lá na nAmadán" do bhí mar ainm air an turus
sin. Baile Chensington ó thuaidh an áit i n-a raibh sé,
agus bhíomar ag gáiridhe chomh fada agus do bhí sé le feic-
sint. Tá eólus agaibh air, agus, dá bhrigh sin, ní gábhadh
dham a thuilleadh do rádh 'n-a thaoibh. Acht cuir-
im piochtúr chugaibh, chum taisbeánadh dhaoibh na
daoine do chuir os ár gcomhair é.
Ní raibh duine aca ag imirt ar árdán roimhe sin.
Múinteóirí Chonnartha na Gaedhilge Lúnnduin cuid
aca. Dalta an Chonnartha gach duine aca. Níor
cheapamar go raibh árdán ar bith ann; do shaoilemar
go raibh gach rud dár thuit amach dáríribh. Fá dheir-
eadh bhí iongnadh orainn go rabhamar i halla mór i
Lúnndun. Do shaoileamar go dtí sin go rabhamar i
gCúige Mumhan.
Faid saoghail chugat, a dhráma na nGaedheal!
U. Ó R.