Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Iománuidheacht lá Aonaigh na Bealtaine ar an Snaidhm.
Title
Iománuidheacht lá Aonaigh na Bealtaine ar an Snaidhm.
Author(s)
Ó Séaghdha, Pádraig,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
IOMÁNUIDHEACHT LÁ AONAIGH NA BEALTAINE AR AN SNAIDHM. Le breacadh an lae maidin tSamhraidh táimíd ag druideamhaint isteach go dtí Cuas na Péiste, le hais na Trágha Báine. Tá an uain go háluinn agus an t-uisce chomh sleamhain le cloich. Ó thárla ná fuil deabh- adh orainn, tá na maidí rámha sáidhte tras- na an bháid, a's í ag imtheacht anonn is anall 'san tsruth. Táimíd-ne ag luighe go suaimhneasach ar na tochtaíbh - sinn go léir ag caitheamh tobac, agus Domhnall Beag sínte thuas ar an riota a's é ag amhrán dúinn chomh binn le héan. Ar an dtaobh thoir tá an ghrian ag sáitheadh bior a cinn suas chomh leisceamhail sin go measfá ná raibh sí dúiste i gceart fós; acht, tar éis tamaill, glacann sí misneach agus lasann suas na cnoic is na sléibhte ar shlighe go bhfuil gach éin-nídh ar nóimint chomh buidhe le hór. Tá an drúcht agus an ceó ag éirighe suas leis, agus anois tá amharc glan romhainn amach. An bhfeacaidh éan-duine riamh radharc ní ba bhreaghtha! Ar gach taobh dhínn tá lámh Dé le feicsint go soiléir. Timcheall orainn tá na hoileáin ghlasa ag éirighe suas ó bhruach an uisce, na cairrgeacha ag lasadh fé sholus na gréine, gach aon chnocán ó Bharra na Trágha go dtí Póna na Stéige crón-dearg leis an bhfraoch, agus Peicín go hárd dtaobh thuas díobh ar fad, mar bheadh treóruidhe mór ag féachant go truaigh- mhéileach ar an sluagh fé thíos. Ar an dtaobh thiar, ag luighe isteach fé scáth an chnuic mhóir, tá An comhfhad le feicsin, agus é chomh ciúin suaimhneasach soin, ar maidin indiu, go measfá go bhfuil Cróchán naomhtha i n-a sheasamh ann arís, ag tabhairt a bhean- nacht uaidh ar an áit go léir timcheall. Ag féachaint soir ar an dtaobh eile de'n chnoc, tá Beárna na Gaoithe ag éirghe suas
go borb. Féach an casán ag teacht trasna i gcoinnibh an tsean-bhóthair. Ba mhinic is dócha do tháinig Diarmuid agus Gráinne amach tríd an mbeárnain chéadna, mar nach san nGleann Mór ar an dtaobh thall de'n chnoc do chaitheadar a saoghal an fhaid do bhíodar ar seachrán. An sean-bhóthar leis ag gabh- áilt ar soin soir is 'mdhó lá do thiomáin Domhnall Ua Conaill an tslighe sin agus é ag dul go Corcaigh. Tá an áit ar fad chomh háluinn aoibhinn is do gheobhthá 'san domhan go léir - radharc do thabharfadh chughat thar n-ais an sean-shaoghal, agus do thaispeánfadh go glan soiléir an deifir idir an aimsir sin agus an aimsir fé láthair. Iompuighmís ar an taobh eile anois, agus tá an fhairrge mhór rómhainn amach. Féach an cubhrán bán ag léimeadh suas go bog ar bhuilg Charraig an Chába, agus as soin siar, siar, an t-uisce go sleamhain suas go dtí Béara. Tá Cnuic Bhéara le feicsint lá geal mar é so. Tabhair fé ndeara an t-árdán ar an dtaobh thiar ar fad. Is minic do tháinig Ó Súil- liobháin Béara trasna an árdáin sin. Is minic do scaip sé sean-namhaid ár dtíre i measc na gcnoc céadna. Tá an mhaidin ag imtheacht uainn anois, agus le cúpla buille tá an bád ancaruighthe le hais an chuain. Ar theacht aníos dúinn sean-bhóthar na trágha chímíd an-shluagh daoine ag teacht ale an bóthar nua. Cad tá ar bun chomh luath so? nó cá bhfuil siad go léir ag dul? Ó! díreach, is é so Lá Aonaigh na Beal- taine ar an Snaidhm. Beidh lá áluinn aca go háirithe, agus ní baoghal ná go mbeidh greann agus díospóireacht ag na bhuachaillibh óga is na chailíníbh óga sula mbeidh an lá caithte. Féach! Nach é sin Micí an Píob- aire féin 'san trucail úd. Dar fiadh! níor bh'fhearra rud do dhéanfainís 'ná imtheacht soir ar ball. Cúpla uair 'n-a dhiaidh soin táimíd ag déanamh go tiubh ar an aonach. Anois ó táimíd ag Béal na Mainge, ní bheimíd i bhfad ag dul síos. Féach! tá an chathair le feicsint dtaobh thíos dínn. Nach deas cluthmhar atá sé istigh i measc an gcnoc! Táimíd ag tiomáint síos tré Shliabh Bhaile an Bhogaigh anois. Ní misde an ainm chéadna thabhairt air. Tabhair fé ndeara an dá árdán úd ar thaoibh do láimhe clé. Is- tigh 'san ngleann idir an dá árdán úd do rugadh Eoghan Ruadh. Ní fuláir nó do bhí sé go minic ar bharra na gcnoc úd. Ní hiongnadh go dtáinig an fhilidheacht go nádúrtha chuige. Tá an áit lán d'fhilidh- eacht, agus na srutháin ag bun na gcnoc ag seinnim gach uair 'sa' ló. 'Seadh, táimíd ar an aonach 'sa' deir- eadh. Tá na beithidhigh agus na capaill, na ceannuightheóirí agus na díoltóirí, na buach- aillí agus na cailíní go léir trí n-a chéile. Éist le fear na gcleas draoidheachta agus lucht clis na lúibe ag amhastraigh ar a chéile! Seo thíos bean an bhaifití, agus 'san taobh eile Tomás Mór le peall do phláinín bhreac. Tá gach éinne ag obair, agus gach éin- nídh go pléisiúrtha. Cá bhfuil an sluagh go léir ag dul anois? nó cad tá ar siubhal? Dar fiadh! níor chuimhnigheamar riamh air. Nach indiu do bheidh an iománuidheacht mhór idir mhuinntir Bheárnadh agus buachaillí an Chros-Bhóthair! Féach! nach 'in iad na hiom- ánuidhthe féin ag dul isteach an geata mór anois. Is iad go díreach, agus ní misde a rádh ná gur breagh an scata buachaillí iad. 'Seadh, táimíd 'san pháirc 'sa' deireadh. A Rígh na Meacan! ba dhóigh le duine go bhfuil an domhan go léir bailighthe isteach ann. Ní'l claidhe, ná scathán, ná gallán timcheall na háite ná fuil dubh leis an sluagh; sean-fhear annso ag cainnt le
cailín óg; buachaill beag ag caitheamh aim- sire le sean-mhnaoi; scata feirmeóirí ag cur tré n-a chéile mar gheall ar bharra na bliadhna so; sighneóirí ag déanamh tarraic le hais na chlaidhe; gach éinne ó'n sean- fhear liath go dtí an páiste ag caitheamh aimsire agus ag pléaracht le n-a chéile. Há! tá iománuidhthe an Chros-Bhóthair ag teacht amach. Cia an fear breagh árd ar deireadh? An é Tadhg Óg Ó Síothcháin é? Is é go díreach, agus go deimhin tá lá te i gcóir mhuinntir Bheárnadh ó tá Tadhg 'n-a gcoinnibh. Is truagh nár fhéad Domhnall Mór teacht leis an taobh eile. Ba bhreagh linn é fheicsint i gcoinnibh Thaidhg Óig. Acht éist! Cia hé seo ag rith chughainn anuas? Nach é Domhnall féin é! Mhaise, mo ghrádh go deó é - bhí fhios againn ná heiteóghadh sé sinn lá mar é so. Á! tá an báire ag tosnughadh. Tá Sean- Mhicheál ag dul isteach chum an liathróid do bhualadh suas. Féach! nach deas an buille thug sé dhí, agus nach éadtrom atá an t-aos a' luighe air! 'Seadh, 'sa deireadh tá an bual- adh ar siubhal. Is misneach mór ar mhuinn- tir Bheárnadh go bhfuil siad ag obair leis an árd. Im' basa beidh sé te. Éist, éist, éist! Tá sé istigh ar bhéal an chúil aca, an chéad ruith amach. Buail, buail, a rascail!' Á! faire, faire. Ba dhian an iarracht í, acht ní héin-ionntaoibh an lúbaire fáda úd ó Neidín. Tá sé ag bualadh go tiugh agus go trom. A Rígh na bhFeart! cé hé sin ag déanamh an ghnímh thall 'san díg! Féach! tá sé ag bualadh chomh tiugh le splannc. Anois beidh spórt againn - tá Domhnall Mór ag déan- amh air. Th'anam do'n donas! Tá siad i n-acharann 'n-a chéile! Fan, fan! - tá Domhnall faoi. Mhaise, mó ghreann go bráth thú, a Dhomhnaill! - ba dheas an iarr- acht í sin. Im' basa raghaidh Tadhg Óg abhaile go salach, ci'aca an mbeadh an buadh aca nó ná beidh. 'Seadh. Tá an obair go léir ar lár na páirce aca anois - is deas an scríob é sin! Á! tá Donnchadh Ruadh ag déanamh isteach ortha. Má fhaghann Donnchadh an chaoi air, cuirfidh sé ar siubhal é. Go réidh a Dhonnchadh - tá fear taobh thiar díot; sin é é. Buail anois, a dhiabhail! Mhaise, fad saoghail chughat! Is cruinn an buille atá agat, isteach go dtí béal an chúil díreach. Anois nó riamh! Sáith isteach é! Á - á - á! Ciach ar an liab soin! - tá an lá caillte aige. Ó! tá an fear réitigh ag feadaighil. Dar ndóigh, ní'l siad chum atharrughad chomh luath so. An diabhal! tá an leath-uair caithte go díreach, agus is baoghalach linn go mbeadh an lá leis na stróinséiribh, ó tá an t-árd leó an babhta so. Seo chum a chéile iad arís. Go ciúin a's go cruinn anois a bhuachaillí. Maith é sin, a Thomáis! Dar fiadh, ba bhreagh an buille é sin, ó Thadhg Óg! Éist - éist! tá na camáin i gcoinnibh a chéile. Brúscar, im' basa! - dhá chamán briste - b'éachtach an fuinneamh é! Caith isteach cúpla ceann eile chúcha! A Sheagháin, treasna díreach - tá Domhnall 'san chúinne thall. Im' basa, tá sé aige go daingean! Siar leis! Seo libh go léir! Caith isteach é i gan fhios dóibh. Anois buail go cruinn. Aililiú, a Phádraig, tá sé thart! Fan - tá Micheál 'dtaobh thiar de! Mhaise, m'anam mo chroidhe sibh! Tá sé istigh an nóimint deireannach léis! Tá an lá le muinntir Bheárnadh! Sin é an fear ag feadaíl arís. Ní'l acht deich mbliadhna imthighthe, agus táimíd ar Dhroichead na Snaidhme lá aon- aigh na Bealtaine arís. Is suarach an cruinniughadh atá ann seachas an lá eile úd.
Ní'l na buachaillí óga calma le feicsint indiu, agus ní chloisimíd na cailíní breaghtha dathamhla ag gáiridhe timcheall orainn. Cá bhfuil siad go léir imthighte? Mo chreach is mo chumhadh ar fad! Ní deacair freagradh do thabhairt ar an gceist sin. Tá siad i n-a ndeóruidhthibh bochta ar fuaid an domhain. Tá cuid aca ag déanamh go maith, agus cuid aca ag caill- eamhaint na sláinte i lár an ocrais agus an ghábhtair 'sna caithreachaibh móra mí-ádhmhar- acha atá scaipthe ar fuid tíre eile; agus, mo léan! tá mórán aca ag tabhairt an fhéir i bhfad ó n-a gcomhursain nádúrtha agus ó'n nduthaigh folláin i n-a rugadh iad. Ní hion- gnadh go bhfuil Éire bhocht go haindeis! Cathain a chuirfidh Dia an t-atharrughadh chughainn? Gluais. Builg, a treacherous sunken rock. Sighneóirí, fishermen who use a long net called a seine. Ag déanamh tarraic, making a haul. Pádraig Ó Séaghdha Craobh an Cliabhraigh, Áth Cliath.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services