IOMÁNUIDHEACHT LÁ AONAIGH NA
BEALTAINE AR AN SNAIDHM.
Le breacadh an lae maidin tSamhraidh
táimíd ag druideamhaint isteach go dtí
Cuas na Péiste, le hais na Trágha Báine.
Tá an uain go háluinn agus an t-uisce chomh
sleamhain le cloich. Ó thárla ná fuil deabh-
adh orainn, tá na maidí rámha sáidhte tras-
na an bháid, a's í ag imtheacht anonn is
anall 'san tsruth. Táimíd-ne ag luighe go
suaimhneasach ar na tochtaíbh - sinn go léir
ag caitheamh tobac, agus Domhnall Beag sínte
thuas ar an riota a's é ag amhrán dúinn
chomh binn le héan. Ar an dtaobh thoir tá
an ghrian ag sáitheadh bior a cinn suas chomh
leisceamhail sin go measfá ná raibh sí
dúiste i gceart fós; acht, tar éis tamaill,
glacann sí misneach agus lasann suas na
cnoic is na sléibhte ar shlighe go bhfuil gach
éin-nídh ar nóimint chomh buidhe le hór. Tá
an drúcht agus an ceó ag éirighe suas leis, agus
anois tá amharc glan romhainn amach.
An bhfeacaidh éan-duine riamh radharc ní
ba bhreaghtha! Ar gach taobh dhínn tá lámh
Dé le feicsint go soiléir. Timcheall
orainn tá na hoileáin ghlasa ag éirighe
suas ó bhruach an uisce, na cairrgeacha ag
lasadh fé sholus na gréine, gach aon chnocán
ó Bharra na Trágha go dtí Póna na Stéige
crón-dearg leis an bhfraoch, agus Peicín go
hárd dtaobh thuas díobh ar fad, mar bheadh
treóruidhe mór ag féachant go truaigh-
mhéileach ar an sluagh fé thíos. Ar an
dtaobh thiar, ag luighe isteach fé scáth an
chnuic mhóir, tá An comhfhad le feicsin, agus é
chomh ciúin suaimhneasach soin, ar maidin
indiu, go measfá go bhfuil Cróchán naomhtha
i n-a sheasamh ann arís, ag tabhairt a bhean-
nacht uaidh ar an áit go léir timcheall.
Ag féachaint soir ar an dtaobh eile de'n
chnoc, tá Beárna na Gaoithe ag éirghe suas
go borb. Féach an casán ag teacht trasna
i gcoinnibh an tsean-bhóthair. Ba mhinic is
dócha do tháinig Diarmuid agus Gráinne amach
tríd an mbeárnain chéadna, mar nach san
nGleann Mór ar an dtaobh thall de'n chnoc
do chaitheadar a saoghal an fhaid do bhíodar
ar seachrán. An sean-bhóthar leis ag gabh-
áilt ar soin soir is 'mdhó lá do thiomáin
Domhnall Ua Conaill an tslighe sin agus é ag
dul go Corcaigh. Tá an áit ar fad chomh
háluinn aoibhinn is do gheobhthá 'san domhan
go léir - radharc do thabharfadh chughat thar
n-ais an sean-shaoghal, agus do thaispeánfadh
go glan soiléir an deifir idir an aimsir
sin agus an aimsir fé láthair. Iompuighmís ar
an taobh eile anois, agus tá an fhairrge mhór
rómhainn amach. Féach an cubhrán bán ag
léimeadh suas go bog ar bhuilg Charraig an
Chába, agus as soin siar, siar, an t-uisce go
sleamhain suas go dtí Béara. Tá Cnuic
Bhéara le feicsint lá geal mar é so.
Tabhair fé ndeara an t-árdán ar an dtaobh
thiar ar fad. Is minic do tháinig Ó Súil-
liobháin Béara trasna an árdáin sin. Is
minic do scaip sé sean-namhaid ár dtíre
i measc na gcnoc céadna. Tá an mhaidin
ag imtheacht uainn anois, agus le cúpla buille
tá an bád ancaruighthe le hais an chuain.
Ar theacht aníos dúinn sean-bhóthar na
trágha chímíd an-shluagh daoine ag teacht
ale an bóthar nua. Cad tá ar bun chomh
luath so? nó cá bhfuil siad go léir ag dul?
Ó! díreach, is é so Lá Aonaigh na Beal-
taine ar an Snaidhm. Beidh lá áluinn aca
go háirithe, agus ní baoghal ná go mbeidh
greann agus díospóireacht ag na bhuachaillibh
óga is na chailíníbh óga sula mbeidh an lá
caithte. Féach! Nach é sin Micí an Píob-
aire féin 'san trucail úd. Dar fiadh! níor
bh'fhearra rud do dhéanfainís 'ná imtheacht
soir ar ball.
Cúpla uair 'n-a dhiaidh soin táimíd ag
déanamh go tiubh ar an aonach. Anois ó
táimíd ag Béal na Mainge, ní bheimíd i
bhfad ag dul síos. Féach! tá an chathair le
feicsint dtaobh thíos dínn. Nach deas
cluthmhar atá sé istigh i measc an gcnoc!
Táimíd ag tiomáint síos tré Shliabh Bhaile
an Bhogaigh anois. Ní misde an ainm
chéadna thabhairt air. Tabhair fé ndeara an
dá árdán úd ar thaoibh do láimhe clé. Is-
tigh 'san ngleann idir an dá árdán úd do
rugadh Eoghan Ruadh. Ní fuláir nó do bhí
sé go minic ar bharra na gcnoc úd. Ní
hiongnadh go dtáinig an fhilidheacht go
nádúrtha chuige. Tá an áit lán d'fhilidh-
eacht, agus na srutháin ag bun na gcnoc ag
seinnim gach uair 'sa' ló.
'Seadh, táimíd ar an aonach 'sa' deir-
eadh. Tá na beithidhigh agus na capaill, na
ceannuightheóirí agus na díoltóirí, na buach-
aillí agus na cailíní go léir trí n-a chéile.
Éist le fear na gcleas draoidheachta agus
lucht clis na lúibe ag amhastraigh ar a
chéile! Seo thíos bean an bhaifití, agus 'san
taobh eile Tomás Mór le peall do phláinín
bhreac. Tá gach éinne ag obair, agus gach éin-
nídh go pléisiúrtha. Cá bhfuil an sluagh go
léir ag dul anois? nó cad tá ar siubhal?
Dar fiadh! níor chuimhnigheamar riamh air.
Nach indiu do bheidh an iománuidheacht mhór
idir mhuinntir Bheárnadh agus buachaillí an
Chros-Bhóthair! Féach! nach 'in iad na hiom-
ánuidhthe féin ag dul isteach an geata mór
anois. Is iad go díreach, agus ní misde a rádh
ná gur breagh an scata buachaillí iad.
'Seadh, táimíd 'san pháirc 'sa' deireadh.
A Rígh na Meacan! ba dhóigh le duine go
bhfuil an domhan go léir bailighthe isteach
ann. Ní'l claidhe, ná scathán, ná gallán
timcheall na háite ná fuil dubh leis an
sluagh; sean-fhear annso ag cainnt le
cailín óg; buachaill beag ag caitheamh aim-
sire le sean-mhnaoi; scata feirmeóirí ag
cur tré n-a chéile mar gheall ar bharra na
bliadhna so; sighneóirí ag déanamh tarraic
le hais na chlaidhe; gach éinne ó'n sean-
fhear liath go dtí an páiste ag caitheamh
aimsire agus ag pléaracht le n-a chéile.
Há! tá iománuidhthe an Chros-Bhóthair ag
teacht amach. Cia an fear breagh árd ar
deireadh? An é Tadhg Óg Ó Síothcháin é?
Is é go díreach, agus go deimhin tá lá te i
gcóir mhuinntir Bheárnadh ó tá Tadhg 'n-a
gcoinnibh. Is truagh nár fhéad Domhnall
Mór teacht leis an taobh eile. Ba bhreagh
linn é fheicsint i gcoinnibh Thaidhg Óig. Acht
éist! Cia hé seo ag rith chughainn anuas?
Nach é Domhnall féin é! Mhaise, mo ghrádh
go deó é - bhí fhios againn ná heiteóghadh
sé sinn lá mar é so.
Á! tá an báire ag tosnughadh. Tá Sean-
Mhicheál ag dul isteach chum an liathróid do
bhualadh suas. Féach! nach deas an buille
thug sé dhí, agus nach éadtrom atá an t-aos a'
luighe air! 'Seadh, 'sa deireadh tá an bual-
adh ar siubhal. Is misneach mór ar mhuinn-
tir Bheárnadh go bhfuil siad ag obair leis
an árd. Im' basa beidh sé te. Éist, éist,
éist! Tá sé istigh ar bhéal an chúil aca, an
chéad ruith amach. Buail, buail, a rascail!'
Á! faire, faire. Ba dhian an iarracht í,
acht ní héin-ionntaoibh an lúbaire fáda úd
ó Neidín. Tá sé ag bualadh go tiugh agus go
trom.
A Rígh na bhFeart! cé hé sin ag déanamh
an ghnímh thall 'san díg! Féach! tá sé ag
bualadh chomh tiugh le splannc. Anois beidh
spórt againn - tá Domhnall Mór ag déan-
amh air. Th'anam do'n donas! Tá siad
i n-acharann 'n-a chéile! Fan, fan! - tá
Domhnall faoi. Mhaise, mó ghreann go
bráth thú, a Dhomhnaill! - ba dheas an iarr-
acht í sin. Im' basa raghaidh Tadhg Óg
abhaile go salach, ci'aca an mbeadh an buadh
aca nó ná beidh. 'Seadh. Tá an obair go
léir ar lár na páirce aca anois - is deas
an scríob é sin! Á! tá Donnchadh Ruadh
ag déanamh isteach ortha. Má fhaghann
Donnchadh an chaoi air, cuirfidh sé ar siubhal
é. Go réidh a Dhonnchadh - tá fear taobh
thiar díot; sin é é. Buail anois, a dhiabhail!
Mhaise, fad saoghail chughat! Is cruinn an
buille atá agat, isteach go dtí béal an
chúil díreach. Anois nó riamh! Sáith isteach
é! Á - á - á!
Ciach ar an liab soin! - tá an lá caillte
aige. Ó! tá an fear réitigh ag feadaighil.
Dar ndóigh, ní'l siad chum atharrughad chomh
luath so. An diabhal! tá an leath-uair
caithte go díreach, agus is baoghalach linn go
mbeadh an lá leis na stróinséiribh, ó tá an
t-árd leó an babhta so.
Seo chum a chéile iad arís. Go ciúin a's
go cruinn anois a bhuachaillí. Maith é sin,
a Thomáis! Dar fiadh, ba bhreagh an buille
é sin, ó Thadhg Óg! Éist - éist! tá na
camáin i gcoinnibh a chéile. Brúscar, im'
basa! - dhá chamán briste - b'éachtach an
fuinneamh é! Caith isteach cúpla ceann
eile chúcha! A Sheagháin, treasna díreach -
tá Domhnall 'san chúinne thall. Im' basa,
tá sé aige go daingean! Siar leis! Seo
libh go léir! Caith isteach é i gan fhios dóibh.
Anois buail go cruinn. Aililiú, a Phádraig,
tá sé thart! Fan - tá Micheál 'dtaobh thiar
de! Mhaise, m'anam mo chroidhe sibh! Tá
sé istigh an nóimint deireannach léis! Tá
an lá le muinntir Bheárnadh! Sin é an
fear ag feadaíl arís.
Ní'l acht deich mbliadhna imthighthe, agus
táimíd ar Dhroichead na Snaidhme lá aon-
aigh na Bealtaine arís. Is suarach an
cruinniughadh atá ann seachas an lá eile úd.
Ní'l na buachaillí óga calma le feicsint
indiu, agus ní chloisimíd na cailíní breaghtha
dathamhla ag gáiridhe timcheall orainn. Cá
bhfuil siad go léir imthighte?
Mo chreach is mo chumhadh ar fad! Ní
deacair freagradh do thabhairt ar an
gceist sin. Tá siad i n-a ndeóruidhthibh
bochta ar fuaid an domhain. Tá cuid aca
ag déanamh go maith, agus cuid aca ag caill-
eamhaint na sláinte i lár an ocrais agus an
ghábhtair 'sna caithreachaibh móra mí-ádhmhar-
acha atá scaipthe ar fuid tíre eile; agus, mo
léan! tá mórán aca ag tabhairt an fhéir i
bhfad ó n-a gcomhursain nádúrtha agus ó'n
nduthaigh folláin i n-a rugadh iad. Ní hion-
gnadh go bhfuil Éire bhocht go haindeis!
Cathain a chuirfidh Dia an t-atharrughadh
chughainn?
Gluais.
Builg, a treacherous sunken rock.
Sighneóirí, fishermen who use a long net called a
seine.
Ag déanamh tarraic, making a haul.
Pádraig Ó Séaghdha
Craobh an Cliabhraigh, Áth Cliath.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11