Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Scoil na Suadh - Aililiú na Gamhna.
Title
Scoil na Suadh - Aililiú na Gamhna.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Collector
Oisín
Contributor
Ó Séaghdha, Seaghán
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AILLILIÚ NA GAMHNA. Gléas Mí = A. Oisín do ghléas. I. Tráthnóinín aoibhinn 'smé thíos cois na buaille, Cé casfaidhe aníos chugham acht smíste duin' uasail; D'árduigh sé síos mé go híochtar na buainne, Is d'fhág sé mo chroidhe agus m'intinn go buadhartha. CURFÁ. Aililiú na gamhna, na gamhna bána; Aililiú na gamhna, na
gamhna b'iad a b'fhearr liom; Aililiú na gamhna, na gamhna geala bána; Na gamhna maidin Shamhraidh ag damhas ar na bánta. Gluais. - Tá "Mí," mar nóta duthchais ag an bport so; 'sé sin le rádh, go mbaineann sé leis an tríomhadh dréimre Ghaedhealach. Ní faghtar an nóta "Fá" ann i n-éanchor ach amháin i dtosach an churfá mar bhfuil sé mar "fo-nóta" (grace-note). Ba cheart do'n amhránuidhe anál do tharrac mar bhfuil an comhartha o (*) II. Is inghean d'aodhaire mé féinig gan amhras Do bhíodh 'n-a comhnuidhe cois taoibh na leamhna; Bhí bothán agam féin agus fuinneóg i gceann de, Faid a bhíodh an bainne 'g téigheadh 'gam 'seadh ghlaoidhfinn ar na gamhna. Aililiú! na gamhna, agus rl. III. D'árduigh sé síos mé go seomraidhe ciúine, An áit ná raibh acht trí staidhrí de staighríbh caola cumhanga; Do líonadh cupán téa chugham 's níor réitigh sé liom-sa, Do thuit sé uaim féinig 's do bhí an séiní n-a bhrúscar. Aililiú! agus rl. IV. Tógaidh uaim na húda so, tá mo ghlúine 'ca gearrtha 'Gus faghtar dom-sa gúna de dhuthchas mo mháithrín; Fallaing fhada fhlúirseach agus pumpa socair sásta Anairt leathan chiumhaiseach is na gamhna bheith láimh liom. Aililiú! agus rl. V. Faghtar dom canna, agus faghtar dom buarach, Is faghtar dom soightheach'n-a gcuirfead mo chuid uachtair Ceóltha sidhe na cruinne bheith dhá síor-chur im' chluasaibh, 'S gur bhínne liom-sa géimreach na mbó ag teacht chum buaile. Aililiú! agus rl. VI. Díth agus deacair ort, a chaille mhí-shásta, Agus gura seacht measa an té thug grádh dhuit; Nár fhág tú sa chúinne fé mar ba ghnáth leat, Is gúta ort go glúnaibh ag dúiseact na báiní. Aililiú! agus rl. VII. Cuirfidh mé síoda thiós agus thuas ort, Is ribíní dearga ag ceangal do chod' ghruaige; Cliabhán óir chun do leinbh do luascadh, Agus cead dul a chodhladh go socair le duine uasal. Aililiú! agus rl. VIII. Raghaimíd ar an aonach agus ceannóghaimíd gamhn. ann, 'Gus cuirfimíd ar féar iad amach ins na gleannta; Íosaid siad an fraoch agus bárr an aitinn gheamhraigh; Agus tiocfaid siad abhaile chum an bhainne 'gcóir an tSamhraidh. Is iad mo ghamhna na gamhna geala; 'S is iad mo ghamhna na gamhna breaca! Nuair a gheobhaid siad siar 'gus aniar an caladh Nár bh'fhearr leó 'n-a tráigh í 'ná 'n-a lán mara. Ó Sheaghán Ó Séaghdha, duine de sna seanchuidhthibh is fearr i nUíbh Ráthaigh is eadh fuaras an t-amhrán thuas. Oisín.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services