Gléas Mí = A. Oisín do ghléas.
I. Tráthnóinín aoibhinn 'smé thíos cois na buaille, Cé casfaidhe aníos chugham acht
smíste duin' uasail; D'árduigh sé síos mé go híochtar na buainne, Is
d'fhág sé mo chroidhe agus m'intinn go buadhartha.
CURFÁ.
Aililiú na gamhna, na gamhna bána; Aililiú na gamhna, na
gamhna b'iad a b'fhearr liom; Aililiú na gamhna, na gamhna geala bána; Na
gamhna maidin Shamhraidh ag damhas ar na bánta.
Gluais. - Tá "Mí," mar nóta duthchais ag an bport so; 'sé sin le rádh, go mbaineann sé leis an
tríomhadh dréimre Ghaedhealach. Ní faghtar an nóta "Fá" ann i n-éanchor ach amháin i dtosach an churfá mar
bhfuil sé mar "fo-nóta" (grace-note). Ba cheart do'n amhránuidhe anál do tharrac mar bhfuil an comhartha
o (*)
II.
Is inghean d'aodhaire mé féinig gan amhras
Do bhíodh 'n-a comhnuidhe cois taoibh na leamhna;
Bhí bothán agam féin agus fuinneóg i gceann de,
Faid a bhíodh an bainne 'g téigheadh 'gam 'seadh
ghlaoidhfinn ar na gamhna.
Aililiú! na gamhna, agus rl.
III.
D'árduigh sé síos mé go seomraidhe ciúine,
An áit ná raibh acht trí staidhrí de staighríbh caola
cumhanga;
Do líonadh cupán téa chugham 's níor réitigh sé
liom-sa,
Do thuit sé uaim féinig 's do bhí an séiní n-a
bhrúscar.
Aililiú! agus rl.
IV.
Tógaidh uaim na húda so, tá mo ghlúine 'ca gearrtha
'Gus faghtar dom-sa gúna de dhuthchas mo mháithrín;
Fallaing fhada fhlúirseach agus pumpa socair sásta
Anairt leathan chiumhaiseach is na gamhna bheith láimh
liom.
Aililiú! agus rl.
V.
Faghtar dom canna, agus faghtar dom buarach,
Is faghtar dom soightheach'n-a gcuirfead mo chuid
uachtair
Ceóltha sidhe na cruinne bheith dhá síor-chur im'
chluasaibh,
'S gur bhínne liom-sa géimreach na mbó ag teacht
chum buaile.
Aililiú! agus rl.
VI.
Díth agus deacair ort, a chaille mhí-shásta,
Agus gura seacht measa an té thug grádh dhuit;
Nár fhág tú sa chúinne fé mar ba ghnáth leat,
Is gúta ort go glúnaibh ag dúiseact na báiní.
Aililiú! agus rl.
VII.
Cuirfidh mé síoda thiós agus thuas ort,
Is ribíní dearga ag ceangal do chod' ghruaige;
Cliabhán óir chun do leinbh do luascadh,
Agus cead dul a chodhladh go socair le duine uasal.
Aililiú! agus rl.
VIII.
Raghaimíd ar an aonach agus ceannóghaimíd gamhn.
ann,
'Gus cuirfimíd ar féar iad amach ins na gleannta;
Íosaid siad an fraoch agus bárr an aitinn
gheamhraigh;
Agus tiocfaid siad abhaile chum an bhainne 'gcóir an
tSamhraidh.
Is iad mo ghamhna na gamhna geala;
'S is iad mo ghamhna na gamhna breaca!
Nuair a gheobhaid siad siar 'gus aniar an caladh
Nár bh'fhearr leó 'n-a tráigh í 'ná 'n-a lán mara.
Ó Sheaghán Ó Séaghdha, duine de sna seanchuidhthibh is
fearr i nUíbh Ráthaigh is eadh fuaras an t-amhrán thuas.
Oisín.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11